Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 May 1977

Vol. 299 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dífhostú sa Ghaeltacht.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad é líon na ndaoine atá dífhostaithe sa Ghaeltacht.

Is as Daonáireamh Aibreán, 1971, atá an t-eolas is déanaí le fáil. De réir Daonáireamh 1971 bé 2,936 an líon daoine i gceantair Ghaeltachta a bhí dífhostaithe.

An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte ag rá nach bhfuil a fhios aige féin ná ag an Rialtas cé mhéad atá dífhostaithe anois?

Níl mar is ag an PríomhOifig Staidrimh atá na figiúrí sin bailithe agus ní bhailítear figiúrí faoi leith le haghaidh na Gaeltachtaí.

Muna bhfuil siad bailithe go cruinn, an bhfuil aon tuairim ag an Runaí Parlaiminte cé mhéad daoine atá dífhostaithe sa Ghaeltacht?

Ón méad a léigh mé ar na páipéir le déanaí in óráid a thug Aire na Gaeltachta, an Teachta O'Donnell, tá an tuairim agam go bhfuil dhá oiread jobanna ar fháil anois sa Ghaeltacht seachas mar a bhí ceithre bhliain ó shin.

Tugaimid faoi ndeara go ndúirt an Rúnaí Parlaiminte gur léigh sé é. An gcreideann sé é? Sin rud tábhachtach.

Níor fritheadh amach é go fóill i mbréag.

Fan go bhfeicimid.

Top
Share