Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1976

Vol. 293 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foireann Roinn na Gaeltachta.

3. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén leathnú a tháinig ar fhoireann a Roinne le bliain anuas.

Níor tháinig aon mhéadú le bliain anuas ar líon na foirne atá ag gabháil d'obair mo Roinne.

An bhfuil an tAire sásta leis sin?

Ba mhaith liom a rá agus tá áthas orm an deis seo a bheith agam, a Cheann Comhairle a rá go bhfuil foireann an-mhaith agam agus cé go bhfuil méadú tagtha ar obair mo Roinnse mar sin féin táim lán sásta leis an bfoireann.

An nglacfadh an tAire go bhfuil sé ráite gur tháinig borradh agus fás ar imeachtaí na Roinne i rith na bliana? An bhfuil sé á rá liom gur thárla sé sin gan fiú is duine amháin sa bhreis a cheapadh sa Roinn?

Sa cheist rinne an Teachta tagairt don bhliain reatha agus na figiúirí atá agamsa baineann siad leis an bliain reatha ach chomh fada agus is cuimhin liom ceapadh daoine breise, b'fhéidir dhá bhliain nó trí bhliain ó shin agus más mian leis an Teachta é a fháil amach gheobhaidh mé an t-eolas dó. Tuigim go bhfuil méadú beag ar líon fhóirne mo Roinnse ó dhá bhliain nó trí bhliain ach baineann an cheist seo leis an mbliain seo agus níl aon mhéadú i mbliana.

Mar sin féin, tuigimse ón bhfreagra anois nár thárla pioc níos mó sa Roinn le bhliain anuas ná mar a thárla roimhe sin nó bhí lucht na Roinne sásta i bhfad níos mó oibre a dhéanamh ná mar a rinneadar roimhe sin—sin nó nach raibh a ndóthain le déanamh acu roimhe sin. Is iontach nár tharla——

Ceist ghairid.

(Cur isteach.)

Tá ard-mholadh tuilte do foireann mo Roinnse.

Top
Share