Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 31 Mar 1977

Vol. 298 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí “Amárach”.

23. D'fhiafraigh

agusMr. Molloy d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon dáta socraithe aige nach mór do Bhord na Gaeilge tuarascáil agus moltaí a bheith ullmhaithe acu air nó roimhe maidir le deontas a íoc le lucht foilsithe Amárach.

24. D'fhiafraigh

agusMr. Molloy d'Aire na Gaeltachta cad é an méid de dheontas a íocadh in aghaidh na bliana 1976 le lucht foilsithe Amárach; agus cad é an foras ar a raibh an deontas sin bunaithe.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceist a 23 agus Ceist a 24 le chéile.

Ó mhí na Mheithimh, 1975, i leith is faoi scáth Chomharchumann Chois Fharraige atá Amárach á fhoilsiú agus á chlóbhualadh. Deontas £120 in aghaidh an eagráin a bhí á íoc ag mo Roinnse díreach roimhe sin agus leanadh ar aghaidh leis an deontas céanna ar bhonn sealadach. I rith na bliana 1976—agus le feidhm ó thús na bliana sin—méadaíodh an deontas in aghaidh an eagráin go dtí £200. Foilsíodh 43 eagrán sa bhliain 1976 agus íocadh deontais dar luach £8,600 ina leith.

I lár na bliana 1976—faoi mar a luaígh mé anseo sa Dáil ar an 1 Iúil— chuir mé in iúl do Chomharchumann Chois Fharraige go mbéinn sásta iarratas ar mhéadú eile ar 'dheontas Amárach don bhliain 1977 a bhreithniú go báúil dá léireofaí dom roimh dheireadh na bliana 1976.

(a) go mbeadh tacaíocht ag an lucht foilsithe ó na príomheagrais atá ag obair ar mhaithe leis an bpobal ar fud na Gaeltachta.

(b) go mbeadh ionadaithe ar an mbord eagarthóireachta ó na priomhcheantair Ghaeltachta uile, agus

(c) go mbeadh socruithe éifeachtacha i bhfeidhm chun teacht isteach fiúntacht a thuilleamh ó dhíolacháin agus ó fhógraíocht.

Fuair mé litir ó Amárach ar an 14 Nollaig, 1976, agus ba mhaith liom sliocht amháin a léamh as an litir sin:

Rinneamar teagmháil le gach Comharchumann Gaeltachta agus le gach coíste pobail sa Ghaeltacht ag iarraidh tacaíocht, comhoibriú agus comhairle uathu faoi fhorbairt an nuachtáin mar nuachtán náisiúnta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níor tháinig aon toradh ar an iarracht sin. As breis agus 70 litir a cuireadh amach ag na heagrais sin níor freagraíodh ach 3 cinn.

B'fhéidir nár mhiste a lua freisin, go háirithe de bharr na rudaí adúirt an Teachta Molloy an tseachtain seo caite, go raibh figiúirí mar seo a leanas i gcuntais Chomharchumann Chois Fharraige don bhliain dar chríoch 30 Meán Fómhair 1976:

—brabach £9,445 ag an gclólann tar éis £12,948, nó 22½ faoin gcéad de theacht isteach na clólainne, a fháil ó Amárach,

—costais riaracháin £5,525, nó 25 faoin gcéad den iomlán, curtha ar Amárach, agus

—caillteanas £15,396 ar Amárach.

Cuireadh cuntas neamhiniúchta ar fáil don ráithe dheiridh sa bhliain 1976 agus thug sé le tuiscint nár thuill Amárach in aghaidh an eagráin sa ráithe sin ach teacht isteach glan £29 ó dhíolacháin.

Is é sin go hachomair an cúlra don chruinniú a bhí agam le hionadaithe Amárach ar an 8 Feabhra agus tar éis dom an scéal a phlé leo—faoi mar a mhínigh mé anseo an tseachtain seo caite—d'iarr mé ar Bhord na Gaeilge scrúdú a chur á dhéanamh ar chúrsaí Amárach ó tharla gurb eol dom go bhfuil suim ar leith ag an mbord sna foilseacháin Ghaeilge. Tuigim nach foláir don bhord cabhair a fháil ó chomhairleoirí taobh amuigh dá n-eagraíocht féin chun cuid den scrúdú a dhéanamh. Ní féidir dáta cinnte a leagan síos chun obair mar sin a chur i gcrích ach tá a fhios ag an mbord gur maith liom an toradh a fháil a luaithe is féidir.

Glacann an tAire go raibh cailliúint £40,000 ar chomhlacht taobh istigh de bhliain go leith. An bhfuil sé ag rá nach ceart £10,000 i n-aighaidh na bliana, más gá, a thabhairt do luch Amárach agus obair chomh tábháchtach sin á dhéanamh acu?

Tá mé tar éis cuntas íomlán a thabhairt ar an scéal, go bhfuil iarrtha agam ar Bhord na Gaeilge scrudú iomlán a dhéanamh agus gurb é cuspóir an scrúdaithe sin ná cabhrú le luch Amárach an nuachtán seo a chur ar bonn sásúil; cén fá, cuir i gcás, nach bhfuil ach díolacháin £29 in aghaidh an eagráin ag teacht isteach? Cén fá nach bhfuair siad freagra ach ó trí eagrais ar fud na Gaeltachta don litir a d'eisigh said? Sé an cuspóir a bheidh agamsa agus ag lucht Amárach ná oibriú le chéile, le cabhair Bhord na Gaeilge, chun páipéir ceart le díolacháin réasúnta a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Nuair a deireann an tAire £29 in aghaidh na seachtaine, cad is brí le sin?

The net income from sales is only £29.

Ach shílfeá ón chaoi a ndúirt an tAire é nach raibh ach luach £29 á dhíol acu. Tá net income £29 acu. Dúirt an tAire níos luaithe gur chaill dream i gCorcaí £40,000 taobh istigh de bhliain amháin agus gur cuma faoi.

Caithfimid dul ar aghaidh le ceist eile.

Thug an tAire aiste stair agus gach rud dúinn. Ní raibh ach eolas uaimse. An bhfuil se fíor— agus tá mé dáiríre faoi seo—an méid adúirt an Teachta Molloy an tseachtain seo caite, go bhfuil rudaí eile i gceist, gur cháin an tAire lucht an phaipéir seo de bhrí go raibh siad, mar adúirt sé féin, ag caitheamh anuas ar an gComhrialtas.

Dúirt mé an tseachtain seo caite nach raibh ach ráiméis san méid adúirt an Teachta Molloy, agus rud eile, go raibh ormsa an tuarascáil iomlán seo a chur os comhair na Dála. Ní chabhróidh sé in aon chor le lucht Amárach.

Sin blackmail eile.

Chomh maith le sin, bhí lucht Amárach sásta cupla seachtain ó shin nuair a tháinig siad chun cainte liomsa—níor tháinig éinne ó Fhianna fáil chun cainte liom nó chun ceisteanna Amárach a phlé, nó chun cabhair a thabhairt do lucht Amárach——

Bhí ceist sé mhí ó shin ag Máire Geoghegan—Quinn.

Tá mé ag dul ar aghaidh le ceist eile anois.

Ba maith liom freagra a thabhairt——

Tá an t-am caite.

——i dtaobh an scéil mar a bhaineann sé le Amárach. Ar an gcéad dul síos, níl tacaíocht mhuintir na Gaeltachta á tabhairt don nuachtán seo mar ní bhfuair siad ach trí freagraí as 70 litreacha.

Níl sé sin fíor.

Níl de theacht isteach ón diolachán ach £29 in aghaidh an eagráin.

Ar mhiste leis an Aire——

Go dtí go mbeidh na deacrachtaí scrúdaithe agus suirbhéireacht íomlán déanta ag Bord na Gaeilge cabhróidh mé chun an nuachtán a chur ar bonn sásúil.

Top
Share