Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Feb 1981

Vol. 326 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

5. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sí sásta leis an slí a bhfuil Údarás na Gaeltachta ag obair.

Táim sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag obair go dian chun a ndualgais i leith na Gaeltachta a chomhlíonadh.

An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil sí sásta i dtaobh an aighnis a bhí ina contae féin le déanaí idir na hoibritheoirí agus an Údarás?

Ceist eile ar fad é sin agus má tá an Teachta sásta ceist a chur síos ina thaobh beidh mé lán tsásta é a fhreagairt.

Mar sin, tá an tAire ag rá go bhfuil sí lán tsásta faoin slí ina raibh oifig Udaráis na Gaeltachta i gcoinne na n-oibritheoirí san chás sin. An bhfuil sí lán tsásta faoin slí——

Ní dúirt mé rud dá shórt. Tá an Teachta ag iarraidh bréag a chur i mo leith. Níl sa cheist seo a chuir sé síos ach ceist ghinearálta faoin slí atá Údarás na Gaeltachta ag obair faoi láthair. Má theastaíonn uaidh ceist a chur síos faoin aighneas sin beidh mé lán tsásta é a phlé sa Teach.

An bhfuair an tAire aon mholtaí le déanaí ó Údarás na Gaeltachta chun tuilleadh cumhachta a fháil?

Ní bhfuair mé.

Is the Minister or an tÚdarás responsible for the recent close down of the Seaplast factory in Spiddal?

Dúirt mé leis an Teachta Begley nach bhfuil aon bhaint ag an gceist sin nó ag an aighneas a phléigh an Teachta leis an cheist atá os mo chomhair. Má theastaíonn ón Teachta Donnellan, ón Teachta Begley nó aon Teachta eile sa Teach, ceist a chur síos faoin aighneas sin bheidh mise lán tsásta é a phlé anseo.

It is in the Minister's own constituency and she should be familiar with it. People out there are saying it was she who closed it.

Is féidir liom a rá nach raibh a fhios ag an Teachta Donnellan go raibh Gaeltacht sa tír ach le fíor ghairid.

Top
Share