d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé beartaithe uasmhéid na ndeontas do mhiontionscail Ghaeltachta a ardú mar gheall ar dhíluachadh an airgid.
Written Answers. - Miontionscail Ghaeltachta.
180. D'fhiafraigh
Níl uasteorainn reachtúil leis na deontais sin: is amhlaidh a bhíonn údarás uaimse, le toiliú an Aire Airgeadais, ag teastáil ó Ghaeltarra Éireann do shuimeanna thar £5,000. Thug mé údarás ginearálta do Ghaeltarra anuraidh do dheontais suas go £40,000 agus, aon uair is mian le Gaeltarra deontas níos airde ná sin a mholadh in aon chás ar leith, bím sásta an eás a bhreithniú go báúil.