Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Mar 1977

Vol. 298 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Difhostaíocht i nGaeltacht Chorcaí.

8. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ar tharla aon dífhostaíocht i nGaeltacht Chorcaí le déanaí; conas a tharla; agus an bhfuil aon leigheas ar an scéal.

Tuigim ó Gaeltarra Éireann gur tharla amhlaidh de dheasca deacrachtaí a bhí ag tionscail áirithe agus go bhfuil gach dícheall á dhéanamh anois chun an scéal a leigheas.

Cé mhéid daoine atá i gceist?

Dúnadh mion-tionscal amháin le déanaí i mBéal Átha an Ghaorthaidh—dosaen post.

Cé chomh dóchasach agus atá an tAire maidir lena mhalairt fostaíochta a chur ar fáil do na daoine sin?

Tá mé an-dóchasach ar fad. Tuigim go bhfuil socraithe dá gcur chun dea-chríche le comhlacht eile.

Cé mhéid airgid a chaitheadh ar an déantús seo an chéad lá?

Is mion-tionscal a bhí i gceist agus níl an figiúr agam. Níl an t-eolas ag teastáil sa cheist ach gheobhaidh mé é amach tar éis na ceisteanna.

Top
Share