d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé beartaithe aici ardú a thabhairt do na mná tí i gcomhair na gcoláistí samhraidh.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláiste Samhraidh.
Chuir mé scéal chuig na mná tí ar an 9 Eanáir go raibh ardú déanta agam ar an deontas faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus mhínigh mé dá n-ionadaithe ar an 29 Eanáir nach mbeidh ar mo chumas i mbliana cur leis an deontas méadaithe. Níl sa deontas sin, ar ndóigh, ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag dul do na mná tí agus is gnó dóibh féin dul i gcomhairle le lucht na gcoláistí Gaeilge, a fhaigheann táillí cuí ó na tuismitheoirí, le féachaint chuige go mbeidh luach saothair mar is cóir le fáil acu san iomlán.
An n-aontódh an tAire go bhfuil sé go náireach 15p d'ardú a thabhairt do mhná tí, sin 3½p do gach béile, gur masla do na mná tí é sin agus go mba cheart don Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal de bharr na gcostas ar bí agus gach rud eile anois?
Ní haon freagra ceart é, is dócha, ach más masla anois é is é an masla céanna a bhí ann leis na blianta, is é sin nuair a bhí an Teachta féin sa Rialtas.
Nuair a bhí an Teachta Tomás Ó Domhnaill mar Aire na Gaeltachta thug sé meadú 50 faoin gcéad do na mná tí. Níl an tAire ach ag tabhairt 15p. Ba cheart náire a bheith air. Níl aon tsuim ar bith ag an Aire i mná tí na nGaeltachtaí.
Is maith an rud gur chuir an Teachta Begley an cheist sin orm. I 1975-76 ní bhfuair siad ardú ar bith ón Aire.
Tabhair na figiúirí ó 1977 go dtí anois.
Ní bhfuair siad ardú ar bith i 1975-76.
Ceist 26.