Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le chuile dhuine a labhair ar an mBille. Is cuma ar labhair siad as Gaeilge nó i mBéarla, tháinig siad isteach sa Teach agus thug siad a dtuairimí anseo faoi dul chun chinn na teanga. Sa díospóireacht féin labhair Teachtaí, b'fhéidir, ar rudaí nár bhain leis an mBille féin—thug an Ceann Comhairle cead dóibh leathnú amach—agus b'fhéidir nach ndeárna sé aon dochar. Glacaim buíochas mar gheall ar an bhfreastal ón dá pháirtí ar an taobh eile a thug isteach daoine a raibh smaointe maithe acu faoi athbheochan na Gaeilge agus faoin mBille féin.
Dúirt an Teachta Begley go mb'fhéidir go mba cheart do na comhlachtaí stáit teacht isteach i gcuideachta le Bord na Gaeilge. Ní fheicimse cén chúis atá leis an argóint sin. An obair a bhéas le déanamh ag Bord na Gaeilge is mór an bhaint a bheidh aige leis an Ghaeltacht féin. Luaigh sé na coláistí ullmhúcháin, agus gur mór an trua é go ndeárnadh dearmad orthu. Caithfidh mé admháil go mbeadh caighdeán na Gaeilge sna coláistí ann ullmhúcháin níos láidre agus níos fearr anois dá mbeadh na coláistí ann fós, ach tháinig tuairimí ó dhaoine ag iarraidh a chur ina luí orainn nach raibh cothrom na féinne dá thabhairt maidir leis an gcaoi a raibh múinteoirí náisiúnta ag teacht amach uathu agus nach raibh deis á fháil acu dul isteach ar mhúinteoireacht. Tagaim leis an Teachta Begley leath-bhealaigh ansin.
Rinneadh tagairt don laghdú atá dá dhéanamh ó 18 go dtí 12 i mbaill an bhoird, agus bhí an Teachta ag chur inár leith gur cúrsaí polaitíochta a bhí i gceist anseo. Dá mba chúrsaí polaitíochta a bhí ann bheimís ag ardú an méid comhaltaí in ionad dá laghdú. Mar tá fhios ag an Teachta Begley é fhéin, is iomaí uair a bhíonn ar Aire bord mar seo a bhunú agus b'fhearr liom féin gan aon cheist pholaitíochta a bheith ann. Sílim féin gur fearr i bhfad bord mar seo a bheith againn ná bord mór leathan mar a bhí againn cheana.
Dúirt cúpla duine go raibh mé ag caitheamh droch-mheas ar bhaill an bhoird a bunaíodh. Ba mhaith liom é sin a shéanadh agus a rá arís anseo sa Dáil, más gá é, go bhfuil anmoladh tuillte acu agus go n-aontaím le go leor den obair atá déanta acu ó bunaíodh iad.
Labhraíonn an Teachta Begley chomh maith faoi ráiteas i dtaobh duine a bhí ainmnithe mar chathaoirleach don mbord úd agus go raibh mise ar cheann dá chuid clár cúig uaire. Bhí mé, chomh fada agus is cuimhin liom, trí huaire ar a chuid clár agus ceann amháin acu go hoifigiúil. Bhí mé ansin mar dhuine de lucht éisteachta ar dhá chlár, an chéad cheann i nGaoth Dobhair nuair a bhí Oireachtas Ulaidh ar bun agus nuair a bhí an clár seo ar siúl i gcaitheamh na seachtaine sin. An ceann eile, thíos i gCill Dara, bhí me ansin mar dhuine den lucht éisteachta chomh maith, agus an uair dheiridh bhí mé ar an gclár, iarradh orm bheith i láthair le labhairt ar phainéal a bhí ann an oíche sin. Ní mé an t-aon polaiticeoir amháin a tháinig isteach mar sin; sílim go raibh siad ó gach aon taobh den Teach. Mar gheall ar chathaoirleach a thoghadh, níl duine tofa go fóill, agus tá mé cinnte nach mbeidh tionchar ar bith ag cúrsaí mar sin ar cibé duine a thoghfar mar chathaoirleach.
Os ag caint atáimid air, tá an clár sin, "Trom agus Éadrom", molta ag 'chuile dhuine a labhair anseo ar an mBille. Sílim gur clár taitneamhach é, go bhfuil an-spéis ann agus gur cláir dá leithéid sin is mó a chabhróidh leis an nGaeilge, meascán de cheol, amhránaíocht, rince agus Gaeilge. Tá an cultúr ar fad ansin ar an chlár amháin agus sin an chaoi is fearr a dtaithníonn sé le muintir na hÉireann. Labhair an Teachta Deasy faoi chláracha ina bhfuil an Ghaeilge ar fad iontu agus gur cuirtear ar siúl iad nuair a bhíonn deis ag go leor daoine éisteacht leo san oíche agus nach n-aontaíonn sé le na leithéidí sa chás seo. Ní féidir liom teacht leis an Teachta Deasy ar fad san méid sin. Chun an fhírinne a rá, ní bhíonn ach dhá chlár Ghaeilge againn ar theilifís nó radio agus is cuma liom cén tam a thagann siad ach neart acu a bheith ann; sin an rud a theastaíonn uainn uilig, go bhfeicfimid i bhfad níos mó clár Gaeilge ar an dteilifís agus ar an radio, is cuma cén tam a thagann siad.
Thagair an Teachta Begley do na cúrsaí samhraidh agus dúirt go raibh gá le leanúnachas maidir leis na cúrsaí sin, is é sin le rá nach raibh buntáiste ar bith do na páistí bheith ag freastal ar chúrsaí samhraidh agus ansin teacht ar ais go dtí a mbailte féin agus gan deis acu an Ghaeilge a labhairt tré cúrsaí a leanúint. Thiocfainn leis sa méid sin, agus tá sé sin tugtha faoi deara ag cuid des na daoine atá i mbun na gcúrsaí, muintir pharóiste an Teachta féin, muintir Dhún Chaoin, ag an comharchumann ansin, agus ar a laghad ag scoil amháin eile nó dream amháin eile ag a mbíonn cúrsaí samhraidh acu. Tá nós acu na páistí a thabhairt le chéile ar a laghad uair amháin sa bhliain anseo sa chathair, agus ar an gcaoi sin an spiorad a chothaíodh sna Gaeltachtaí nuair a bhí na cúrsaí ar siúl a neartú agus a choinneáil beo.
Bhi an-áthas orm féin go raibh mé in ann bheith i láthair i mBaile Átha Cliath ag teacht le chéile agus shiúl mé isteach go Teach an Ard-Mhéara. Ní raibh fhios acu cérbh é mé féin, cén áit as a tháinig mé nó cén bhaint a bhí agam leis an rud, ach Gaeilge ar fad a chuala mé ó na páistí agus caithfidh mé a rá gur thug sé sin an-sásamh dom, ach tá géar-ghá le tuille de sin. Tá gá le feicéail go bhfhaigheann na páistí a ghnóthaíonn an buntáiste bheith ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta, teacht le chéile arís, is cuma cén áit den tír ina bhfuil siad, Baile Átha Cliath nó Corcaigh nó cibé áit a mbíonn siad.
Luaigh an Teachta Siamsa Tíre agus an obair atá ar siúl ag an mbuíon sin. Tá creidiúint mhór ag dul don bhuíon sin agus tá aitheantas á fháil acu ó Roinn na Gaeltachta i ngeall ar an obair sin. Tá deontais fhiala dá dtabhairt agus beimid ag leanúint leis na deontais sin, le cúnamh Dé, le cuidiú leo sna hiarrachtaí atá ar siúl acu. Tuigim go mbeidh ceann-áras á oscailt acu i dTrá Lí go gairid agus go mbeidh siad in ann an ceol agus an obair atá ar siúl acu a chur os comhair an phobail go rialta agus go mbeidh deis ní amháin ag muintir Thrá Lí, muintir Chiarraí agus na gceantar máguairt a theacht isteach agus éisteacht leo ach go mbeidh an deis sin ag muintir na tíre ar fad. Arís, tá an teanga, an rince agus an comhrá measctha le chéile agus ní amháin againn féin, muintir na hÉireann, ach ag strainséirí, cuairteoirí ón Eoraip agus chuile áit eile, tá an obair atá ar siúl ag an mbuíon seo le feiceáil. Feictear dóibh go bhfuil teanga agus cultúr dár gcuid féin againn, agus sílim gur cheart dúinn uilig bheith bródúil as sin agus tá Siamsa ag tabhairt an aitheantais sin dúinn agus molaim chuile dhuine atá páirteach ann.
Luaigh an Teachta céanna téacs leabhair agus arís níl cúrsaí sásúil maidir le sin agus, go mór mhór ó tháinig an clár nua isteach sna bun-scoileanna, tá easpa téacs leabhair ann. Is doiligh a rá cé ar a bhfuil an locht. Ní ceal airgid é ó thaobh Roinn na Gaeltachta nó an Roinn Oideachais. Tá sé deacair daoine a fháil atá sásta teacht ar aghaidh agus aistriúcháin a dhéanamh. Sin an áit is mó a fheic-imse sna deacrachtaí. Cinnte tá gá le dul chun cinn níos fearr a dhéanamh maidir le téacs leabhair a chur ar fáil go mór mhór sna meánscoileanna. Tá cuid de na comharchumainn ag tabhairt faoi agus tá mórán molta ag dul dóibh i ngeall ar an iarracht atá a dhéanamh acu, ach ní mór i bhfad níos mó dul chun cinn a dhéanamh le cuidiú leis na daoine atá ag iarraidh a gcúrsaí a dhéanamh i nGaeilge. Caithfimid uilig súil a choinneáil ar sin agus féachaint le rudaí a chur chun cinn níos fearr.
Dúradh chomh maith go mba cheart níos mó Gaeilge bheith anseo sa Dáil agus caithfidh chuile dhuine aontú leis sin. Níl maith ar bith dúinne bheith ag tabhairt Bhille isteach agus ag rá anois agus arís go poiblí go bhfuilimíd ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn muna bhfuilimid féin sásta an dea-shampla a thabhairt sa Teach seo. Mar a dúirt Teachta amháin, ní bhaineann an rud seo le páirtí amháin. Baineann an teanga le chuile dhuine, is cuma cén páirtí politiciúil a mbaineann sé leis, agus, fiú amháin más gá é agus más rud gur cheart dúinn ranganna a chur ar bun—agus luaigh cúpla duine é sin chomh maith—sílim gur dheas an rud dá dtigfeadh linn eagar éigin a chur ar rud mar sin agus ranganna Gaeilge a chur ar fáil do na daoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge fhoghlaim sa Teach seo. Baineann an scéal céanna leis na comhairlí contae agus is maith liom a rá gur ghlac Comhairle Chontae Mhaigh Eó, mo chontae féin, le rún le mí nó mar sin agus go bhfuil sé socraithe acu oiread agus is féidir den ábhar a dhéanamh tré Ghaeilge feasta. B'fhéidir ar bhealach gur cheart a rá chomh maith go bhfuil tionchar ag an rud a thárla i gCaisleán an Bharraigh ar sin. Ó thárla gur roghnaíodh é ag Bord na Gaeilge mar cheann de na háiteacha a mbeifear ag súil go mbeidh dul chun cinn le ceist na Gaeilge nó labhairt na Gaeilge ann, b'fhéidir go raibh baint aige sin leis an moladh a tháinig os comhair an chomhairle chontae agus mura bhfuil ann ach an méid sin is soiléir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an mbord féin más de bharr gur roghnaíodh Caisleán an Bharraigh a ghlac Comhairle Chontac Mhaigh Eó leis an rún le gairid.
Dúirt an Teachta Begley chomh maith gur ceart dul ar ais chun an sean scéal a bhí ann fadó nuair a bhí Conradh na Gaeilge níos gníomhaí ná mar atá siad anois agus nuair a bhí siad ag iarraidh an Ghaeilge a leathnú amach ar fud na tíre. Ag an am sin bhí timire acu i ngach contae agus b'fhéidir níos mó ná gach Contae, go raibh timirí scaipthe ar fud na gcontaetha uilig a bhí sásta a dhul thart agus an Ghaeilge a mhúineadh. Tá in áiteacha ranganna ar siúl faoi na coistí gairm oideachais agus b'fhéidir arís gur cheart a rá go raibh an obair seo níos bríomhaire tá tamall ó shin ná mar atá anois ach rud ar bith mar sin a chuideodh leis an nGaeilge ba mhór an chabhair é agus sílim arís gur tugadh deontais do Chonradh na Gaeilge timirí a thoghadh —níl fhios agam go baileach cé mhéid bliain ó shin, b'fhéidir dhá bhliain déag nó cúig bliana déag ó shin—agus gur thogh siad timirí ag an am leis an obair seo a dhéanamh. Arís níl mé cinnte an bhfuil sé sin ar siúl i gcónaí ach is maith an smaoineamh é.
Rud amháin atá socruithe ag Bord na Gaeilge go bhfuil siad sásta tacaíocht a thabhairt do Chumann Lúith-Chleas Gael i scéim atá dá reachtáil acu i láthair na huaire, sé sin go mbeidh oifigeach amháin de chuid an chomhairle chontae nó an coiste contae de Chumann Lúith-Chleas Gael agus go mbeidh sé feasta mar obair aige agus mar chuspóir aige cloí le ceist na Gaeilge amháin ina chontae féin agus go mbeidh sé ag dul thart chuig na fo-choistí nó na cumainn le cuidiú leo le níos mó úsáid a bhaint as Ghaeilge i ngnáthchúrsaí an chumainn. Séard atá i gceist ag Cumann Lúith-Chleas Gael anseo ná go mbeadh costais taistil le fáil ag na daoine seo. Níl aon rud eile i gceist. Níl aon phá i gceist ach amháin go mbeadh na costais taistil le fáil acu. Sílim gur rud an-mhaith é a fheiceáil go bhfuil Cumann Lúith-Chleas Gael, a bhí i gcónaí go tréan ar thaobh na Gaeilge, ag gníomhú iad féin níos láidre anois leis an teanga a leathnú amach agus is maith liom gur shocruigh Bord na Gaeilge tacaíocht a thabhairt dóibh don iarracht sin. Is cinnte go mbainfimid tairbhe as agus go bhfeicfimíd dul ar aghaidh níos fearr dhá dhéanamh i gcúrsaí Gaeilge dá bharr sin.
Thagair an Teachta Begley chomh maith do cheapacháin do na Gaeltachtatí, gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ar a ndeis ag daoine a bheadh ag obair sna Gaeltachtaí. Ní thioc-fadh le duine ar bith dul ina aghaidh sin. Tá sé riachtanach go mbeadh an Ghaeilge ag daoine a bhíonn ag freastal ar na Gaeltachtaí agus tá sé sin ann i gcónaí, giúistisí agus a leithéidí sin, ach tá faitíos orm gur beag giúistí a bheimid in ann a cheapadh ar feadh scaithimh de bharr rud a rinne a pháirtí féin. Ach daoine dá leithéid a bhéas sna Gaeltachtaí ba cheart go mbeadh siad in ann freastail ar mhuintir na Gaeltachta agus go mbeadh an Ghaeilge go láidir acu agus nach mbeadh d'iachall ar dhuine ar bith sa Ghaeltacht, má tá sé ag dul os comhair na cúirte ná rud ar bith mar sin, fianaise a thabhairt i mBéarla. Is í an Ghaeilge an chéad teanga atá ag muintir na Gaeltachta agus níor cheart go mbeadh bac ar bith orthu i labhairt na teanga sin.
Rinne an Teachta Horgan tagairt don Bille agus don aistriúchán. Tá an Bille féin ar fad i nGaeilge agus cuireadh an t-aistriúchán ar fáil le cuidiú le daoine nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Nílimid ag iarraidh bheith ag cur brú ar dhuine ar bith, ach shíleamar ó thárla gur Bille faoi scaipeadh na Gaeilge agus dul chun cinn na Gaeilge a bhí ann gur mhaith an rud é a thabhairt isteach i nGaeilge, agus is maith liom nár chuir duine ar bith ina aghaidh sin. Maidir leis an leagan Béarla, tá aistriúchán ann le cuidiú le daoine agus ní shílim go dtiocfadh le duine ar bith aon locht a fháil air.
Labhair an Teachta Horgan faoin mbord féin agus neamhspleáchas an bhoird. Beidh níos mó neamhspleáchais ag an mbord ná mar a bhí ag an mbord go dtí seo sa mhéid go mbeidh cead acu an fhoireann a thoghadh iad féin. Ní bheidh bac ar bith orthu ar an gcaoi sin. Ní bheidh siad ag dul os comhair Coimisinéirí na Státseirbhíse agus beidh siad saor ar an gcaoi sin daoine a thoghadh a shílfidh siad bheith in ann obair an bhoird a chur ar aghaidh go sásúil. B'fhéidir go bhfuil sé sin níos fearr ná mar a bhí sé go dtí seo. Sílim go bhfuil rialacha ag baint le na Coimisinéirí ag toghadh daoine agus go bhfuil sé fadálach agus, le bheith fírinneach, gur chuir sé sin isteach ar obair an bhoird go dtí seo.
Luaigh an Teachta O'Donnell— thug mé freagra air sin—an ráiteas maidir le buíochas a thabhairt don bhord agus níl aon chall orm é a lua arís. Dúirt sé gur cheart go mbeadh muintir na Gaeltachta ainmnithe mar bhaill an bhoird ach a fhad is cuimhin liomsa nuair a bhí sé féin ag togadh ocht nduine déag níor cuireadh duine ar bith ón nGaeltacht ar an mbord sin. Cuireadh fear amháin gur ó bhunadh na Gaeltachta é ach níor h-ainmníodh go díreach ón nGaeltacht é agus ba olc an mhaise dó bheith ag teacht anseo ag iarraidh muintir na Gaeltachta a mholadh domsa nuair nach ndearna sé iad a cheapadh é féin.
Luaigh sé na Breac-Ghaeltachtaí agus an tábhacht atá ag baint leo agus luaigh sé mo choláiste féin agus gur cheart don choláiste a bheith uilig sa Ghaeltacht. Bhí sé sa nGaeltacht go dtí 1956 agus gearradh amach tuairim is leath den pharóiste nua sin, sin os cionn dhá bliain agus fiche ó shin. Tá mé cinnte de bhun gur gearradh amach an méid sin i 1956 gur ar éigean gur tháinig mórán dul chun cinn ar Ghaeilge san áit sin ó shin, is é sin an chuid a fágadh amuigh, nach mbeadh sé ró-chiallmhar agamsa anois bheith ag iarraidh an chuid sin a thabhairt ar ais tar éis an tamaill fhada sin. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na Breac-Ghaeltachtaí agus beimid ag súil go mbeidh b'fhéidir Bord na Gaeilge ag díriú a n-aghaidhte ar na ceantair sin. Tá an Ghaeilge beo iontu go fóill. Tá neart Gaeilge ag na daoine ach níl siad sásta tabhairt faoi labhairt na Gaeilge. Níl fhios agam cén fáth atá leis. B'fhéidir an imirce, b'fhéidir ceal fostaíochta san am atá caite, gur thuig siad nach raibh aitheantas ar bith le fáil acu agus dá bharr tháinig laghdú ar labhairt na Gaeilge.
Rud amháin a chuireann iontas orm nuair a chuirim na ceantair sin i gcomórtas le ceantair a cuireadh daoine ón nGaeltacht isteach iontu, abraimíd áiteanna cosúil le Rath Chairn agus fiú amháin áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí nó nach bhfuil aitheantas le fáil acu mar Ghaeltachtaí. Bhuail mé féin le daoine scaitheamh ó shin a tháinig ó Chonamara tamall ó shin agus atá thíos i gCill Dara, agus cé nach bhfuil ann ach cúpla clann le chéile tá siad sásta an Ghaeilge a labhairt agus a gclann a thógáil le Gaeilge, rud atá á dhéanamh acu go díreach mar dá mbeadh siad i gceart lár na Gaeltachta, agus nuair a fheiceann tú an rud atá ag tarlú sna Breac-Ghaeltachtaí is doiligh a thuiscint tuige nach bhfuil na daoine sin sásta níos mó Gaeilge a labhairt nuair a chuireann tú i gcomparáid iad le daoine cosúil leis na daoine atá luaite agam.
Labhair an Teachta Woods faoi na deacrachtaí a bhí ag páistí scoile maidir leis an ard-teistiméireacht agus dúirt sé go mba cheart níos mó marcanna a thabhairt le haghaidh labhairt na Gaeilge san ard-teistiméireacht féin. Fuair mise an moladh sin ó dhuine éigin nuair a bhí mé ag taisteal na Gaeltachtaí go mba cheart go mbeadh onóireacha i nGaeilge tughta le haghaidh labhairt na Gaeilge san ard-teistiméireacht. Sílim gur smaoineamh maith é gur cheart go mbeadh níos mó marcanna le fáil do labhairt na Gaeilge san ard-teistiméireacht agus go gcuideodh sé le labhairt na Gaeilge sna meánscóileanna.
Bhí smaointe an-mhaith ag an Teachta O'Keeffe, agus dúirt sé gurb é an rud a bhí i gceist ná muintir na tíre a ghríosadh le níos mó Gaeilge a labhairt. D'aontóinn ar fad leis. Sin an chaoi is fearr leis an nGaeilge a chur chun cinn. Más féidir linn muintir na tíre a thabhairt linn agus a ghríosadh le Gaeilge a labhairt, sin an rud is mó a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn.
Mhínigh an Teachta Briscoe deacrachtaí Béarlóir, duine nach raibh sé de dheis aige Gaeilge a fhoghlaim nó a labhairt nuair a bhí sé ag dul chun na scoile agus sílim gur cheart dúinn agus gur cheart don bhord cuimhniú ar na daoine sin agus na deacrachtaí atá acu. Tá sé réidh go leor ag daoine a tógadh le Gaeilge a labhairt ach daoine dá leitheid seo, sin iad na daoine a gcaithfimíd ár n-aghaidh a dhíriú orthu agus a gcaithfidh an bord tabhairt futhu le cuidiú leo ar gach bealach. Cé nach bhfuil Gaeilge acu tá meas acu ar Ghaeilge agus tá siad ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. I ndeireadh na dála, sin an chaoi is fearr a dtig linn an Ghaeilge a chur chun cinn, má táimíd sásta í thabhairt don aos óg.
Labhair an Teachta O'Toole agus ba mhaith liom moladh a thabhairt don óráid an-mhaith a rinne sé faoi Ghaeilgeoirí atá ag plúchadh na teanga—na purists mar a thug sé orthu. Thiocfainn leis i chuile rud adúirt sé. Tá go leor dochair déanta ag daoine mar sin agus sílim gur beag áird atá orthu feasta, go bhfuil níos mó aitheantais á thabhairt anois do dhaoine atá ag iarraidh beagán a dhéanamh agus atá sásta le cúpla focal a labhairt is cuma an droch-Ghaeilge atá acu nó cén sórt Gaeilge atá acu.
Luaigh sé na scéimeanna a cuireadh ar bun go dtí seo sna Gaeltachtaí maidir le cuidiú le muintir na Gael-tachta. Ní raibh mórán measa aige ar na scéimeanna sin agus ní thiocfainn ar fad leis sa mhéid sin. Sílim nuair a tugadh na scéimeanna sin isteach, deontais bhreise do mhuintir na Gaeltachta, go raibh aitheantas á thabhairt don Ghaeltacht féin, go raibh aitheantas á thabhairt don Ghaeilge; go raibh rud anseo againn ar cheart dúinn a chaomhnú agus a chosaint agus gurb shin an fáth ar tugadh isteach na deontais sin. B'fhéidir nár éirigh chomh maith leis na scéimeanna agus ar mhaith linn, ach san am céanna bhí an prionsabal ceart agus sílim gur chuidigh sé cuid mhaith le muintir na Gaeltachta go raibh na scéimeanna sin ann. Má théann tó chuig na Gaeltachtaí agus na tithe atá acu agus a leithéid sin, feicfidh tú go bhfuil siad níos fearr ná mar atá i gcuid ar bith eile den tír de bharr na scéimeanna sin a bheith ann.
Tá rud eile ann chomh maith, go raibh siad in ann tairbhe níos mó a bhaint as scéimeanna cosúil leis na cúrsaí samhraidh agus as an turasóireacht de bharr tithe chomh maith sin a bheith acu. Mar sin ní ceart a bheith ag tromaíocht ná ag caitheamh anuas ar Rialtas ar bith de bharr na cabhrach a thug siad do mhuintir na Gaeltachta sna scéimeanna sin.
Luaigh an Teachta Killeen rud a bhí ar siúl aige féin, sé sin, na daoine a bhí ag obair leis san áit a raibh sé ag obair sul ar tháinig sé isteach anseo mar Theachta, gur ghríosaigh sé iad Gaeilge a labhairt chuile lá, agus gur íhág siad amach am faoi leith chuile lá le Gaeilge a labhairt. Sílim go bhfuil an-thairbhe i scéim dá leithéid, gurb é sin an chaoi is fearr le Gaeilge a chur chun cinn. Is cuma i monarchain, siopaí nó áit ar bith eile ina mbíonn daoine ag obair, má éiríonn linn iad a chur ag caint Gaeilge ar feadh scaitheamh an lá, tá éacht mór déanta ag duine ar bith a bhfuil sé ina chumas rud mar sin a dhéanamh. Treoraithe i measc an phobail sea daoine atá in ann rud mar sin a dhéanamh, agus beidh níos mó buntáiste ó rud mar sin ná a bheith ag dul chuig ranganna Gaeilge nó obair ar bith eile.
Dúirt an Teachta White gur thuig sé go raibh sé bliana ró-fhada mar théarma ag ball don bhoird. Ceart go leor tá sé fada agus b'fhéidir gur rud é sin go gcaithimid súil a caitheamh air. Níl aon argóint agam leis ar an bpointe sin. Luaigh sé chomh maith gur cheart rosc catha nó slogan de chineál éigin a bheith againn chun cúrsaí na teanga a chur ar aghaidh.
Bhí mé féin i Sligeach cúpla mí ó shin agus bhí buíon ansin agus sé an rose catha a bhí acu ná: "Gaeilge má's féidir, Béarla más gá". Arís sílim go bhfuil ciall i rosc catha den chineál sin agus go bhféadfaimid tuilleadh dóibh a fheiceáil.
Bhí an Teachta Andrews ag cur síos ar Bhaill an Oireachtais, nach ceart go mbéadh sé de bhac ar dhaoine atá san Oireachtas a bheith in a mbaill den bhord. Sin nós atá ann maidir leis na boird ar fad agus sílim gur fearr cloí leis sin. Bheadh sé an dheacair an pholaitíocht a choinneáil amach as bord ina mbeadh Teachtaí agus Seanadóirí ina mbaill. Táim sásta leis mar atá sé—ba mhaith liom an tOireachtas a fhágáil amach maidir le ballraíocht an bhoird.
Maidir leis na scoileanna lán-Ghaelacha agus mar gheall ar chostas thais-tail, sílim gur ceart chuile cuidiú a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar na scoileanna seo, nár ceart bac ar bith a chur orthu maidir le taisteal nó rud ar bith eile. Is maith liom fheiceáil go bhfuil na scoileanna seo ag leathnú amach ar fud na tíre agus is breá fheiceáil chomh maith nach le brú ó Rialtas nó ó eagras ar bith eile atá sé ag teacht ach ó na daoine iad fhéin. Nuair a fheicimid an cineál sin sprid tugann sé misneach dúinn uile, agus tá mé ag súil go mbeidh tuilleadh de na scoileanna lán-Ghaelacha le feiceáil thart ar fud na tíre amach anseo.
Labhair an Teachta Mitchell faoin dul chun cinn atá dá dhéanamh ina Dháil cheantar féin ag na scoileanna sin. Táim cinnte gur cuidiú dóibh agus do dhaoine eile mar oifigí poiblí agus Teachtaí Dála an sprid sin a fheiceáil —go dtugann sé misneach dóibh i dtaobh na Gaeilge fhéin.
Bhí an Teachta Kelly imníoch i dtaobh chuile short agus dúirt sé nach raibh dul chun cinn ar bith déanta againn agus go mb'fhéidir gur fearr dúinn bheith ag caitheamh ár gcuid ama ag múineadh Fraincíse agus a leithéid ins na scoileanna in áit bheith ag cloí le Gaeilge. Is maith liom fheiceáil nach raibh mórán de na Teachtaí eile ag smaoineamh ar an gcaoi sin. B'fhéidir gur fearr ligint don méid a dúirt sé.
, nílimid sásta leis an dul chun cinn atá déanta maidir le labhairt na Gaeilge, agus is de bharr sin atáimid ag féachaint anois le cúrsaí a chur chun tosaigh níos fearr. Ní féidir le duine ar bith a rá nach raibh iarracht déanta. Muna raibh toradh air níor cheart dúinn bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine a rinne iarracht. Is cuma cé hiad, múinteoirí, Airí nó cé hiad féin, bhí bá i gcónaí ag gach Rialtas a bhí i gcumhacht don Ghaeilge agus tá cuid mhaith caite le cúrsaí na teanga a chur chun cinn.
Rinne an Teachta Kelly caint ar thaighde. Is de bharr caspa thaighde nach raibh an toradh ar a gcuid oibre go dtí seo, agus is de bharr taighde a moladh go gcuirfí Bord na Gaeilge ar bun. Ní shílim go raibh duine ar bith ag iarraidh dallamullóg a chur ar dhuine ar bith. Sin é an fáth go bhfuil an bord againn anois. Beimid ag súil le toradh níos fearr ó obair an Rialtais agus na Rannóga Stáit atá ag plé le dul chun cinn na Gaeilge.
Tá cuid mhór den méid a dúirt na Teachtaí eile luaite agam cheana agus ní chaithfidh mé níos mó ama chun freagraí a thabhairt orthu. Ba mhaith liom arís a rá nach bhfuil mé sásta le cúrsaí maidir leis an Ghaeilge fhéin ach nach bhfuil sé fíor a rá go bhfuil teipthe orainn ar fad. Bhí 789,000 duine a dúirt go raibh Gaeilge acu sa bhliain 1971 agus de réir na tuarascála ar Thaighde um Dearcadh an Phobail i dtaobh an Gaeilge, foilsithe i Mí Eanáir, 1976, is cosúil go bhfuil labhairt na Gaeilge go measartha, ar a laghadh, ag tuairim 30 faoin gcéad den den phobal, agus tá 9 faoin gcéad den phobal a bhfuil ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt go maith. Má théann an 40 faoin gcéad sin i mbun na h-oibre i gceart, ba cheart go mbeadh cúrsaí i bhfad níos fearr i gceann deich mbliain eile.
Sin é an rud atá le déanamh againn ar fad—na daoine sin a ghríosadh chun obair níos fearr a dhéanamh maidir le labhairt na Gaeilge. Tá litríocht nua-aoise tagtha chun cinn agus tá líon maith irisí agus tréimhseachán dá foilsiú trí Ghaeilge, cuid acu sa Ghaeltacht fhéin. Ní thig linn bheith sásta go bhfuil go leor acu ann. Ach ar a laghad tá foilseacháin dá chur chun cinn agus beimíd ag súil go mbeidh Amárach ag teacht amach arís agus tá Inniu againn. Beidh an dá fhoilseacháin sin ag freastal ar dhaoine a bhfuil suim acu san teanga.
Rud eile a d'fhéadfainn a rá, go bhfuil níos mó daoine ag teacht isteach ar Ghaeilge a labhairt go nádúrtha ina saol féin, ina gcuid oibre. Tá imeachtaí sóisíalta agus cultúrtha ag dul ar aghaidh níos fearr, agus nuair a mheasctar iad sin le chéile sílim gurb shin caoi chun níos mó daoine a ghríosadh le Gaeilge a labhairt. Aontaím leis na daoine a dúirt go bhfuil níos mó measa ar an Ghaeilge anois ná mar a bhí le fada an lá. Níl a fhios agam cén fáth atá le sin, ach is cuma. Feicimid í ag dul chun cinn agus go bhfuil níos mó daoine sásta tabhairt fúithi. Ní hé sin le rá nach bhfuil cuid mhaith le déanamh againn ar fad, agus beimid ag súil go ndéanfaidh Bord na Gaeilge cúrsaí a chur chun cinn níos fearr. Ach ní orthu san amháin atá an obair seo. Tá sé ar chuile dhuine againn, is cuma an Teachta Dála muid, múinteoirí nó cén obair atá ar siúl againn. Tá Bord na Gaeilge ansin chun an treoir a thabhairt, agus ón méid adúirt na Teachtaí anseo sílim go mbeimid uilig sasta tacaíocht a thabhairt dóibh sna cúrsaí atá idir lámha acu.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le chuile dhuine a thóg páirt san díospóireacht seo. Bhí sé suimiúil agus tá súil agam go bhfeicfimid de thairbhe na díospóireachta seo níos mó Gaeilge in úsáid anseo feasta.
Cuireadh agus aontaíodh an cheist.