Le cead an Chinn Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 144 agus Ceist a 145 le chéile.
Bheinnse sásta breithniú a dhéanamh ar iarratas ar chumhachtaí breise d'Údarás na Gaeltachta ach eolas iomlán a fháil ón Údarás faoina mbeadh i gceist.
Maidir le bóithre, is amhlaidh a bhíonn airgead teoranta ar fáil do mo Roinnse agus, ó tharla nach léir dom go bhféadfaí é a chaitheamh níos fearr tríd an Udarás, dúirt mé, mar fhreagra ar litreacha, — nach bhfuil i gceist agam suim airgid a chur ar fáil lena roinnt amach ag an Údarás, agus—nach bhfuil cosc ar bith ar an Údarás, ná ar aon chomhalta de, moltaí a chur chugam.