Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Apr 1976

Vol. 289 No. 8

Written Answers. - Scéimeanna Uisce Poiblí.

57. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na scéimeanna nua a chuir sé ar bun chun scéimeanna uisce poiblí a chur ar fáil, chun grúpscéimeanna uisce a sholáthar, chun tithe a thógáil, chun chomhar-chumann a bhunú, chun Coláistí Gaeilge a bhunú, chun tionscail a bhunú, chun áiseanna a fheabhsú agus chun forbairt a dhéanamh sa Ghaeltacht.

Mar léargas ar a bhfuil déanta le trí bliana anuas b'fhéidir gur leor a rá go raibh an caiteachas ar mhaithe leis an nGaeltacht sa bhliain 1975 breis agus trí huaire níos mó ná an caiteachas sa bhliain 1972-73—faoi mar a léiríonn na figiúirí seo a leanas:

1975

1972-73

£

£

Caiteachas mo Roinne ar scéimeanna tithíochta, scéimeanna feabhsúcháin agus scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha

1,971,944

1,184,686

focaíochtaí caipitil le Gaeltara Éireann chun tionscail a chur chun cinn

6,832,000

1,582,000

£8,803,944

£2,766,686

Top
Share