Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Feb 1977

Vol. 296 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aitheantas Gaeltachta.

42. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndéarfaidh sé cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an aitheantas mar Ghaeltacht a gheall sé do cheanntair áirithe sa tír.

Faoi mar a mhínigh mé cúpla uair cheana, is amhlaidh a bhím sásta breithniú báúil a dhéanamh ar eolas sonrach faoi úsáid na Gaeilge mar ghnáthurlabhra a bheith á leathnú le blianta beaga anuas in aon cheantar agus, má léirítear dom gur Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine ann, molfaidh mé don Rialtas an ceantar a áireamh sa Ghaeltacht. Is le hordú de chuid an Rialtais a thugtar aitheantas do cheantar mar chuid den Ghaeltacht agus rinneadh ordú dá leithéid i mí an Mheithimh, 1974, do limistéir shonraithe i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Láirge.

Top
Share