Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Mar 1976

Vol. 289 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord Forbartha an Iarthair.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí cén dul chun cinn atá déanta aige le Bord Forbartha an Iarthair a chur i bhfeidhm.

10.

Mr. Kitt

asked the Minister for the Public Service the present position regarding the western development board; and the implication for various agencies, authorities and local bodies when this board is set up.

Le cead an Cheann Comhairle tá ar intinn agam Ceisteanna Uimhir a 9 agus a 10 a thógaint le chéile.

Tá eagraíocht agus leagan amach Bhord Forbartha an Iarthair á iniúchadh faoi láthair ag na Ranna lena mbaineann an scéal roimh dhul i gcomhairle leis na dreamanna a bhfuil spéis acu sa ghnó seo. I láthair na huaire, ní féidir a rá cén tionchar a bheidh ag an mBord ar na gníomhaireachtaí, udaráis agus eagraíochtaí áitiúla éagsúla. Faoi dheireadh, braitheann sé seo ar na cumhachtaí agus feidhmeanna a dháilfear ar an mBord.

An fédir leis an Rúnaí Parlaiminte a chur in iúl dúinn céard iad na dualgaisí a bheidh ar an mbord agus cén chumhacht a bheidh ag an mbord chun na dualgaisí a chomhlíonadh?

Mar adúirt mé sa bhfreagra, a Theachta, tá an scéal á phlé faoi láthair ag na Ranna éagsúla le trí mhí anuas agus nuair a thiocfaidh an scéal thar n-ais óna Ranna sin beidh mé ábalta freagra cruinn a thabhairt. Ag an bpointe seo nílim ábalta an freagra seo a thabhairt.

(Cur isteach.)

Tá tú ag cruthú gó maith.

An raibh aon teagmháil ag an Rúnaí Parlaiminte le Córas Iompar Éireann? An mbeidh seribhís phoiblí agus córas iompair is tráchta le fáil nó an mbeidh gá leis an rud sin?

Nílim ábalta an cheist sin a fhreagairt inniu mar tá an scéal a phlé faoi láthair ag na Ranna éagsúla. Cinnte, tá baint ag an Aire Iompair agus Cumhachta agus ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh leis an scéal. Caithfimid an t-eolas go léir a bhailiú le chéile agus féachaint ar an scéal ansin.

An bhfuil aon fhigiúr ag an Rúnaí Parlaiminte chun a chur in iúl dúinn cé mhéid airgid a bheidh ag teastáil ón Rialtas chun an bord seo a chur ar fáil? Cathain a chuirfidh sé a smaointe os comhair na Dála?

Braitheann sé sin ar na Ranna éagsúla. Ní féidir liom freagra cruinn a thúirt don Teachta gan fhios agam cad tá á lorg ag na Ranna seo.

Dé bhrí go mbeidh fó-thoghachán i gContae Dhún na nGall, an féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a rá an mbeidh aon bhord forbartha le cur ann?

Ní féidir liom an cheist sin a fhreagairt.

(Cur isteach.)

Mr. Kitt

I would like to ask the Minister if he is aware that because of lack of consultation between the Government, the local authorities and various bodies and agencies, there is now a fear that the setting up of this board will result in further drastic reductions in local government allocations—for example, to local authorities? Would the Parliamentary Secretary care to comment on this?

I think the Deputy is referring to something he does not understand, because the purpose of the board will be to co-ordinate the activities of all the different bodies that are there already. That is why I am waiting for the report back from the various Government agencies.

Would the Minister say——

I am calling the next question. I have been compelled to go back on a question.

This is the second question on No. 11.

I have allowed a long series of questions. Is the Deputy on question No. 10 or No. 11?

No. 11. I am sorry, question No. 10.

I am asking the Minister to repeat that question.

With your permission, a Cheann Comhairle, I propose to take Question Nos. 11 and 12 together.

On a point of order. I have suffered a lot at the hands of the Chair. I want to ask a question of the Parliamentary Secretary on question No. 10.

You said No. 11. I misunderstood the Deputy. I thought he said No. 11.

I made a mistake and I asked for a supplementary on question No. 10. In his answer to Deputy Kitt the Parliamentary Secretary said it had nothing to do with money, that it was to co-ordinate existing services. The important thing is how much this board is going to get. Are we going to get extra money for this board or is it just another committee to co-ordinate what is already there without money?

Of course money will be needed to operate it.

But how much money?

I cannot give the costings of a board that is not already set up.

Top
Share