Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Dec 1981

Vol. 331 No. 12

Written Answers. - Deacrachtaí Chomhlachta i gConamara.

107. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard is cúis leis na deacrachtaí atá ag comhlacht i nGaeltacht Chonamara (mioneolas tugtha) faoi láthair; agus an bhfuil sé i gceist go mbeidh laghdú ar an bhfostaíocht nó go ndúnfar an comhlacht ar fad.

Tuigim ó Údaras na Gaeltachta nach raibh ag éirí leis an gcomhlacht sin a spriocanna a bhaint amach agus go bhfuiltear ag iarraidh na gníomhaíochtaí a chur ar bhonn níos éifeachtaí trí chúrsaí taighde a dheighilt ó chúrsaí gnó agus an fhoireann a laghdú.

Top
Share