Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 May 1981

Vol. 328 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann—Údarás na Gaeltachta.

21.

asked the Minister for the Gaelatcht in view of her reply to parliamentary question number 314 on 11 March 1981 (a) the total number of grants received by Gaeltarra Éireann and Udarás na Gaeltachta from 1 January 1960 to 31 December 1980; (b) if these grants were non-repayable; (c) the total value of shares purchased in companies by Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta between 1 January 1960 and 31 December 1980; (d) the total amount paid to Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta on foot of Exchequer advances between 1 January 1960 and 31 December 1980; (e) the amount of interest on foot of Exchequer advances paid back to her Department between 1 January 1960 and 31 December 1980; (f) the total amount due by Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta on foot of Exchequer advances as at 31 December 1980; (g) the actual number of jobs filled by Gaeltachta Éireann and Údarás na Gaeltachta between 1 January 1960 and 31 December 1980; and (h) the number of jobs lost in the same period.

Faoi mar a dúirt mé san fhreagra atá luaite ag an Teachta:—Is d'aonghnó chun go mbeidh cuid mhaith eolais mar atá á lorg ar fáil go rialta do Theachtaí a leagtar tuarascálacha agus cuntais chomhlachtaí reachtúla faoi bhráid na Dála gach bliain. Ní dóigh liom mar sin go bhfuil sé réasúnach a iarraidh orm dul siar fiche bliain chun eolas atá foilsithe a chur le chéile.

Íocaíochtaí bliantúla mar seo a leanas a bhíonn/a bhíle fáil ag Údarás na Gaeltachta/Gaeltarra Éireann: deontais-i-gcabhair as Vóta Roinn na Gaeltachta (1) do chaiteachas reatha agus (2) do chaiteachas ar dheontais chaipitil, agus airleacain as an bPríomh-Chiste do chaiteachas ar scaireanna, ar thógáil agus ar shócmhainní eile.

Níl deontais-i-gcabhair ná fuílleach na n-airleacan a eisíodh roimh 1 Aibreán 1965 le haisíoc agus, maidir le hairleacain ó 1 Aibreán 1965 ar aghaidh, níl aon chinneadh tugtha go n-íocfar ús orthu ná go n-aisíocfar iad.

Sa bhliain 1980, cheannaigh an tÚdarás scaireanna dar luach £4,133,750 agus íocadh airleacan £10.5 mhilliún leis an Údarás.

Tá na figiúirí do na blianta roimhe sin le fáil sna cuntais atá leagtha faoi bhráid na Dála.

Tháinig méadú 3,368 ar an bhfostaíocht lánaimseartha i dtionscail faoi scáth Ghealtarra Éireann-Údarás na Gaeltachta ó 1 Aibreán 1960 go 31 Nollaig 1980: is glanmhéadú é sin—tar éis poist a cailleadh a fhágáil as an áireamh— agus níl eolas ar fáil faoi phoist a cailleadh roimh 1979.

An bhfuil an tAire ag rá don Teach anois go bhfuil sí ró-leisciúil eolas a chur ar fáil don Teach seo i dtaobh tuarascáil le Údarás na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann.

Tá a fhios ag an Teachta go maith nach bhfuil an tAire leisciúil agus nach raibh sí riamh, ach tá sé ráite aici nach bhfuil sé reasúnach d'aon Teachta eolas a lorg ag dul siar 20 bliain, eolas atá foilsithe do dhá Theach an Oireachtais agus don phobal ar fad. Má tá oiread suime ag an Teachta sa Ghaeltacht agus a thugann sé le fios dúinn anseo inniu, ba cheart go mbeadh na cuntais sin agus na tuarascálacha sin léite aige go rialta.

An bhfuil an tAire ábalta a rá don Teach cathain a fuair sí an cheist seo?

Níl mé cinnte. Cén dáta a fuair mé an cheist seo, ané sin atá i gceist ag an Teachta? Níl mé cinnte cén dáta a tháinig sé isteach. Mí Márta, b'fhéidir.

Nach bhfuil sé fíor go bhfuair an tAire an cheist seo breis is seacht mí ó shin agus níl aon tsuim aici nó tá sí ag iarraidh dallamullóg a chur ar mhuintir na Gaeltachta go bhfuil gach rud i gceart, agus tá a fhios aici nach bhfuil.

Caithfidh mé a rá go bhfuil sé mí-réasúnta bheith ag tóraíocht eolais ag dul siar 20 bliain, eolas atá foilsithe do dhá Theach an Oireachtais agus don phobal, agus má tá oiread suime ag an Teachta Begley san nGaeltacht nó má bhí oiread suime aige le roinnt blianta anuas agus atá aige le roinnt seachtainí anuas, b'fhéidir go bhfeilfeadh sé go maith dó na tuarascálacha sin agus na ráitis sin a léamh go rialta.

Ag éirí as freagra an Aire, is é seo an chéad uair nach bhfuil fonn cainte ar Aire na Gaeltachta toisc go bhfuil diomá uirthi go bhfuil an scéal i bhfad níos measa sa Ghaeltacht anois——

Top
Share