Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Dec 1975

Vol. 286 No. 12

Written Answers. - Monarchan i dTír Chonaill.

181. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é an fáth nár tugadh deontas do dhuine (ainm tugtha) i leith na monarchan a thóg sé i nGaeltacht Thír Chonaill; agus cé acu a thabharfar deontas anois nó cad is gá a dhéanamh leis na deontais a fháil.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur thug siad deontas don duine sin agus go raibh siad sásta an deontas a mhéadú dá nglacfadh sé le moltaí a rinne comhairleoirí neamhspleácha.

Top
Share