d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a d'íoc Gaeltarra Éireann le Soltoys Teo. ó Aibreán, 1973, go 31 Eanáir, 1976.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Soltoys Teo.
I mí Feabhra, 1973, mhol Bord Gaeltarra Éireann
—go mbunófaí comhlacht i gcomhar le Solus Teoranta chun tionscal na mbréagán sa Spidéal agus i gCroithlí a reachtáil agus táirgí plaisteacha a dhéanamh,
—go ligfí sócmhainní an tionscail ar leas leis an gcomhlacht nua, agus
—go n-íocfadh Gaeltarra (a) £4,160 ar 26 faoin gcéad de na gnáth-scaireanna sa chomhlacht, (b) deontais thart ar £24,000 chun innealra breise a fháil don chomhthionscal, agus (c) deontas nach rachadh thar £120,000 mar chabhair chun caillteanais trádála an chomhthionscail sna blianta tosaigh a ghlanadh.
Tar éis comhairle an Aire Tionscail agus Tráchtála a fháil thoiligh mé leis an togra sin. Soltoys Teoranta a tugadh ar an gcomhlacht nua.
Tuigim ó Ghaeltarra gur íocadh suimeanna faoi mar atá luaite agam leis an gcomhlacht agus gurbh iad na deontais a íocadh ná (b) £24,459 agus (c) £119,998.
I rith na bliana 1975, nuair a bhí ganntanas airgid ag cur as do Sholtoys Teoranta, thoiligh mé le togra go nglacfadh Gaeltarra luach £115,000 de scaireanna tosaíochta sa chomhlacht agus rinneadh amhlaidh.
Socrú sealadach ar bhonn trialach a rinne Gaeltarra le Solus Teoranta. Níor éirigh go maith leis an triail agus ó thús na bliana 1976 is faoi bhainistiocht Ghaeltarra féin atá an tionscal agus tá atheagrú déanta air—faoi mar a mhínigh mé ar an 24 Feabhra.
Cén fá ar íocadh £119,000 ar dtús agus annsin £115,000?
An £119,000, ba iad sin deontais chun an caillteanas trádála a íoc. Mar a dúirt mé an tseachtan seo caite, bhí caillteanas trádála ann sna da bhlian atá i gceist. Is é an caiteachas a bhí ann ná £194,000 agus thug Gaeltarra Éireann £119,000 agus £98,000, beagnach £120,000 mar cabhair chun an caillteanas trádála a íoc. An £115,000, séard tá i gceist annsin ná scaireanna tosaíochta, nó preference shares.
Cén fá ar íocadh é?
Is dócha go raibh fadhb faoi geanntanas airgid ann agus íocadh an £115,000 sna scairanna tosaíochta.
Deireann an tAire gur íocadh £235,000 as ucht caillteanas, ach sa Dáil an tseachtain seo caite duirt sé gur íocadh £67,000 bliain amhain agus £56,000 bliain eile, sé sin, £193,000. Anois deireann an tAire gur íocadh i bhfad níos mó ná sin?
Thug mé na figiúrí a bhí ag teastáil ón Teachta an tseachtain seo caite i dtaobh an méid a íoc Gaeltarra Éireann go dtí deireadh Mí Eanáir. B'fhéidir go bhfuil suimeanna eile i gceist go fóill. Níl mé cinnte.