Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Jul 1975

Vol. 283 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas Óstáin.

4. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é an dáta a ceadaíodh deontas don óstán sa Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe; agus cén uair a tógadh an t-óstán.

I mí an Mheithimh, 1973, thug mé cead do Ghaeltarra Éireann chun scaireanna a ghlacadh i gcomhlacht nua "Teachíní Chonamara Teoranta". Mar chuid de mhaoin an chomhlachta sin bhí óstán ar an gCeathrú Rua a tógadh sna blianta 1968 go 1970 agus ar cheadaigh mo Roinnse deontas forlíontach ina leith i mí na Nollag, 1968.

An abróidh an tAire go bhfuil deontaisí le fáil anois óna Roinn do thithe ósta nua nó do thithe ósta ar mian leo feabhsúcháin nó leathnú a dhéanamh?

Sin ceist eile ach ba mhaith liom an t-eolas a thúirt don Teachta. Tá deontaisí mar sin le fáil ó mo Roinn, deontaisí chun óstáin nua a thógáil agus chun feabhsúcháin nó deisiúcháin a dhéanamh. Tá siad sin le fáil ach braitheann na deontaisí sin ar Bhord Fáilte.

Ós rud é nach bhfuil Bord Fáilte ag túirt deontaisí do thithe ósta ar bith, níl sé fíor a rá go bhfuil deontaisí ar fáil ó Roinn na Gaeltachta. Má thugann Bord Fáilte deontaisí do thithe ósta tabharfaidh Roinn na Gaeltachta deontaisí breise ach níl Bord Fáilte ag túirt deontais ar bith. Agus nach bhfuil sé fíor a rá nach bhfuil deontaisí ar bith á dtúirt ag Roinn na Gaeltachta?

Baineann an cheist seo le hóstán ar an gCeathrú Rua.

Is féidir liom a rá gur ceist do Bhord Fáilte ceist fhorbairt na cuartaíochta mór-thimpeall na tíre ach tuigimse go bhfuil deontaisí ar fáil ó Bhord Fáilte faoi láthair chun feabhsúcháin agus deisiúcháin óstán a dhéanamh.

An féidir leis an Aire ainm an óstáin a thúirt dúinn?

Óstán Ceathrú Rua a thugtar air ach tá comhlacht nua ann anois. Tá an t-óstán faoi chomhlacht nua.

An fíor gur tógadh agus gur osctaíodh an teach ósta seo sul ar toghadh an tAire mar Aire na Gaeltachta?

Mar a thuigimse an scéal tógadh an t-óstán seo i 1968. Fuair an comhlacht a bhí ann ansin na gnáth-dheontaisí ó mo Roinnse ach i mí Meithimh tharla fadhbanna agus thóg Gaeltarra Éireann scaireanna de bhreis ar £63,000 sa chomhlacht nua ar an gcéad lá de Mheitheamh, 1973.

Sa bhfreagra a thug an tAire don Dáil ar cheisteanna a bhí síos agam féin agus ag Teachtaí eile roint seachtain ó shin, an bhfuil sé fíor gur luaigh sé sa liosta fada sin an teach ósta seo agus gur chuir an freagra mar a bhí sé scríofa in iúl don Teach gur cuireadh an rud seo ar bun ó tháinig sé in oifig?

Cén fáth nach ndearna an tAire an scéal go soiléir ag an am sin don Teach gur tógadh an teach ósta seo i 1968 mar adeireann sé anois agus go raibh deontaisí fáite ag an teach ósta blianta fada ó shin faoi Rialtas Fhianna Fáil, go raibh an teach ósta oscailte agus go raibh sé á riaradh le roint mhaith blianta sul ar tháinig an tAire in oifig ar chor ar bith? Tá an tAire tar éis a rá anois go bhfuil £63,000 curtha ar fáil de bharr cúrsaí áirithe. An bhféadfadh an tAire na cúiseanna sin a thúirt don Teach?

Tá an freagra simplí. I 1973 bhí an t-óstán seo ar díol. It was for sale. Chuaigh Gaeltarra Éireann i bpáirt i gcomhlacht nua agus ón eolas atá agamsa bhí i gceist ag Gaeltarra Éireann an t-óstán seo a choiméad mar óstán Gaeltachta.

Ceist a 5. Caithfimid dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile.

Tá áthas orm a rá go bhfuil an teach ósta oscailte i gcónaí agus go bhfuil sé ag leanúint ar aghaidh agus go bhfuil sé ar fáil do thurasóirí ach nach gceapann an tAire gur aisteach an rud é gur cuireadh deontas ar fáil timpeall 1968 agus ansin tháinig an tAire in oifig agus cheannaigh sé an teach ósta seo le hairgead an Stáit a bhí caite roimhe sin——

Ceist le do thoil.

——chun é a thógáil?

Is oth liom a rá gur theip ar an óstán sin. An bhfuil an Teachta á rá nach raibh an ceart againn é a choiméad mar óstán Gaelach in ionad é a dhíol le daoine thar lear?

Níl aon ghearán agamsa nó ag Fianna Fáil mar gheall air sin. Tá áthas orainn go bhfuil an teach ósta ar oscailt. Tá sean-aithne againn air agus táimid an-shásta leis. Cuireann sé ionadh orainn gur rinne an tAire iarracht a chur in iúl don Dáil gur rud é seo a chuir sé féin ar bun.

Top
Share