Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Jun 1980

Vol. 321 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth ar cheap sí Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta go lánaimseartha.

11.

asked the Minister for the Gaeltacht the current salary of the Chairman of Údarás na Gaeltachta.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna 10 agus 11 le chéile. Is é an cuspóir atá leis an gceapachán sealadach lánaimsire ná níos mó ama a thabhairt don Chathaoirleach le heolas a fháil ar na fadhbanna casta ar fud na Gaeltachta agus ar na bealaí is fearr chun iad a réiteach: dá mhéad eolais a bheidh aige faoi na cúrsaí sin is ea is éifeachtaí a bheidh Údarás na Gaeltachta i mbun oibre.

Is é £2,000 in aghaidh na bliana luach saothair an Chathaoirligh agus, fad a bheidh sé ar iasacht ó Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, aisíocfaidh an tÚdarás a ghnáth-thuarastal leis an gcomhairle.

An bhfuil an tAire sásta geallúint a thabhairt don Teach nach mbeidh an cathaoirleach sealadach ann níos mó ná trí mhí?

Cén fáth a dtabharfainn geallúint mar sin?

Anois táimid ag teacht ar an fhírinne. San ráfla a chuir sí amach an raibh an tAire ag rá go mbeidh an cathaoirleach sealadach seo ann ar feadh na blianta? Nár dhúirt sí cheana nach mbeadh sé ann ach trí mhí?

Níor chuir mé amach ráfla, ach ráiteas oifigiúil. Chuir mé ráiteas amach nuair a ceapadh an cathaoirleadh, Bainnisteoir Chontae Mhuigheo, sa phost seo lán-aimsearach. Dúbhairt mé san ráiteas sin go mbeadh sé ann go dtí an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair. Sin atá ar intinn agam.

Is the Minister aware that the said manager when interviewed by Radio na Gaeltachta said that he was there only in a temporary capacity for three months? Is she now telling the House that the manager will not be there for longer than three months?

I ráiteas oifigiúil, dúirt an bainnisteoir chontae agus mé féin go mbeadh sé ann go dtí an chéad lá de Dheireadh Fómhair seo chugainn mar chathaoirleach lánaimsireach. D'fiafraigh an Teachta uaim an bhféadfainn geallúint a thabhairt don Teach nach mbeadh sé ann tar éis an chéad lá de Mhí Dheireadh Fómhair. Bheadh sé mí-mhacánta domsa dá ndéanfainn sin, ach níl sé i gceist agam ag an bpoinnte seo go mbeidh sé.

Tá sé soiléir anois nach bhfuil gach rud i gceart.

Níl sé sin soiléir.

Top
Share