Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhís Bhád Oileán Árann.

23. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas ar phleananna atá luaite aige chun an tseirbhís bád d'Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe a fheabhsú.

Is amhlaidh a mheastar go bhféadfaí seirbhís níos áisiúla d'Oileáin Árann a chur ar fáil ó Ros an Mhíl nuair a bheidh na muiroibreacha críochnaithe ansin ach níl aon phleananna leagtha amach go fóill.

An bhfuil sé fíor go ndúirt an tAire go raibh sé beartaithe aige ceann de na roll on, roll offs a chur ar fháil go dtí Árainn?

Dúras le déanaí go poiblí go raibh sé i gceist seirbhís bhád farantóireachta a chur ar fáil ó Ros an Mhíl go dtí na hOileáin Árainn.

Sin roll on, roll off?

Ní hea. Is mar seo atá an scéal. Mar adúras cúpla nóiméad ó shin tá socraithe dhá ndéanamh againn faoi láthair chun bád farantóireachta a chur ar fáil d'Oileáin Árann——

Cad is "bád farantóireachta" ann.

Tabhair seans dom. Tá mé ag iarraidh an t-eolas a thabhairt duit.

Ní thuigim an focal "farantóireacht".

Dúras go raibh sé i gceist bád farantóireachta a chur ar fáil idir Ros an Mhíl agus na hOileáin Árann. Dúras chomh maith go mbeidh an bád farantóireachta d'Árainn Mhór, Dún na nGall ar fáil sa bhliain 1977 agus go meastar go mbeidh an seirbhís ó Ros an Mhíl go dtí na hOileáin Árann ar fáil i 1978.

Sul ar thug an tAire an ráiteas seo uaidh, an raibh sé i gcomhairle le muintir Oileán Árann faoin mbád nua agus an bhfuair sé comhairle uathu cén sórt báid a bhí ag teastáil uathu agus cén sórt báid a bheidh oiriúnach do na hoileáin agus na deacrachtaí atá ann?

Tuigim go raibh oifigigh ó Ghaeltarra Éireann i gcomhairle leo agus nuair a bhí mise i láthair ag an gcruinniú i nGaillimh cúpla seachtain ó shin rinneamar tagairt don t-seirbhís seo. Tá go leor ama chun dul i gcomhairle le muintir na n-oileán. Cinnte, ba chóir do Ghaeltarra Éireann dul i gcomhairle le muintir Oileán Áreann.

(Cur isteach.)

Ní déanfar rud ar bith gan dul i gcomhairle le muintir na n-oileán.

Top
Share