Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Dec 1980

Vol. 325 No. 8

Written Answers. - Scoil Chuimsitheach Dhún na nGall.

54. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an mbeadh sé toilteanach post breise mar mhúinteoir ceoil a chruthú do Scoil Chuimsitheach an Fháil Charraigh, Contae Dhún na nGall, ainneoin go bhfuil an cuóta múinteoirí cheana féin ag an scoil; de bharr an líon mór daltaí (658) atá gan teagasc ceoil dá éagmais agus de bharr freisin an ceantar an-mhór a bheith gan scoil chuimsitheach eile seachas an scoil sin.

Isé an cúram atá ar mo Roinn i gcúrsaí fóirne pobalscoile ná líon áirithe múinteoirí a cheadú i leith na scoile ar bhonn ionrollú na mac léinn. Is iad na hudaráis bhainistíochta atá freagrach as ceapachán na múinteoirí agus as a ndáiliú i bhfeidhil ábhar áirithe de réir riachtanaisí na scoileanna.

Maidir le Pobalscoil Chloich Cheann-fhaola, An Fhálcarrach, tá foireann iomlán ceadaithe agus fostaithe sa scoil cheana féin. Ní fhéadfaí múinteoir breise ar líon na múinteoirí sin a cheadú.

Top
Share