Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1978

Vol. 306 No. 2

Written Answers. - Tionscnaimh Ghaeltachtaí na Mí

110. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na tionscnaimh eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a tugadh chun críche i nGaeltachtaí na Mí (a) roimh 1973, agus (b) ó 1973 i leith, agus iomlán na fostaíochta a cruthaíodh agus iomlán an airgid a caitheadh i ngach tréimhse den dá thréimhse.

Tugadh aitheantas do cheantair áirithe i gContae na Mí mar chuid den Ghaeltacht sa bhliain 1967 agus ó shin i leith tá buntáistí na scéimeanna uile atá á reachtáil ag mo Roinnse agus ag Gaeltarra Éireann ar fáil sna ceantair sin.

Sa tréimhse roimh 1 Aibreán 1973 d'íoc mo Roinnse breis agus £25,000 le daoine sna ceantair sin faoi scéimeanna tithíochta, talmhaíochta agus sóisialta agus d'íoc Gaeltarra £17,650 mar dheontais tionscail. Ar 31 Nollaig 1972 bhí 30 duine fostaithe in dhá thionscal ar chabhraigh Gaeltarra leo.

Sa tréimhse 1 Aibreán 1973 go 31 Nollaig 1977 d'íoc mo Roinnse £14,842 le daoine sna ceantair sin faoi scéimeanna tithíochta, talmhaíochta agus sóisialta, £42,100 i leith hallaí a bhí ceadaithe roimh 1 Aibreán 1973 agus £6,500 le comharchumann agus chaith Gaeltarra Éireann £851,978 ar dheontais, scaireanna, thalamh agus mhonarchana ar mhaithe le tionscail. Ar 31 Nollaig 1977 bhí 185 dhuine fostaithe i gceithre thionscal ar chabhraigh Gaeltarra leo.

Is faoi scéimeanna a ceapadh roimh 1973 a rinneadh an dul chun cinn uile.

Top
Share