Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghlacadh leis an dá Theachta a labhair ar an Meastachán do Roinn na Gaeltachta. Tá mé faoi chomaoin acu mar tuigim gur ag cabhrú liom féin mar Aire na Gaeltachta agus obair na Roinne atá siad nuair a deireann siad na rudaí b'fhéidir ag cáineadh ní na Roinne ach polasaithe áirithe de chuid Rialtas éagsúla. Tá roinnt ceisteanna ardaithe ag an dá Theachta agus b'fhéidir go ndeileálóidh mé leo sin ar dtús sula ndéarfaidh mé ráiteas ginearálta faoi chúrsaí mar atá siad sna Gaeltachtaí ar fad. Luaigh an Teachta Horgan na haltanna a bhí i gceann do na páipéir laethúla le gairid. Caithfídh mé a rá gur léigh mé na haltanna sin, go bhfuil aithne agam ar an údar agus go naontaím go bhfuil a lán ama caite aige ag cuairt agus ina chónaí sna Gaeltachtaí, go mór mhór i nGaeltacht Chonamara, ag cur aithne ar agus ag caint leis na daoine a dhéanann chuid mhaith oibre thar ceann muintir na Gaeltachta. Mar sin, bhí suim faoi leith agam ins an méid a bhí le rá aige faoi na Gaeltachtaí. Bhí a lán den fhirinne aige, aontaím, agus tá sé chomh maith an fhírinne a inseacht.
Thug mé cuairt ar na Gaeltachtaí ar fad, beagnach, taobh amuigh de na hoileáin, le roinnt seachtainí anuas agus feictear dom i gceantracha Ghaeltachta áirithe nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir agus a bhí sí. Fiú amháin sul ar thug mé cuairt ar na Gaeltachtaí, ón méid sin litreacha a fhaigheann mé ó na Teachtaí Dála a bhfuil Gaeltachtaí ina nDáil cheantair, feicim, mar a dúirt an Teachta Begley inniu, go bhfuil daltaí ag freastal ar scoileanna sna Gaeltachtaí nach féidir leo an t-oideachas ceart i nGaeilge a fháil go minic toisc nach í an Ghaeilge a bhíonn mar ghnáth theanga teallaigh sa mbaile acu. Ní deirimse le muintir an Gaeltachta gur ceart dóibh Gaeilge amháin a labhairt sa mbaile—sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbéadh an dá theanga ag chuile pháiste sa tír seo—ach bheadh an-díomá orm dá gcrothófaí dom go raibh furmhór de thuismitheoirí na Gaeltachta ag labhairt Béarla lena gclann.
Sílim go bhfuil fáthanna éagsúla leis an gcaoi a bhfuil rudaí ann faoi láthair, agus b'fhéidir an fáth ba mhó atá ann, agus glacaim leis, ná nach raibh ag Gaeltarra Éireann nuair a chuaigh siad i mbun forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta an béim mar ba chóir acu ar úsáid na Gaeilge ins an monarchain i measc na noibrithe, fiú amháin i measc foireann Ghaeltarra féin. Ba chóir dóibh go mbeadh, agus mar a deirim, sin b'fhéidir an fáth ba mhó gur cuireadh alt speisialta isteach ins an Acht um Udarás na Gaeltachta chun go dtabharfadh Údarás na Gaeltachta tús áite, nuair a chuirfí monarcha ar bun, nó nuair a bheidís i mbun fostaíocht a chur ar bun do muintir na Gaeltachta, do úsáid na Gaeilge agus caomhnú na Gaeilge, go mbeadh sé mar phríomh aidhm chumarsáide sa Ghaeltacht go ndéanfaí caomhnú agus leathnú na Gaeilge; go mbeadh an tÚdarás freisin ag spreagadh na Gaeilge, agus go gcinntódh an tÚdarás gurb í an Ghaeilge a úsáidfí chomh fada agus ab fhéidir i mbun gnótha sa Ghaeltacht.
Bheadh níos mó dóchas agam ná na Teachtaí a labhair i dtaobh cúrsaí eacnamaíochta na Gaeltachtaí agus an chaoí ar féidir forbairt eacnamaíochta a cheangal go dlúth le úsáid na teanga sa Ghaeltacht. Aon uair a raibh deis agamsa labhairt le foireann mhonarchain nó le foireann an Údaráis nó le Bord an Údaráis, chuir mé béim an-mhór ar an úsaid ba cheart a bhaint den Ghaeilge agus an béim gur cheart a leagan ar an teanga i gcúrsaí eacnamaíochta agus forbairt sna Gaeltachtaí.
Deir an Teachta Begley go gceapann sé go pearsanta go bhfuil deacrachtaí san Údarás faoi láthair. Mar atá a fhios aige, agus mar léirigh mé dó ag freagairt cheist uaidh an tseachtain seo caite, cheap mé le déanaí Cathaoirleach an Údaráis go lán-aimseartha go dtí an chéad lá de Dheireadh Fómhair seo chugainn. Dúirt mé ar an ócáid sin go bhfuil súil agam nach mbeidh gá go leanfadh sé taréis an tréimhse sin mar chathaoirleach. Is í an fáth is mó go ndeachaigh sé isteach ná go raibh post aige mar Bhainisteoir Chontae Mhuigheo agus ag an am chéanna mar chathaoirleach Údarás na Gaeltachta. Thuig sé go raibh deacracht mhór aige an obair atá ar siúl ag an Údarás a thuiscint, an obair ó thaobh eacnamaíochta na Gaeltachta a chur chun cinn, agus cheap sé, chun go mbeadh eolas níos fearr aige ar an obair atá ar siúl ag an Údarás agus ar na deacrachtaí atá acu, gur cheart dó dul isteach go lán aimseartha.
Chuir an Teachta Begley an cheist díreach, an raibh eolas ag an bpríomh fheidhmeannach mar gheall ar an cheapachán sula ndearnadh é? Bhí eolas aige faoí, pléadh leis é agus ghlac sé go fonnmhar leis. Teastaíonn uaidh freisin go mbeadh eolas cruinn ag baill a bhfuil freagrach dó faoí chúrsaí forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta, agus mar sin, níl aon deacrachtaí ann agus ba mhaith liom é sin a léiriú go soiléir.
Maidir leis an deontas £10 a árdú, níl sé i gceist, mar d'fhreagair mé don Teachta céanna cúpla seachtain ó shin, é a ardú faoi láthair, ach tá mé ag breathnú air—os rud é go ndearnadh a lán cainte faoi agus mé ag taisteal na Gaeltachta—idir seo agus tús na bliana seo chugainn. I gcás gur diúltigh oifígí mo Roinne an deontas deich bpunt a thabhairt do aon pháiste, beidh seans agam aithbhreithniú a dhéanamh ar sin agus b'fhéidir scrúdú eile a chur ar an bpáiste. I gcásanna deacrachtaí áirithe, bíonn seans ag oifígí mo Roinne glaoch ar thuismitheoirí na bpáistí agus an rud a phlé leo, ach beagnach i gcónaí is fíorannamh nach dtugtar seans iomlán do pháiste atá lag in úsáid na Gaeilge nó i labhairt na Gaeilge, agus nuair a thagtar ar ais chun an scrúdú a dhéanamh an dara bhlian bíonn sé le feiceáil go soiléir sa chuid is mó de na cásanna go bíonn feabhas íontach, mar a dúirt an Teachta Begley, ar an Ghaeilge.
Tá mé cinnte go mbeidh an-áthas ar an Teachta go bhfuil sé i gceist agamsa Scéim na nDeontas Títhíochta a athrú ar mhaithe leo siúd a thagann abhaile, b'fhéidir ó Shasana nó as Mheiriceá nó a thagann as ceanntracha eile ar fud na tíre le tithe a thógáil sa mbaile agus go mbíonn deacrachtaí acu ar dtús ó thaobh an choinníoll sin go mbíonn orthu gnáthchónaí a bheith acu sa Ghaeltacht nó go mbíonn deacrachtaí acu i dtaobh úsáid na Gaeilge mar ghnáth theanga theaghlaigh. Faoi láthair, mar atá a fhios ag chuile dhuine, ní féidir an deontas a cheadú go dtí go mbíonn an cigire agus mise sásta go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe i dtaobh na Gaeilge agus gnáth chónaí sa Ghaeltacht aige. Sin iad an dá choinníoll go mbíonn an deacracht is mó fúthu.
Ba mhaith liomsa dul i gcabhair ar dhaoine den tsórt sin, agus séard tá beartaithe agam san scéim nua gan teach a dhiúltú dóibh ach gur cheart dóibh brostú ar aghaidh le títhe a thógáil le cúnamh ón Roinn Comhshaoil—go gcuirfeadh siad isteach iarratais ar an £1,000 deontas ón Roinn sin. Iarratasóirí den chineál seo a mbeidh ar a gcumas leiriú taobh istigh de chúpla bliain go bhfuil ghnáth-chonaí acu sa Ghaeltacht agus go bhfuil an Ghaeilge curtha i réim acu mar ghnáth theanga theaghlaigh, beidh deontas speisialta suas go dtí £800 le fáil acu thar bharr an deontais £1,000 ón Roinn Comhshaoil. Sílim go mbeidh roinnt mhór de mhuintir na Gaeltachta sásta go bhfuil mé ag teacht i gcabhair ar dhaoine den tsórt seo a thagann abhaile, de bharr feabhas eacnamaíochta sa bhaile agus go bhfuil seans acu post a fháil sa mbaile, agus a thógann a gclann le Gaeilge. Tá mé cinnte go rachaidh an scéim seo cuid mhaith den bhealach le réiteach a fháil ar na fadhbanna atá ann faoi láthair a bhaineann leis na deontais títhe atá le fáil ó mo Roinn.
Labhair an Teachta Horgan faoin chaoí a fhreagraímse Ceisteanna Dála anseo. Bheadh an-aithbhéal ormsa dá gceapfadh aon duine gur chreid mise, go pearsanta nó mar Aire, nach raibh cead ag aon duine sa Teach seo nó taobh amuigh de nach raibh Gaeilge ar a dtoil acu ceisteanna faoi chúrsaí eacnamaíochta nó cultúrtha a phlé i leith na Gaeltachta nó i leith na Gaeilge. Ní sin an chreidiúint pearsanta atá agamsa. Creidim go bhfuil sé ceart agus cóir ag chuile dhuine sa tír seo a bheith ag plé agus ag caint faoi chúrsaí na teanga agus na Gaeltachta agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach gur féidir iad seo a phlé istigh i nDáil Éireann. Mar a deirim, má táimid i ndáiríre faoi cheist na teanga, má táimid i ndáiríre mar Bhaill den Teach seo, toghtha ag muintir na hÉireann, faoi dul chun cinn na teanga mar ghnáth-theanga urlabhra ar fud na hÉireann, tá sé de dhualgas orainn an Ghaeilge a chur chun cinn taobh istigh den Dáil agus an Seanad ar dtús. Ní dóigh liomsa gur ceart do aon duine, mé féin ina measc, sa Teach seo a bheith ag cur faoi deara do phobal forleathan na tíre seo an Ghaeilge a úsáid lena bpáistí, ina measc féin ina gcuid dualgas gnó agus tí, mura bhfuilimíd féin sásta iarracht a dhéanamh sa Rialtas agus i measc na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí an Ghaeilge a chur chun cinn inár measc féin. Dar liomsa go fada—agus tá mé cinnte go n-aontódh an Teachta Horgan liom—an rud is fearr ná dá bhféadfadh na trí pairtíthe polaitíochta sa Teach seo teacht le chéile agus socrú deimhníoch a dhéanamh iad féin faoi céard is mian leo a dhéanamh nó céard atá siad sásta a dhéanamh le dul chun cinn na Gaeilge i measc a gcuid Teachtaí Dála féin a dhéanamh.
Faraoir, agus is oth liom é a rá, ní rabhamar in ann teacht ar réiteach den tsórt sin leis na páirtíthe polaitíochta ar fad. Táimidne i bpairtí Fhianna Fáil ag dul ar aghaidh leis linn féin agus beidh mise sásta é a phlé le haon duine dena Teachtaí Dála ar an dtaobh thall nó leis na ceannairí pairtí, nó beidh Bord na Gaeilge sásta é a phlé leo, go bhfeicimid céard is féidir linn a dhéanamh le féabhas a cur ar an gceist sin.
Ní miste a lua go mbeidh cuid de Roinn na Gaeltachta ag aistriú go Gaeltacht Chonamara, go dtí Na Forbacha, i gceann coicíse nó mar sin. Mar atá a fhios againn tá an oifíg nua tógtha agus is cuid de phlean an Rialtais seo dílárú a dhéanamh chomh fada agus is féidir é sin a dhéanamh ar Ranna Stáit. Tá 30 oifígeach nó mar sin i gceist ins an dílárú de chuid Roinn na Gaeltachta agus sílim go gcuideoidh sé lena thaispeáint do mhuintir na tíre go bhfuil an Roinn lán-dáiríre i dtaobh forbairt eacnamaíochta agus forbairt chultúrtha na Gaeltachta, gur cheart duinn brú ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir leis an dílárú sin.
Tuigeann Teachtaí gurb í an Ghaeltacht foinse agus tobar na teangan agus gurb í an Ghaeltacht agus a slánú ar sin a chaomhnós chugainn an chuid is luachmhaire dár gcultúr nó dár n-oidhreacht. Is tuar dóchais domsa an dea-thoil atá ann anois don Ghaeltacht agus don Ghaeilge atá le n-aireachtáil go forleathan sin ar fud na tíre agus is gnó é a bhaineann linn uilig an bhá atá ann anois don Ghaeilge, don teanga agus don chultúr a shaothrú ar bhealach go mbeidh siad fonnmhar iarracht phearsanta a dhéanamh iad féin iarracht leanúnach le go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáth-mhéan cumarsáide. Ba mhaith liom a rá chomh fada agus a bhaineann sé liomsa mar Aire na Gaeltachta mar bhall den Teach seo go mbeidh mise sásta aon chomhoibriú nó aon chabhair a thabhairt agus nár mhaith liom go rachadh éinne amach as an dTeach leis an dtuairim nach bhfuil mé sásta cur suas le duine nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil, go dtugaim chuile chabhair gur féidir liom don té sin. Mar sin, mar a deirim, beimid ag brath orainn anseo, ar mhuintir na tíre, ach go háirithe ar Bhord na Gaeilge agus ar an Údarás le forbairt na teangan agus forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta a chur chun cinn san bhliain atá amach romhainn.
Cuireadh agus aontaíodh an Vóta.