Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Feb 1977

Vol. 296 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas Gaeltachta.

20. D'fhiafraigh

agusMr. Gallagher den Aire Oideachais (a) cén t-am deireanach a dtáinig ardú ar an deontas Gaeltachta atá ar fáil faoi láthair do dhaltaí in ollscoileanna agus i gcoláistí réigiúnacha (b) cén deontas atá ar fáil faoi láthair (c) cé mhéid iarratas a fuarthas ó dhaltaí don scoil-bhliain 1976-77 agus (d) cé mhéid de na hiarratais sin ar diúltaíodh dóibh.

Ar an mbonn go mbaineann an cheist leis an scéim scoláireachtaí ollscoile do mhic léinn ón nGaeltacht, tá na freagraí mar leanas:—

(a) Tosach na bliana acadúla 1974-75; (b) £470 sa bhliain do mhac léinn atá i bhfad ón ollscoil agus £290 sa bhliain do mhac léinn atá comhgarach don ollscoil; (c) Seasca dó iarratais; (d) Trioca sé.

Is faoi Aire na Gaeltachta atá na scoláireachtaí trí Ghaeilge do na coláistí réigiúnacha.

An bhféadfadh an tAire a rá ar tháinig laghdú nó árdú ar na hiarratais?

Trí bhliain ó shin.

Sé atá i gceist agam an méid daoine a chuir isteach ar an scoláireacht.

Seasca dó.

Ní hea. An bhliain seo caite, 1976, cuir 62 isteach agus theip ar 36. D'éirigh le 26 ó shin. Ní féidir leis an Roinn ach 15 scoláireachtaí a chur amach gach bliain ach níor thóg ach ochtar den 26 na scoláireachtaí an bhliain seo.

An bhfuil an tAire sásta gur leor an deontas atá ar fáil?

Is dóigh liom. Éinne a fhaghann airgead ón Rialtas ní bhíonn siad sásta gur iomad é, ach sé an méid is mó is féidir liom a thabhairt don bhliain seo.

An bhfuil fhios ag an Aire go gcaithfidh na scoláirí Ghaeltachta, na daoine atá ag fágáil scoile ón Ghaeltacht na fees a íoc leis an choláiste agus dá bhrí sin go bhfuil siad níos measa as anois ná scoláirí eile ar fud na tíre maidir leis na scoláireachtaí seo?

An bhfuil an Teachta ag rá go gcaithfidh na daoine ón Ghaeltacht na fees a chur isteach iad féin?

Nach bhfuil an scéal céanna ag gach éinne?

Cad tá i gceist ag an Teachta?

Sé atá i gceist agam go bhfagann siad an scoláireacht agus go gcaithfidh siad na fees a íoc iad féin.

Agus gheibheann siad an t-airgead thar n-ais ón Roinn?

Ní fhaghann siad ach suim amháin, ach íoctar na fees i gcóir na daoine eile.

B'fhéidir go dtiocfaidh an Teachta chun cainte liom. Níl fhios agam cad tá i gceist aige.

Gheibheann siad níos mó.

Gheibheann na daoine ón Ghaeltacht níos mó ná na daoine eile? Ní théann an méid airgid céanna do gach duine? An é sin atá i gceist?

Brathann sé ar theacht isteach an teaghlaigh as a dtagann an scoláire. Ach b'fhéidir arís gur scéal casta é gur fearr a fhágáil do lá éigean eile.

Sé atá i gceist agam go bhfuil muintir na Gaeltachta níos measa as anois, leis na scoláireachtaí atá á bhfáil acu, ná micléinn eile ar fud na tíre?

Cén fáth?

Mar caithfidh siad na fees a íoc iad féin agus ní dhéanann na daoine eile é sin ar chor ar bith.

Nach gcaithfidh gach duine na fees a thabhairt don ollscoil——

Ní íocann siad as an scoláireacht.

Ní íocann na daoine eile as?

Ní thuigim an Teachta.

Tá go maith. Míneóidh mé an scéal leis an Aire ar ball.

Top
Share