Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Jun 1976

Vol. 291 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Taiscealaíocht Ola.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid atá curtha ar fáil i meastacháin a Roinne agus Ghaeltarra Éireann i mbliana maidir le taiscealaíocht ola; agus céard iad na ceanntair Ghaeltachta atá á gcur faoi réir i gcóir na hoibre.

Níl aon airgead ar leith i meastachán mo Roinne ná sa soláthar do Ghaeltarra Éireann do chúrsaí mar sin ach amháin sa mhéid gur cuid de dhualgais na fóirne bheith ag faire ar gach gné den scéal d'fhonn leas na Gaeltachta a chur chun cinn.

An féidir leis an Aire a rá an bhfuil aon duine den fhoireann atá tugtha do Roinn na Gaeltachta nó do Ghaeltarra ag déanamh tada maidir leis an cheist seo?

Ba mhaith liomsa glacadh leis an deis seo chun an scéal a mhíniú go soiléir maidir le taiscealaíocht ola ó thaobh Gaeltarra Éireann de. Níl sé i gceist faoi láthair go nglacfaidh Roinn na Gaeltachta nó Gaeltarra Éireann páirt ar bith i dtaiscealaíocht na hola, sé sin exploration. Is amhlaidh atá Gaeltarra ag iarraidh a shocrú go mbeidh obair bhreise sa Ghaeltacht ag gabháil do sheirbhísí don tionscal sin. Go dtí seo tá cúpla conradh luachmhar faighte ag comhlachtaí ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra chun earraí áirithe a sholáthar d'fhorbairt an gháis amach ó chósta an deiscirt. Tá scrúdú á dhéanamh freisin le súil go bhféadfar lár-ionad seirbhísí a bhunú sa Ghaeltacht do thionscal na hola agus tá an scéal pléite le roinnt comhlachtaí. Ach, ar ndóigh, beidh an toradh ag brath go mór ar an áit ina bhfaighfear an ola.

Ní thuigim an tAire. Deir sé nach bhfuil tada á dhéanamh ag Gaeltarra agus ag an am gcéanna deir sé go bhfuil pleananna acu. Cé hiad na daoine atá ag réiteach na bpleananna sin agus na ceisteanna sin?

Cinnte tá pleananna ag Gaeltarra Éireann agus ba mhaith liom go dtuigfí go bhfuil aon réamh-ullmhúchán is féidir déanta go cúramach ag Gaeltarra Éireann agus go bhfuil siad gléasta go maith chun aon deis a thiocfaidh as an ngás nó as an ola thapú ar mhaithe le pobal na Gaeltachta. Tá pleananna agus réamh-ullmhúchán déanta ag Gaeltarra Éireann agus staidéar iomlán.

An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil aon oifigeach faoi leith ó Ghaeltarra ag plé leis an gceist nó an amhlaidh go bhfuil gnáth-oifigigh Ghaeltarra ag iarraidh bheith ag déileál leis an gceist seo maraon leis na mílte rudaí eile atá ar lámha acu?

Aontóidh an Teachta gur ceist an-tábhachtach an cheist seo mar ós rud é go bhfuil an chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta ar chósta an iarthair agus tá seacht n-oileán Gaeltachta ann chomh maith. Má aimseófar ola ar chósta an iarthair beidh baint ag Gaeltarra Éireann leis ó thaobh deiseanna fostaíochta agus tionsclaíochta ann. Tá staidéar déanta ag Bord Ghaeltarra Éireann, ag an lucht bainistíochta chomh fada agus is eol dom ach nílim ró-chinnte. Chomh fada agus is eol dom tá ar a laghad oifigeach nó beirt ag déanamh staidéir ar leith ar an cheist seo.

An bhfuil aon tuarascáil le fáil óna daoine sin atá ceaptha le haghaidh na hoibre sin?

Cinnte. Mar adúras tá an chéad staidéar iomlán déanta acu. Dheineadar staidéar in Albain agus i Norway chomh maith agus táim cinnte gur chuir na hoifigigh sin tuarascáil ar fáil do Bhord Ghaeltarra Éireann.

Dúirt an tAire go raibh réamh-ullmhúchán déanta ag Gaeltarra Éireann fá choinne taiscealaíocht ola. An bhféadfadh sé a insint dúinn cén sórt réamh-ullmhúcháin d'féadfadh comhlacht a dhéanamh muna bhfuil airgead ar fáil dóibh leis an réamh-ullmhúchán seo a dhéanamh?

Mar adúras, agus ba mhaith liom é a rá arís, brathann na deiseanna fostaíochta ar an áit ina n-aimseófar an ola. I measc na réamh-ullmhúchán atá déanta ag Gaeltarra Éireann tá staidéar déanta acu, tá comhráití ar siúl le comhlachtaí seir-bhísí ola. Tháinig ionadaí ó chúpla comhlachta mar sin ó Gaeltarra Éireann. Thug siad cuairt ar cheantair Ghaeltachta. Tá an scéal go léir ag fanacht go dtí go mbeidh eolas againn faoin ola a bheidh ar fáil agus an áit i mbeidh an ola ar fáil. Maidir leis na réamh-ullmhúcháin chomh maith agus an t-airgead dá dtárlódh go n-éireodh le Gaeltarra Éireann airgead a chaitheamh go héifeachtach ar thaiscealaíocht ola ar mhaithe leis an nGaeltacht beidh an t-airgead sin ar fáil mar chuid de gnáth-sholáthar Ghaeltarra Éireann.

Top
Share