There can be no doubt that Donegal has not been favoured over the years. At last however positive interest is being taken in the region. In recent years this has been reflected in the increased allocation of funds by central Government to the county. Donegal is not asking for luxuries but basic essentials. If the Government allocate the necessary money to provide these basic essentials, and I am convinced that this Government will, then the enterprising and hard working people of County Donegal will do the rest. There should be no let up in the recognition by the Government of the special position of Donegal. Investment in the county has and will lead to a revolutionary change for the better in the standard of living and in the general quality of life within the area. It will also lead to the degree of economic and social development which the area both needs and deserves. Donegal is entering a new era, one of a growing population, but still has to deal with its legacy of old problems.
As one with a special interest in education I am glad to see that the Government have taken cognisance of this vital factor, as can be seen from the investment plan and its provision for such an unprecedented building programme for schools and colleges.
I will deal in detail with one aspect of education in which I have a little experience as a national teacher and that is the question of the Irish language, its teaching and its development both in the Gaeltacht and in the Galltacht, particularly since a fairly large area of my constituency is in the Gaeltacht. There are accusations and counter-accusations being hurled about in respect of those who are deemed to be anti-and pro-Irish. I have no interest in such arguments but I feel that the Government can in the actual teaching of the language contribute considerably towards its development.
Maidir le teagasc na Gaeilge agus ábhair eile caithfear bheith i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar chóras oideachais ar bith, triail a bhaint as modhanna úr teagaisc, le fáil amach cé chomh héifeachtach is atá siad, cuid acu a chaitheamh ar leataobh muna mbíonn an toradh ceart orthu, agus bheith sásta pilleadh ar chuid de na sean-mhodhanna, nó gnéithe díobh, má's gá agus leanúint ar aghaidh leis an taighde idir theoiriciúil agus fheidhmeach.
Bíonn géarghá le athbhreithniú leanúnach. Tá a léithéid sin de athbhreithniú geallta sa Pháipear Bán faoi Fhorbairt Oideachais a foilsíodh le gairid. Is é mo ghuí go bhfeicfear toradh an athbhreithnithe sin á thriail ar bhonn rialta ar an léibhéal praicticiúil i scoileanna áirithe go luath, sa dóigh is go bhféadar a b'fhiúntas a mheas go tuisceanach agus go réadúil.
Tá cuid mhór a thiocfadh a rá faoi ár gcóras oideachais ag gach léibhéal ach ar an ábhar gur múinteoir bunscoile mé agus go bhfuil cuid dem' Dháil-cheantar sa Ghaeltacht déanfaidh mé iarracht m'aird a dhíriú, an iarraidh seo, ar ár gcóras bunscolaíochta agus ar fhadhbanna a bhaineas leis an Ghaeilge go ginearálta agus leis an Ghaeltacht go speisialta. Sa bhliain 1971 cuireadh tús le teagase an churaclaim nua i mbunscoileanna an stáit seo. Réabhlóid ó thaobh dhearcaidh a bhí sa churaclam seo agus níl dabht ar bith ann ach go bhfuil buanna súntasacha ag baint leis an mhodh teagaisc úr seo. San am chéanna caithfimid a bheith faichilleach. Luaitear sa pháipéar bán go dtáinig feabhas, de réir tuairimí múinteoirí áirithe, sa Bhéarla idir léamh agus labhairt, i léamh na Gaeilge agus i ngnéithe den mhatamaitic. Ach is dóigh le go leor nach mar sin atá an scéal i gcás gnéithe áirithe den chúrsa a bhfuil eolas cruinn de dhith ar an té a bheadh ag plé leo, nithe mar chomhaireamh agus litriú, agus tá eagla orm go mbaineann sé seo leis an modh cineál scaipthe ina múintear, uaireannta, an stair agus an tíreolas. Tuairim an-mhearbhallach atá ag daltaí faoi na hábhair seo.
Rinneadh teagase fónta ina lán scoileanna faoin sean-chóras nuair nach raibh tosca i gcónaí ró-fhabharach. Ach sáraíonn duthracht an mhúinteora mhaith deacrachtaí go leor. Le feabhas a chur ar gach gné den teagase ba cheart dúinn athrú leis an am fiú da mbeadh orainn breathnú siar corr-uair. Tá an méid sin, ar a laghad, dlite againn d'ár bpáisti.
I dtaca leis an Ghaeilge de níl an toradh ar mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna ná i meánscoileanna na tíre chomh sásúil agus a ba chóir. Fiú amháin daltaí a mbíonn ceithre bliana déag caite acu ag foghlaim na Gaeilge agus onóracha san ardtheistiméireacht acu ní mó ná go dtig leo comhrá simplí a dhéanamh sa teanga. Ar an ábhar sin tá rud iontach cearr leis na modhanna teagaisc nó leis an spreagadh a fhaigheann na daltaí.
Cuireadh fáilte roimh modh an bhuntúis. Mar a deirtear sa pháipéar bán:
Is í príomh-aidhm na bunscoile maidir le teagaisc na Gaeilge ná labhairt na teanga a mhúineadh don pháiste sa dóigh go mbeidh ar a chumas, ar fhágáil na bunscoile dó, an Ghaeilge a chleachtadh mar mhéan chumarsáide ar ábhair ina gcuireann sé féin suim.
Ceapadh go gcuideodh an buntús chun an aidhm seo a bhaint amach. Ach mar a admhaítear sa pháipéar bán fosta d'fhéadfaí caighdeán níos fearr sa Ghaeilge a shroisint i gcuid mhaith de na bunscoileanna. Luaitear sa pháipeár-bán mar chúis le seo. "easpa suime sa Ghaeilge i saol an pháiste taobh amuigh den scoil agus easpa úsáide a bheith á baint as an nGaeilge mar mhéan teagaisc agus mar theanga chaidrimh sa scoil féin". Deirtear fosta "nár mhiste cur le cumas roinnt mhaith oidí i labhairt na Gaeilge agus a ngreim ar na módhanna teagaisc a neartú". Ach sa bhuntús féin bíonn an chontúirt ann, má chailleann dalta nó muna dtuigeann sé i gceart cuid de chéim sa teagasc, go mbeidh sé caillte ar fad. Nuair a bhíonn an dara teanga á teagasc go neaspléach ar fad den teanga bhaile bíonn deacrachtaí le sárú ag an mhúinteoir. Sa chás seo sa bhuntús bíonn áiseanna teagaisc ar fáil a chuidíos leis an mhúinteoir, ach bíonn claonadh ann go ro-mhinic druil leadránach mheicniúil a dhéanamh den cheacht bhuntúis agus ní bhaineann an dalta tairbhe as mar ba chóir.
Is í an teilifís an meán cumarsáide is tábhachtaí i saol an lae inniu i dtaca le páistí de. Is mór an trua é, agus is easpa an-mhór é gan cláracha Gaeilge bheith ar fáil go rialta do na haoisghrúpaí óga. Chuirfeadh a léithéid go mór le hiarrachtaí na scoileanna ach na cláracha a bheith tarraingtheach, inspéise, idir chláracha cruthaitheacha agus cláracha eolais.
Ábhar mór dóchais sa Ghalltacht is ea an líon scoileanna lán-Ghaelachta atá á mbunú agus na naí-scoileanna atá ag teacht chun tosaigh go háirid. Ba chóir freastal níos fearr a dhéanamh ar na scoileanna seo ó thaobh éagsúlachta, níos mó téacsleabhar agus áiseanna teagaisc a chur ar fáil dóibh. I ngach scoil ba chóir go mbeadh léarscáil i nGaeilge d'Eirinn agus den Eoraip nó den domhan ar teaspáint agus cruinnéog i nGaeilge den domhan a bheith ar fáil. Bhi a leitheidi ann tráth. Tá géarghá leo arís. Ba chóir a iarraidh ar dhreamanna mar Bhord Fáilte, a chuireas cáirteanna úsáideacha eolais agus learscáil daite i mBéarla ar fáil, a leitheidí a fhoilsiú i nGaeilge fosta. Ba mhaith an rud na leaganacha Gaeilge de cháirteanna nó de léarscáileanna a bheith le feiceáil ag na daltaí i scoileanna Galltachta nach múintear aon ábhar nó cuid de ábhar trí Ghaeilge iontu go fóill. Thiocfadh leis an mhúinteoir áiteanna in Éirinn nó thar lear a luaitear sa cheacht Gaeilge a theaspáint dóibh ar an leagan Gaeilge den léarscáil nó ar an leagan Gaeilge den chruinneog. Rudaí beaga a dheineas difir mhór.
I gcás oiliúint mhúinteoirí ba mhaith an ní é go ndéanfaí beart de réir mholtaí an Pháipéir Bháin agus féachaint chuige go ndéanfar "cuid mhaith den chúrsa gairmiúil trí mhéan na Gaeilge 'sna coláistí oideachais" agus ar ndóigh bheadh gá len i bhfad níos mó cúrsaí inséirbhíse a bhunú a bheadh dírithe ar theagasc na Gaeilge agus ar theagasc trí Ghaeilge.
Is ceist ar leith é múineadh na Gaeilge sa Ghaeltacht agus áit na Gaeilge i saol páistí na Gaeltachta. Sa Ghalltacht ceann de na deacrachtaí atá ag an mhúinteóir ná iarracht a dhéanamh ar thimpeallacht Ghaeilge a chruthú—is annamh a chluineann na páistí Gaeilge sa bhaile, ar an raidió, nó ar an teilifís. Sa Ghaeltacht cluineann na páistí an Ghaeilge thart timpeall orthu sa bhaile ach de ghnáth cluineann siad Béarla sa bhaile chomh maith, bíonn Béarla ag brú isteach orthu ó gach taobh, ar an raidió, ar an teilifís, ar fhógraí, agus ar nuachtáin. Bíonn siad dá theangach ón tús, thiocfadh leat a rá, d'ainneoin an Ghaelige a bheith acu ó dhúchas. D'fhéadfaí a rá go bhfuil páistí den chinéal sin ann fiú taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a mbíonn cuid acu ag freastal ar scoileanna lán-Ghaelacha. Ach arís in áiteanna atá in ainm bheith sa Ghaeltacht agus in áiteanna atá san bhFíor-Ghaeltacht go fóill tá sruth an Bhéarla ag cur brú ar an Ghaeilge de shíor. Ba chóir go ndéanfaí athscrúdú go han-luath "ar na siollabais sa Ghaeilge féin agus sa Bhéarla freisin, mar a mhúintear i scoileanna na Gaeltachta iad. Tá sé seo fíor-thábhachtach mar tárlaionn sé go mbíonn tuismitheoirí buartha go minic faoi chaighdéan an Bhéarla a bhéas ag a gclann agus tosnaíonn siad ag labhairt Béarla leo sa bhaile. An toradh a bhéas air seo ná an Ghaeltacht a thionntodh ina Ghalltacht taobh istigh de ghlún amháin, tarlaíonn sé i scoileanna eile go dtiontaítear ar an Bhéarla siocair grúpa beag páistí bheith tagtha chun scoile nach mbíonn Gaeilge acu.
Ní fadhbanna do-réitithe iad seo. Thiocfadh beart a dhéanamh de réir sampla Chonamara agus naiscoileanna a bhunú le dóthan Ghaeilge a thabhairt do pháistí gan Ghaeilge. Tá sé ar siúl in áiteanna mar An Spidéal, An Cnoc, An Cheathrú Rua agus tá toradh air. Tá léarú dóchais eile ann, mar tá deá-thoil an phobail i gcoitinne taobh thiar de mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna. Ó thaobh an oideachais de más fiú an Ghaeilge a theagasc is fiú í a theagasc go héifeachtach. Ba cheart don Stát bheith chomh gníomhach agus is féidir ag comhoibriú agus ag tabhairt tacaíochta do na dreamanna sa Ghaeltacht atá ag iarraidh feabhas a chur ar an scéal.
Daoine a cheaptar do phostanna sa Ghaeltacht tá dualgas orthu a ndícheall a dhéanamh leis an Ghaeilge a úsáid agus a chleachtadh. Níl sé ceart, ná cóir ná ionraic go mbeadh airgead breise á thabhairt do dhuine ar bith, is cuma cé hé, nó cé hí, de thairbhe go bhfuil post aige nó aici san Ghaeltacht muna bhfuil Gaeilge á úsáid acu. Mar atá an scéal i láthair na huaire níl gach rud in ord ná in eagar. Is breá an ceacht é an deá-shampla. Dá ndéanfai sin le fonn agus dúthracht ní beadh imní orainn feasta faoi shlánú na teanga, sna scoileanna ar chor ar bith, ach ní leor iarracht na scoileanna amháin.
This budget and the Government's investment plan provide a sound and secure basis for further economic and social progress this year and in the years immediately following. When the people at the next election are asked for their verdict on the performance of this Government over the whole range of economic activity, I have no doubt but that they will confirm the verdict so clearly and so strongly given recently in Donegal.