Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Jul 1979

Vol. 315 No. 12

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

124.

asked the Minister for the Gaeltacht the reason for the delay in making Údarás na Gaeltachta election regulations.

Faoi mar atá ráite agam cheana, tá beartaithe agam an chéad toghchán d'Údarás na Gaeltachta a chur ar siúl roimh dheireadh na bliana seo.

Is é an cuspóir atá agam ná go mbeidh an toghchán ann i mí na Nollag agus go mbunófar an tUdarás i dtús na bliana seo chugainn. Dá réir sin tá fógra maith á thabhairt agam anois d'iarrthóirí sa toghchán. Sula bhféadfar dul ar aghaidh leis na socruithe don toghchán, áfach, beidh rialacháin le déanamh agam. Leagfaidh mé dréacht de na rialacháin sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus iarrfaidh mé ar gach Teach rún a rith ag ceadú an dréachta. Cé nach bhfuil sé riachtanach an dréacht a leagan faoi bhráid na Dála roimh shos an tsamhraidh, bhí dóchas agam go bhféadfainn é sin a dhéanamh ach níl sé ullamh go fóill.

Is amhlaidh ba mhian leis an Dréachtóir Parlaiminte go bhfaighfí comhairle ó shaineolaithe sa Roinn Comhshaoil sula nglanfadh sé an dréacht. Le tamall anuas bhí brú mór oibre ar na saineolaithe sin leis na socruithe do na toghcháin áitiúla, an toghchán do Thionól na hEorpa agus na reifrinn agus ní raibh deis acu comhairle a thabhairt chomh tapaidh agus ba mhaith linn uile. Ní miste a lua nach bhfuil aon fhreagracht ar an Aire Comhshaoil sa ghnó seo.

A luaithe a thiocfaidh an Dáil le chéile tar éis an tsamhraidh beidh mé ag súil le comhoibriú ó Theachtaí chun an rún cuí a rith.

Top
Share