Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 11 Mar 1976

Vol. 288 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Departmental Staff Vacancies.

4.

andMr. Power asked the Minister for the Gaeltacht the number of staff vacancies in his Department on 1st January, 1976.

Sé fholúntas a bhí le líonadh ar fhoireann mo Roinne ar 1 Eanáir, 1976. Líonadh folúntas amháin ó shin agus tá socruithe idir lámha chun na cinn eile a líonadh a luaithe is féidir.

Ar mhiste leis an Aire a rá céard é fá na moille maidir le líonadh na bpost eile?

Ceist do Choimisiún na Stáit Sheirbhíse í sin.

An bhfuil an Aire ag rá go mbaineann aon mhoill atá ann leis na daoine sin?

Tá fonn mór ormsa na postanna a líonadh. Foireann anbheag atá agamsa i Roinn na Gaeltachta agus tá mé ag brú ar an Choimisiún beagnach gach seachtain na postanna a líonadh.

I measc na bpostanna a luaigh an Aire bhfuil postanna i gcóir cigirí títhíochta á gceapadh do Contae na Gaillimhe?

An Mháirt seo caite bhí ceist síos ag an Teachta Geoghegan-Quinn agus thug mé freagra di. Níl an t-eolas sin agam anois.

Nach cuimhin leis an Aire cén eolas a bhí ann?

Faoi fholúntas cigirí tí a bhí sé agus do thug me an freagra mar freagra scríofa. Ceann den chéad folúntas sea cigire tí agus tá an post sin in áireamh anseo i measc na sé cinn. Bhí ceist i leith agam ón Teachta Geoghegan-Quinn i dtaobh cigirí tí do Chontae na Gaillimhe.

An bhfuil fhios ag an Aire nach bhfuil ach an t-aon cigire amháin le haghaidh Maigh Eo agus Gaillimh, cé go raibh trí cigirí sa cheantar sin i 1972, agus nach bhfuil an fear amháin in ann coinneáil suas leis an obair agus go bhfuil an scéal ar fad trí na céile agus nach bhfuil éinne in ann aon sásamh a fháil, go háirithe an fear é féin? An bhfuil sé beartaithe ag an Aire beirt eile a cheapadh——

Mar dúirt me, thug mé an t-eolas sin do Theachta eile cúpla lá ó shin. Tá sochrú idir lámha na postanna a líonadh a luaithe is féidir.

Dá phosta do Ghaillimh?

Post cigire agus post maor tí—grád chigire agus grád mhaor.

Questions Nos. 5 to 8, inclusive, postponed.

9.

andMr. Power asked the Minister for Lands the number of staff vacancies in his Department on 1st January, 1976.

, Cavan): The number of vacancies on the staff of the Department varies from day to day, but at 1st January, 1976, there were 25 vacancies in general service and departmental grades and 31 in technical grades.

Top
Share