asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware of a contract entered into by Gaeltarra Éireann with a farmer (details supplied) in Ballingeary, County Cork almost eight years ago which is still not honoured and if he would have the matter investigated.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann County Cork Contract.
17.
Níl éolas agamsa faoina bhfuil luaite ag an Teachta ach tá iarrtha agam ar Ghaeltarra Éireann an cheist a phlé a luaithe is féidir leis an té atá ainmnithe aige agus scéal a chur chugam.
An bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil argóint ar siúl idir an fear seo agus Gaeltarra le hocht mbliain anuas agus go bhfuil sé thar am é bheith críochnaithe?
Ba mhaith liom a chur in iúil don Teach go bhfuil mé taréis iarraidh ar Ghaeltarra an scéal a réiteach go luath. Nuair a bheidh an t-eolas sin agam cuirfidh mé scéal chuig an Teachta.