Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara Uair anois."
I move: "That the Bill be now read a Second Time."
Is é cuspóir an Bhille seo ná feidhm reachtúil a thabhairt do mhéaduithe a rinneadh ar rátaí na ndeontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ón mbliain 1972 i leith. Is iad seo a leanas na gnáth-uasdeontais atá i bhfeidhm faoi láthair:—
£2,000 chun teach a thógáil,
£750 chun teach a fheabhsú,
£360 do chóras uisce,
£300 do chóras séarachais,
£600 do sheomra folctha le huiscete,
£170 chun córas uisce nóséarachais a fheabhsú,
£810 chun trí sheomra do chuairteoiría chur le teach, agus
£600 chun sealla saoire a thógáil.
Is le tithe nua arna dtosú i ndiaidh 26 Bealtaine 1977 a bhaineann an £2,000 agus baineann na deontais eile le hoibreacha arna dtosú i ndiaidh 31 Deireadh Fómhair 1977. Is méaduithe móra iad uile ar na deontais a bhí i bhfeidhm cheana agus tá siad ar fáil d'iarratasóirí cáilithe gan aird ar an teacht isteach a bhíonn acu. D'oibreacha lena mbaineann na deontais sin tá deireadh le deontais fhorlíontacha ó chomhairlí contae. Tá deontais níos mó fós ar fáil do mhuintir na n-oileán Gaeltachta amach ón gcósta: 50 faoin gcéad breise anuas ar na deontais atá luaite agam. Tá forálacha sa Bhille seo freisin do dheontais a bhí i bhfeidhm cheana ó 1 Meitheamh 1972 agus 1 Eanáir 1973 ar aghaidh. Ní miste a lua go raibh an Coiste um Chuntais Phoiblí ag gearán nuair nár tugadh isteach na forálacha ina leith i bhfad níos luaithe. Tá dúil agam go mbeidh gach uile dhuine sásta leis an mBille cuimsitheach atá anois againn.
D'fhonn deacrachtaí faoi mar a bhí i gceist ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí a sheachaint feasta tá prionsabal úr amháin in alt 7 den Bhille seo: is é sin go bhféadfaidh Aire na Gaeltacha, le toiliú an Aire Airgeadais, "méid aon deontais is iníoctha faoi na hAchtanna a athrú ó am go ham le rialacháin." Ar ndóigh, beidh aon rialacháin a dhéanfar le leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas sa ghnáthshlí.
Ón mbliain 1929 i leith tá Achtanna speisialta i bhfeidhm ar mhaithe le cúrsaí tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Bhí géarghá leis an Acht bunaidh a ritheadh sa bhliain 1929 i ngeall ar an drochbhail a bhí ar thithíocht sna ceantair Ghaeltachta an t-am úd. Le himeacht ama, ar ndóigh, tháinig an-fheabhas ar thithe sa Ghaeltacht le cabhair na ndeontas speisialta i gcaoi gur beag ceantar tuaithe eile sa tír anois ina bhfuil tithe níos fearr le feiceáil.
Cabhair chun tithe nua a thógáil nó seantithe a fheabhsú a bhí le fáil i dtús báire faoi na hAchtanna ach cuireadh leis an raon deontas ó thráth go chéile—mar is léir ón liosta atá tugtha agam cheana. Tuigimid uile an tábhacht a bhaineann leis an turasóireacht do na ceantair Ghaeltachta. Is féidir a rá gur sa Ghaeltacht atá cuid de na ceantair is áille sa tír. Lena chois sin, ar ndóigh, is í an Ghaeilge atá mar ghnáth-theanga i gcuid mhaith de na ceantair sin. Ní ionadh mar sin go mbeadh tarraingt mhór ar an nGaeltacht go háirithe ag cuairteoirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Mar léiriú air sin chuaigh níos mó ná 18,000 scoláire chun na Gaeltachta i mbliana le cabhair scéime eile de chuid na Roinne chun slacht a chur ar a gcuid Gaeilge. Is mór mar a chuidíonn na cuairteoirí sin le teacht isteach mhuintir na Gaeltachta ach, murach an obair atá déanta leis na blianta ar mhaithe le cúrsaí tithíochta, ní bheadh ar chumas na ndaoine freastal ar an líon sin cuairteoirí.
Tá an obair thithíochta ag dul ar aghaidh i gcónaí. Dá chomhartha sin cuireadh críoch le breis agus 2,000 teach nua le cúnamh faoi na hAchtanna ó thús na seachtóidí agus íocadh deontais ar mhaithe le hoibreacha feabhsúcháin, seomraí breise, seomraí folctha, saoráidí sláintíochta i dtimpeall 10,000 cás eile. Ó thárla gur i mBéarla a ritheadh an tAcht bunaidh leathchéad bliain ó shin is i mBéarla atá an Bille seo le rith freisin. Mar áis do Theachtaí sa díospóireacht seo, áfach, tá leagan Gaeilge den Bhille curtha timpeall chomh maith.
Is ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus le leas na Gaeilge atá cabhair bhreise le fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Is deimhin liom go dtuigeann Teachtaí ar gach taobh den Teach an gá atá leis an gcabhair bhreise sin. Tá dúil agam, dá bhrí sin, go nglacfar go fonnmhar leis an mBille atá á mholadh anois agam don Dáil.
B'fhéidir nár mhiste a lua ag an bpointe seo go mbeidh cúpla leasú le moladh agam ar Chéim an Choiste d'fhonn cur leis an gcúnamh atá ar fáil go dtí seo.
Is é atá i gceist sa chéad leasú ná cumhacht a fháil le go bhféadfaí deontas a thabhairt chun foirgneamh a oiriúnú mar bhrú. Tá cumhacht sna hAchtanna le fiche bliain anuas chun deontas a thabhairt le "brú a thógáil agus a throscánú" ach, más main le dream iontaofa foirgneamh atá ann cheana a oiriúnú mar bhrú, ní thig linn teacht i gcabhair orthu. Cheal cumhachta den chineál atá luaite agam ní raibh dul as againn ach diúltú d'iarratas ó eagras deonach na gCampaí Oibre a bhíonn ag saothrú ar Oileán Chléire, Co. Chorcaí, bliain i ndiaidh bliana agus Coláiste Gaeilge na gCampaí Oibre á reachtáil agus oibreacha eile á ndéanamh acu ar mhaithe leis an bpobal ar an oileán. Is mór agam an obair a bhíonn ar siúl ag an dream díograiseach sin agus ba mhaith liom bheith in ann géilleadh don iarratas uathu agus d'aon iarratas eile dá leithéid a thiocfadh ar aghaidh. Beidh ar mo chumas é sin a dhéanamh má ghlactar leis an leasú a bheidh á mholadh agam.
Baineann an dara leasú le deontas cúlchoire nó gléas eile a dhófaidh crua-bhreosla a chur isteach d'fhonn uisce te a sholáthar—feabhsúchán atá an-tábhachtach na laethanta seo, go háirithe dá mbeifí ag brath ar ola. Is amhlaidh atá cosc reachtúil ar dheontas chun na críche sin dá mbeadh deontas eile—deontas feabhsúcháin nó deontas tógála—íoctha le seacht mbliana anuas: beidh leasú á mholadh agam chun an cosc sin a chur as feidhm i gcaoi go bhféadfar brostú leis na háiseanna atá luaite agam. Tá na leasuithe dréachtaithe agus, a luaithe a ghlacfar leis an Dara Céim den Bhille, cuirfear timpeall iad.