Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1976

Vol. 293 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsa D'ábhar Iriseoirí.

1. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén cúnamh airgid a thug sé don chúrsa d'ábhar iriseoirí a reachtáladh i gColáiste Lurgan, Cois Fharraige, Contae na Gaillimhe, i rith Meán Fómhair na bliana seo.

D'íoc mo Roinnse £295 le mná tí Gaeltachta a chuir iostas ar fáil d'aon duine dhéag a bhí ag freastal ar an gcúrsa sin.

An bhfuil an tAire sásta gur leor an t-aitheantas sin don chúrsa?

Tuigim go raibh na daoine a bhí páirteach sa chúrsa sásta agus nach raibh aon chabhair breise ag teastáil ó mo Roinnse.

An dtuigeann an tAire go bhfuair an cúrsa seo cúnamh airgid ó mhuintir Átha Cliath, an Coiste Gairm-Oideachais, agus nach gceapfadh sé go bhfuil dualgas níos mó ar Roinn na Gaeltachta seachas ar an gcoiste sin féachaint chuige go mbeadh flúirseach airgid ar an gcúrsa seo as seo amach?

Tá sé deacair an cheist sin a fhreagairt os rud é nár tháinig iarratas isteach chuig mo Roinnse i dtaobh breis airgid ach sé mo thuairim mar Aire na Gaeltachta go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cúrsaí mar sin. B'é sin an chéad chúrsa den tsaghas sin agus dá mba rud é go bhfuil sé i gceist cúrsa mar sin a eagrú sna blianta atá romhainn beidh fonn orm agus ar mo Roinnse cabhrú chomh fada agus is féidir.

Ar eagla, dá mbeadh aon eagla ann, nach dtiocfadh airgead ó aon eagras eile an bhféachfadh an tAire chuige sa bhliain atá romhainn, le cúnamh Dé, go rachaidh sé i gcomhairle leis na daoine seo mar, mar adúirt sé féin, is cúrsa anthábhachtach ar fad é?

Ní raibh a fhios agam dáiríre go raibh Coiste Gairm-Oideachais Átha Cliath páirteach sa chúrsa sin ach, cinnte, iarrfaidh mé ar mo Roinnse dul i gcomhairle le stiúrthóirí an chúrsa sin ionas go mb'fhéidir féachaint an cóir dúinn socraithe ar leith a dhéanamh do chúrsa na bliana seo chugáinn.

Top
Share