d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ainm chuile chomhlacht i mbun oibre i nGaeltacht na Gaillimhe ar tar éis an 14 Márta, 1973 a rinneadh monarcha nua dó agus ar tar éis an 14 Márta, 1973 a cheadaigh Bord Ghaeltarra Éireann deontas ina leith; agus, i ngach cás, an inseoidh sé cé mhéad duine a bhí ag obair an 31 Nollaig, 1973, an 31 Nollaig, 1974 agus ar an data is deireanaí atá ar eolas i 1975.
Written Answers. - Gnóthais Ghaeltacht na Gaillimhe.
Le cead an Cheann Comhairle cuirfear an t-eolas timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.
SEO a leanas an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra Éireann maidir le gnóthais i mbun oibre i nGaeltacht na Gaillimhe ar tar éis 14 Márta, 1973 a ceadaíodh cabhair chun foirgnimh nua, a tógadh ó shin, a chur ar fáil dóibh.
Líon na bhfostaithe ar |
||||
Áit |
Ainm |
31/12/73 |
31/12/74 |
30/6/75 |
Na Forbacha |
Ríomhaire Teo |
— |
30 |
24 |
Ros an Mhíl |
Oisrí Teo. |
— |
— |
— |
Carna |
Beirtreach Teo |
— |
— |
6 |
Inis Mór |
Seoda Astrid Teo. |
— |
11 |
22 |
An Cheathrú Rua |
Stocaí Teo. |
— |
— |
7 |
,,,,,, |
P. Mac Oireachtaigh |
2 |
3 |
3 |
Indreabhán |
Clólann Chois Fharraige Teo |
4 |
6 |
10 |
,, |
M. Ó Cualáin |
1 |
1 |
1 |
An Spidéal |
M. Ó Féinneadha |
4 |
9 |
12 |
,, |
S. Ó Máirtín |
— |
— |
— |
An Mám |
D. Mac Eanraic |
1 |
1 |
3 |
,, |
Hans Werner Meis |
— |
— |
3 |
Corr na Móna |
Muintir Uí Thuairisc |
2 |
3 |
2 |
,,,,,, |
S. Ó Maoildhia |
1 |
1 |
1 |
Maigh Cuilinn |
Criostal Ceilteach |
3 |
5 |
8 |
,,,, |
P. Casbeirn |
2 |
5 |
2 |
,,,, |
B. Ó Fatharta |
1 |
2 |
2 |
Cásanna inar críochnaíodh foirgnimh nua atá sa liosta sin. Tá cásanna eile i nGaeltacht na Gaillimhe freisin inar ceadaíodh cabhair tar éis 14 Márta, 1973 do leathnúcháin a críochnaíodh ó shin agus do thógáil atá ar siúl fós.