Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Apr 1980

Vol. 319 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Lán-Ghaelach Inse Chór (Baile Átha Cliath).

7. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil foirgneamh nua á thógáil do Scoil Lán-Ghaelach Inse Chór, Baile Átha Cliath, 8.

Níl foirgneamh nua á thógáil faoi láthair don Scoil Lán-Ghaelach in Inse Chór, Baile Átha Cliath mar nach bhfuil suíomh curtha ar fáil go fóil chuige sin.

Tá an cás á scrúdú agam le súil go mbeifear in ann teacht ar réiteach sásúil roimh i bhfad.

Cad tá á dhéanamh ag an Aire suíomh seasmhach a fháil don scoil seo?

Níl sé de dhualgas orm suíomh d'fháil don lucht riartha. Tá an dualgas sin i gcónai ar an gcathaoirleach agus ar an mbord atá ag gníomhú mar bhainisteoireacht scoile ach tá mé ag tabhairt pé cúnamh is féidir liom chun suíomh d'fháil. Mar shampla, tá cigire anois ag déanamh iniúchadh ar an dtaobh sin den chathair ag féachaint an bhfuil aon áit sásúil chun an scoil seo a thógáil inti. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuilimid sásta costas iomlán an tsuímh a thabhairt dos na bainisteoirí.

An bhfuil a fhios ag an Aire cé chomh tábhachtach is atá an gnó seo, mar caithfidh an scoil bheith as an fhoirgneamh sealadach ina bhfuil siad faoi láthair roimh an Meitheamh seo chugainn?

Tá a fhios agam gur ceist phráinneach ar fad é ach ní ormsa atá an dualgas an suíomh a fháil. Tá mé ag tabhairt pé cúnamh is féidir liom don lucht bhainistíochta chun suíomh ceart a fháil.

Níl mé sásta leis na freagraí ón Aire agus ba mhaith liom an t-ábhar seo a phlé anocht ar an ath-ló.

Beidh mé ag caint leis an Teachta um thráthnóna.

Top
Share