Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 May 1977

Vol. 299 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Iascaireacht Oisrí agus Diúilcíní.

21. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le hiascaireacht oisrí agus diúilicíní i gCuan Eili, Contae Mhaigh Eo; agus cén fhostaíocht a bheas á thabhairt ag an scéim oibre sin nuair a bheas sí faoi lán seoil.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur trialacha atá ar siúl ansin go foill agus nach féidir a rá céard tá i ndán don scéim go dtí go mbreithneofar na torthaí a bheidh orthu.

Top
Share