Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 Mar 1976

Vol. 289 No. 5

Written Answers. - Comharchumainn Ghaeltachta.

118. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad comharchumann atá ag obair sa Ghaeltacht; agus cé mhéad díobh atá ag fáil deontas banistíochta óna Roinn.

Tá breis agus scór comharchumann ag obair ar fud na Gaeltachta agus tá deontais éagsúla íoctha ag mo Roinnse le 21 díobh. Tá deontais bhainistíochta íoctha le 12 chomharchumann agus ceadaithe de chúpla ceann eile.

Top
Share