Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas Tithe.

22. D'fhaifraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta deontas speisialta tithe a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe.

Níl i gceist ag an bpointe seo athrú a dhéanamh ar na deontais tithíochta.

An n-aontódh an tAire go gcosnaíonn sé a dhá oiread tigh a thogáil ar na hoileáin i gcomparáid leis an gcostas ar an mórthir? An n-aontódh sé nach bhfuil ardú tugtha aige ar na deontais seo ó tháinig sé i gcumhacht níos mó ná trí bhliain ó shin cé gur ardaíodh costaistí tógála beagnach 100 faoin gcéad idir an dá linn? Agus dá bharr sin an n-aontódh sé nach bhfuil na daoine in ann tithe a thógáil dóibh féin ach iad siúd atá an-mhaith as agus——

Tuigim go bhfuil fadhbanna i leith ag muintir na n-oileáin ní amháin le cúrsaí tithíochta ach le cúrsaí leictreachais agus le gach rud mar sin agus go dtí le déanaí ní mórán a rinne aon Rialtas chun na cúrsaí sin a fheabhsú. Tá mo Roinn ag cabhrú faoi láthair le Comhairle Contae Chorcaí chun tithe a thógáil ar Oileán Chléire. Níl a fhois agamsa anseo faoi Oileán Árainn nó faoi conas atá an scéal ó thaobh an chomhairle chontae dhe.

Cén fáth nach bhfuil an tAire sásta na deontaisí tithe a ardú?

Dúras nach raibh sé i gceist ag an bpointe seo athrú a dhéanamh ar na deontais tithíochta.

Cén fáth? D'admhaigh an tAire go bhfuil na costaisí imithe in áirde 100 faoin gcéad.

Ní dúirt mé sin. Dúirt mé go raibh fadhbanna ins na hoileáin ó thaobh cúrsaí tithíochta dhe ach tá freagarthacht ar na comhairlí contae chomh maith.

Ceist a 23. An Teachta céanna.

A Cheann Comhairle——

Ceist a 23. Gaibh mo leithscéal.

Top
Share