Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1978

Vol. 306 No. 2

Written Answers. - Reachtaíocht na Gaeltachta.

93. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén reachtaíocht nua a raibh baint ag a Roinn léi a cuireadh faoi bhráid na Dála idir Iúil 1969 agus Márta 1973.

Is é an tAcht it tábhachtaí a raibh baint ag mo Roinnse leis le fada ná an ceann a thug cumhachtaí móra breise do Ghaeltarra Éireann chun tionscail a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta—na cumhachtaí faoina bhfuil Gaeltarra ag feidhmiú riamh ó shin. An tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965, atá i gceist agam agus rinneadh leasuithe air sna blianta 1968 agus 1971. Ón mbliain 1971 i leith ní raibh aon reachtaíocht ach amháin chun an uasteorainn d'airleacain as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra a ardú sna blianta 1974, 1975 agus 1977.

Top
Share