Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Feb 1976

Vol. 287 No. 10

Written Answers. - Scoil Dhoire Bhó Riada.

67. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cé mhéid airgid a caitheadh ar fheabhsúcháin ar scoil Dhoire Bhó Riada i nGaeltacht Chonamara i 1973, 1974 agus 1975.

Níor caitheadh airgead ar bith i bhfoirm deontas Stáit ar fheabhsúcháin ar scoil náisiúnta Dhoire Bó Riada sna blianta 1973, 1974 agus 1975.

68. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén feabhas a cuireadh ar an scoil náisiúnta i nDoire Bhó Riada, i nGaeltacht Chonamara le gairid; agus an bhfuil sé sásta gur leor an obair a rinneadh, go bhfuil an córas uisce agus séarachais sa scoil sláintiúil do na daltaí agus gur leor an méid feabhais a rinneadh.

Ní heol dom gur cuireadh feabhas ar bith ar scoil náisiúnta Dhoire Bó Riada le gairid, ó thaobh stáid an tí scoile nó a thimpeallachta.

Tairgeadh deontas Stáit sa bhliain 1974 i leith costais scéim miondeisiúchán ar an scoil, ar bhonn dhá dtrian den chostas. Tuigtear dom nach rabhthas ábalta go dtí seo conraitheoir a fháil leis an obair a ghlacadh as lámhaibh.

69. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist ag a Roinn an scoil náisiúnta i nDoire Bhó Riada i nGaeltacht Chonamara a dhúnadh ar fad.

Níl sé i gceist faoi láthair scoil náisiúnta Dhoire Bhó Riada a dhúnadh ar fad. Tá scoil nua á thógáil, áfach, ag an Sraith Salach agus nuair a bheidh an scoil sin réidh beidh sé rogha ag tuistí scoilcheantair Dhoire Bhó Riada a bpáistí a chur go dtí an scoil nua nó a choinneáil i scoil Dhoire Bhó Riada.

Top
Share