Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1978

Vol. 306 No. 2

Written Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.

91. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mó duine a bhí fostaithe go lán-aimsireach sa Gaeltacht i mbeartais a fuair cabhair ó Ghaeltarra Éireann (a) an 31 Nollaig 1957, nó an dáta is cóngraí dó sin dá bhfuil tuarascáil bhliantúil Ghaeltarra Éireann ar fáil (b) an 31 Nollaig 1972, agus (c) an 31 Nollaig 1977.

Is ar 1 Aibreán 1958 a bunaíodh Gaeltarra Éireann mar bhord reachtúil agus baineann an chéad tuarascáil leis an mbliain dar chríoch 31 Márta 1959. Ar an dáta sin bhí 656 dhuine fostaithe go lánaimseartha i rannóga trádála Ghaeltarra. Sa bhliain 1965 tugadh cumhachtaí breise do Ghaeltarra chun tionscail a chur chun cinn agus tosaíodh ar an eagraíocht a neartú chun feidhm a bhaint astu. De réir a chéile tháinig fás ar an bhfostaíocht faoi scáth Ghaeltarra (is é sin, ina rannóga trádála féin—a ndearnadh fochomhlachtaí díobh tar éis tamaill— agus sna tionscail ar chabhraigh sé leo): fás de bhreis ar 400 ar an meán in aghaidh na bliana a tháinig le seacht mbliana anuas. B'é líon na bhfostaithe lánaimsire faoi scáth Ghaeltarra in ndeireadh na bliana ná 1,857 i 1972, 2,366 i 1973, 3,502 i 1976 agus 4,213 i 1977.

Top
Share