Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 23 go dtí Ceist a 29 le chéile.
Seo a leanas an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra Éireann i dtaobh líon na dtionscal a bhí á reachtáil ag Gaeltarra nó ina raibh scaireanna ag Gaeltarra, agus tionscail seirbhíse agus gairneoireachta san áireamh, nó ina raibh foirgnimh ar cíos ó Ghaeltarra. Bhí na tionscail uile ag feidhmiú go lánaimsireach ach amháin na cásanna seo a leanas atá ag feidhmiú go lánaimsireach arís faoi láthair:
—ar na tionscail nach raibh ag obair go lánaimsireach bhí ceann amháin i gCo. Dhún na nGall a bhí ar sheachtain oibre trí lá ar 31 Márta, 1975,
—cuid amháin de thionscal i gCo. Mhaigh Eo a bhí ar sheachtain oibre trí lá ar 31 Márta, 1975, agus
—trí óstán i gCo. Chiarraí nach mbíonn ar oscailt ar 31 Márta.
Contae
|
An lío n ar 31 Márta
|
|
1973
|
1974
|
1975
|
Dún na nGall
|
9
|
11
|
12
|
Maigh Eo
|
3
|
4
|
6
|
Gaillimh
|
11
|
13
|
17
|
Ciarraí
|
8
|
10
|
11
|
Corcaigh
|
3
|
5
|
5
|
Port Láirge
|
—
|
—
|
—
|
An Mhí
|
—
|
1
|
1
|
Iomlán
|
34
|
44
|
52
|
|
|
|
|