Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Apr 1976

Vol. 289 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhís Inseamhnú Saorga Chonamara.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé deontas chun seirbhís inseamhnú saorga a choimeád ar siúl i nGaeltacht Chonamara tar éis an 1 Bealtaine 1976.

Táim i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh i dtaobh na seirbhíse sin.

Bhí an tAire sa Teach cúpla nóiméad ó shin nuair a dúirt an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh nach raibh suim aige féin aon rud a dhéanamh leis an seirbhís inseamhnú saorga seo a choinneáil ar siúl i nGaeltacht Chonamara. Ní thuigim cén fáth mar sin go bhfeadfadh an tAire a rá anois go bhfuil comráití ar síul idir é féin agus an tAire muna bhfuil an tAire eile sásta. An bhfuil tusa sásta, a Aire?

Mar is eol don Teachta—agus tá mé cinnte go nglacfaidh an Teachta an méid sin uaim— go bhfuil mise mar Aire na Gaeltachta freagarthach do na ceantair Ghaeltachta amháin ach mar a mhínigh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh cúpla nóiméad ó shin nuair a bhí sé ag plé na ceiste leis an Teachta Molloy baineann an cheist seo le ceantair Chonamara go léir. Ó thaobh na Gaeltachta dhe fuair mise achainí ó chuid mhaith daoine ní amháin i gConamara ach chomh maith le sin ó Chontae Dhun na Gall, go háirithe ó Oileán Árainn Mhór agus tá an cheist á scrúdú ag mo Roinn féin mar tuigim go bhfuil deacrachtaí ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh mar a mhínigh sé inniu ach beidh sé an-dheacair ar fad scéim a chur ar fáil do na ceantair Ghaeltachta i leith gan scéim ghinearálta a bheith ar fáil, cuir i gcás, i gceantar Chonamara go léir agus i gceantar Dhún na Gall go léir ach tuigim, aontaím agus admhaím anseo go bhfuil deacracht mhór ann, go bhfuil fadhb ann ó thaobh talmhaíochta dhe ins na ceantair Ghaeltachta, go mba chóir domsa iarracht a dhéanamh chun scéim sásúil a chur ar fáil ach ag an bpointe seo nílim cinnte an mbeidh mé in ann aon rud a dhéanamh ach tá fonn orm cabhrú leis na feirmeoirí sa Ghaeltacht.

Nach bhfuil na deacrachtaí sin ag baint le scéim ar bith atá sa Ghaeltacht cheana féin? Nach bhfuil scéimeanna speisialta le haghaidh Muintir na Gaeltachta agus go bhfuil deacrachtaí ag baint le scéim ar bith?

Cuireadh ceist anseo sar a dtáinig an Teachta isteach b'fhéidir——

Bhí mé anseo.

O.K. Bhí tú ag éisteacht. Muna bhfuil AI station nó comhlacht AI sásta seirbhís ghinearálta a chur ar fáil i gceantar Chonamara go léir beidh sé an-dheacair ar fad iad a mhealladh isteach go dtí na ceantair Ghaeltachta. Sin é an deacracht a bhí ann. Bhíomar i gcomhairle leis na comhlachtaí sin chomh maith.

(Cur isteach.)

An féidir leis an Aire deontas a thabhairt don chomhlacht seo chun go mbeidh siad in ann freastal ar Chonamara ar fad? Má thugann an tAire deontas ó Roinn na Gaeltachta le haghaidh ceantar na Gaeltachta an nglacfaidh sé go mbeidh siad in ann freastal ar an gceantar ar fad ansin?

Níl mé ró-chinnte faoi sin. Mar a fheicimse an scéal faoi láthair, muna bhfuil an comhlacht AI sásta seirbhís ghinearálta a chur ar fáil i gceantar ar bith beidh sé an-dheachair iad a mhealladh isteach go dtí ceantar beag gan deontas an-mhór a chur ar fháil. Tá mise ag súil b'fhéidir as ucht na gcomhráití atá ar siúl nó an comhfhreagrais atá ar siúl idir mo Roinnse agus na comhlactaí sin go mbeimíd in ann comhoibriú leis an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh agus scéim oiriúnach a chur ar bun.

Ní dóigh liom go dtuigeann an tAire an cheist seo. Is í an cheist a chuir an Teachta Gallagher air ná: an dtabharfadh Roinn na Gaeltachta nó Aire na Gaeltachta deontas chun an scéim seo a choinneáil ar siúl i gceantar Ghaeltacht Chonamara go mb'féidir go mbeadh siad sásta an scéim a choinneáil ar siúl mar is é an fáth go bhfuil sé á dhúnadh síos go bhfuil sé ag cailliúint airgid? Dá dtabharfaí deontas chun an seirbhís a choinneáil ar siúl sa Ghaeltacht anseo ní bheadh an chailliúint chomh mór agus a bhí. An bhfuil an tAire sásta é sin a dhéanamh?

Ní thig liomsa mar Aire na Gaeltachta nó ní thig le Roinn na Gaeltachta scéimeanna a chur isteach gan cead na Roinne Talmhaíochta agus Iascaigh agus, de gnáth, is deontais bhreise a chuireann Roinn na Gaeltachta ar fáil. Ní féidir liomsa ná le mo Roinn scéim i leith a bhunú.

Top
Share