Ar an gcéad dul síos, tá súil agam nach gceapfaidh éinne go bhfuilim siniciúil nuair adeirim gur labhraíodh níos mó Gaeilge an mhí seo sa Dháil ná ar labhraíodh le fada, agus is maith an rud sin. Tá díomá orm féin go gcaithfimid cúrsaí na Gaeltachta a phlé sna téarmaí seo, ach ag an am chéanna, táim sásta glacadh go bhfuil gach duine i ndáiríre faoin méid adúirt siad san díospóireacht seo go dtí an t-am seo. Is é mo thuairim gurb é an toradh is fearr a thiocfaidh as ná go mbeimid d'aon guth faoi chursaí na Gaeltachta agus faoi chúrsaí an Údaráis amach anseo.
Ón am a bunaíodh an Stát, glac Teachtaí Dála le chuile shórt dearcadh polaitíochta go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an teanga agus go háirithe go raibh tábhacht ag baint leis na Gaeltachtaí éagsúla. Ón chéad lá san Dáil, ghlac Teachtaí leis an cúram speisialta a bhí orthu rud fiúntach a dhéanamh i leith na Gaeilge agus i leith na nGaeltachtaí. Caithfidh mé mo thuairimí pearsanta a nochtadh ar an gcéad dul síos, is é sin, go gcuireann sé iontas orm i gcónaí an méid tuarascálacha atá curtha i gcló faoi chúrsaí Ghaeilge agus Gaeltachtaí agus, ag an am chéanna, an chaoi ina bhfuilimid ag teip aon dul chun cinn fiúntacht a dhéanamh — nílim ag caitheamh anuas ar aon mhaitheas atá bainte amach, ach ag an am chéanna tá gá le polasaí níos éifeachtaí chun na fadhbanna atá sna Gaeltachtaí a shárú.
Ar 4 Márta 1925, scríobh Uachtarán an Executive a bhí ann ag an am, an tUasal Mac Cosgair, go dtí General Mulcahy agus leag sé síos bun-téarmaí an chéad iniúcadh a déanadh ar chúrsaí Ghaeltachta. On am sin, cuireadh ar bun an chéad Coimisiún um Chúrsaí Ghaeltachta. Ceapaim gur iontach an méid a mhol an tuarascáil sin. Is suimiúil a choimeád i gcuimhne i gcónaí gur chuir an coimisiún an tuarascáil i gcló, agus an tsuim go léir a bhí ag baint leis, leis na costais chlódóireachta na £625. Caitheadh a lán airgid ó 1925 ar thuarascálacha éagsúla faoi chúrsaí Ghaeilge agus Gaeltachta. Cuirfeadh sé iontas ar éinne an fiúntas atá ag baint leis na moltaí a cuireadh os cómhair an phobail i 1925, mar shampla, cúrsaí talmhaíochta. Ar alt 134 den tuarascáil, chuir siad moladh os comhair na Dála i leith cúrsaí tréidliachta, mar shampla, veterinary services:
It is urged upon the Commission by different witnesses that very serious loss occurs throughout the Gaeltacht through disease and death of farm stock, including poultry. The Commission is convinced that this is so and recommends the assistance of local veterinary services.
That a system of local veterinary services, including dispensaries be established. A veterinary surgeon should be located as centrally as possible in suitable districts and his services given entirely free to any bona fide land holder or cottager the total valuation of whose holding does not exceed £10. He should give similar services on a graduated scale of charges to land holders whose total valuation exceeds £10.
I 1975 chuala mé an moladh sin ó dhuine a bhí i ndáiríre faoin Ghaeltacht, vet óg, agus cheap mé go raibh mé ag éisteacht don chéad uair le moladh maith, ach bhí sé ann agus i gcló ó 1925.
Má léann éinne na moltaí éagsúla a cuireadh os comhair an phobail ag an am, tuigfidh sé chomh leathan is a bhí na moltaí éagsúla. Níor bhain siad amháin le cúrsaí talmhaíochta: bhain siad le cúrsaí tionsclaíochta agus mar sin, mar shampla, cúrsaí margaíochta éisc, an tábhacht agus na buntáistí a bhí ag baint le brand name a bheith ann maidir le díol scadán. Mar adúirt mé, is iontach an chiall atá ag baint leis na moltaí sin. Bhíodar an-ionraiciúl ar fad faoi na deacrachtaí a bhí ann ar leibhéal teanga agus ar leibhéal cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta agus an tábhacht a bhí ag baint leo, gan na ghnáth-gnéithe a mheascadh suas le chéile. In alt 2 ar leathanach 3 den tuarsacáil a luaigh mé, dúirt Liam Mac Cogair ina litir go dtí General Mulcahy:
We recognise the facts and the factors that have militated in the past and, by force of continuity, still militate in large part against the very existence of the Irish language; its exclusion from most of the activities of public life, from court and bar and business, its exclusion for generations from nearly all our schools, how it fell under a kind of social ban and became, in the minds of many, a badge of poverty and backwardness. The neglect and contempt, the ignominy and the abuse to which it has been subjected are a part of our tragic history. These very things and their unfortunate effects, instead of infecting us with their spirit and making us also contemptuous and apathetic ought rightly to enliven our purpose to undo the damage of the past, the more so because the possession of a cultivated national language is known by every people who has it to be a secure guarantee of the national future. Our language has been waylaid, beaten and robbed and left for dead by the wayside and we have to ask ourselves is it to be allowed to lie there, or if we are to heal its wounds, place it in safety and under proper case and have it restored to health and vigour?
On am sin ar aghaidh, cuireadh a lán tuarascálacha i gcló, tuarascálacha éagsúla a raibh téarmaí tagartha éagsúla acu, mar shampla, is féidir tuarascáil Chomisiúin um Athbheochain na Gaeilge, 1963, a lua a dhírigh ar chúrsaí ceart. Is féidir Gníomh don Ghaeltacht a cuireadh i gcló i 1971 a lua.
An rud a chuireann íontas orm, agus deirim arís é, an chaoi ina rabhamar ag tosnú an t-am go léir. Idir na blianta 1926 agus 1971, cailleadh an chuid is mó de dhaonra na ndaoine óga, go háirithe iad san faoi bhun 30 bhliain d'aois. Tháining meath ar bunstructúr na Gaeltachta, ar na scoileanna, ar na tithe agus ar an saol sóisialta. Gan dabht ar bith, is féidir a rá go raibh an imirce ar cheann des na galair is measa a bhrú riamh ar mhuintir na hÉireann. Is muintir na Gaeltachta a d'fhulaing an galar sin i bhfad níos measa ná aon dream eile san oileán seo. Táim ag déanamh tagartha do chúrsaí mar seo chun an cás a dhéanamh go gcaithfimid aon rud atá ann sa Ghaeltacht a chothbháil agus a fheabhsú. Dírím meon an Tí seo ar an méid a dúirt Liam Mac Cosgair i 1925 go gcaithfimid foghlaim as na botúin atá thart, go gcaithfimid tús nua b'fhéidir a dhéanamh agus sin an fáth go mbeadh feabhas iontach agus toradh maith ag baint leis más féidir linn bheith ar aon ghuth ag deireadh na hoibre anocht. Tá Teachtaí ar chuile thaobh den Teach seo sásta glacadh leis go dtarlaíonn a leithéid i dtaobh comhlachtaí eile de ghnáth. Tarlaíonn sin go minic. Táim sásta nach bhfuil siad, b'fhéidir, ag cómhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Companies Act. Glacaim go bhfuil cás ann, b'fhéidir, ceisteanna a fhreagairt i dtaobh sin, ach tar éis sin a rá, caithfidh mé filleadh i gcónaí don bhuncheist atá agam, is é sin, an bhfuilimid ar leas na Gaeltachta nó an Ghaeilge muna gcuirimid fiosrúchán breithiúnach ar siúl?
Dúirt daoine atá i bhfogus dom go bhfuil amhras ar an phobail i leith cúrsaí an Údaráis, go bhfuil ceisteanna ann futhu agus go mba cheart na ceisteanna sin a fhreagairt. Im thuairim féin, tá costas mór ag baint le fiosrúchán den tsórt sin. Ag an am chéanna, bhí gach seans ag na polaiteoirí ceisteanna a chur. Caithimid rogha a dhéanamh idir fiosrúchán breithiúnach agus fiósrúchán ag an chomhchoiste. B'fhéidir go mba cheart dúinn ar an gcéad dul síos ceisteanna a chur ar an Aire, agus tiocfaidh mé ar ais air sin. Dúirt an Teachta Kenny nach mbeidh buntáiste ag baint le fíosrúchán an chomhchoiste mar nach féidir leis an fiosrúchán sin a bheith ann go dtí an fomhar. Iarraim ar an Aire an féidir linn na cruinnithe den chomhchoiste a bheith againn roimh deireadh na míosa seo? An féidir linn na baill den chomhchoiste a cheapadh, an Cathaoirleach a cheapadh agus glacadh leis go mbeidh cúrsaí Údarás na Gaeltachta ar an chlár acu taobh istigh de mhí?
Más féidir leis an Aire geallúint mar sin a thabhairt dúinn, athríonn sé an argóint i bhfábhar fiosrúcháin sa chomhchoiste. Chomh maith le sin tá a lán den fhírinne ag baint leis an méid a bhí le rá ag an dara Teachta a labhair ar son Fhine Gael sa Teach anocht, i dtaobh cumhachtaí an Aire i leith cúrsaí na nGaeltachtaí. An chaoi is fearr chun an cheist sin a réiteach, sílim, ná más féidir leis an chomhchoiste cruinniú a bheith acu taobh istigh de chúpla seachtain. Más féidir, bheadh siad in ann a gcéad tuarascáil, nó réamhthuarascáil a bheith os comhair na Dála acu taobh istigh de chúpla mí. Bheadh a lán buntáistí ag baint leis sin.
Ansin, nuair thagaimid ar ais sa bhfómhar b'fhéidir go mbeidh reamhthuarascáil, preliminary report, againn taobh istigh de achar beag. Bheadh ciall ag baint le sin. Bheadh an comhchoiste in ann a gceisteanna a dhíriú ar chúrsaí an Tí. Má tá gá leis an mbun-Acht a leasú tar éis sin, bheadh an comhchoiste in ann díriú ar an cheist sin agus bheadh Teachtaí in ann an díospóireacht a dhéanamh faoi na leasuithe ba chóir a ghlacadh.
Sa méid atá le rá agam táim ag iarraidh aontas a bhaint amach faoi chúrsaí an Údaráis Fillfidh mé anois ar an bhuncheist. Tá cúrsaí dífhostaíochta go dona ar fud na tíre. Sa Ghaeltacht táimid ag cailliúint postanna go fairsing agus má ghlactar gurb é céad aidhm eagraisí forbartha ar bith fostaíocht a chur ar fáil, caithfidh siad bheith saor chun tionsclaíocht a lorg thar lear agus tionsclóirí a mhealladh chun tionscail a bhunadh. Tá súil agam go mbeidh seans againn sa Teach structúir bhunúsacha an Údaráis a phlé nuair a thiocfaidh an tuarascáil ar ais ón chomhchoiste. Ar an ábhar sin, ba cheart dúinn na bunstructúir sin a phlé anseo.
Is é mo thuairimse, agus mé ag iarraidh rogha a dhéanamh idir fhiosrúchán breithiúnach agus fiosrúchán sa chomhchoiste, nach mbeadh ámhras ar éinne tar éis fhiosrúchán bhreithiúnach a chur i ngnó, ach chuirfeadh fiosrúchán den tsórt sin stop le obair an Údaráis agus bheadh gnáth-mhuintir na Gaeltachta níos measa as. Chomh maith le sin, bheadh costas ag baint leis agus ní bheadh aon dualgas ar an bhfiosrúchán moltaí a dhéanamh chun forbairt na Gaeltachta. Ar an lámh eile, b'fhéidir leis an chomhchoiste airgead a chaitheamh chun saothar taighde, mar a dhéanann siad, mar shampla, ar structúir éagusla in eagraisí forbartha ar fud na hEorpa. Bheadh an comhchoiste in ann moltaí a chur os ár gcomhair agus bheadh seans againn léarmheas a dhéanamh ar na moltaí sin. Chomh maith le sin, na ceisteanna i dtaobh an Údaráis, cuireadh iad ó pholaiteoirí agus ba cheart go mbeadh seans ag na polaiteoirí féachaint isteach iontu agus ceisteanna a chur ar bhaill den Údarás. Bheadh sé sin i bhfad níos fearr ná dlíodóirí a bheith ag tuilleadh airgid uafásach as an rud go léir.
Caithfidh mé rud amháin ar mo shon féin a dhéanamh soiléir agus iarr aim ar lucht an Phreasa bheith an-soiléir faoi seo. Cúpla mí ó shin cuireadh alt í gcló faoin teideal "Caimiléireacht san Údarás" agus pictiúr dom féin faoi bhun an teidil sin. Chuir mé ceartúchán amach agus cuireadh i gcló an ceartúchán sin san pháipéar céanna agus dúirt mé nár bhain mé úsáid riamh — agus níl mé ag baint usáid as anois — as an téarma seo "caimiléireacht".
Deirim arís an méid a dúirt mé ag an am agus tá sé tábhachtach. Má tá tú chun eagraíocht a bhunadh chun cúram na forbartha a thógaint san Ghaeltacht caithfidh tú ligean don eagraíocht sin i gcúrsaí riaracháin bheith saor ó aon chur isteach ó na polaiteoirí. Dúirt mé go raibh deacrachtaí ann i gcónaí ón chéad uair a bunaíodh an tUdarás. Bhí trí ghnéithe meascaithe suas le chéile a ba cheart dúinn a choinneail óna chéile. Ceann acu an gné pholasaí. Glacaim go hiomlán go mba cheart do muintir na Gaeltachta seans a bheith acu i gceapacháin pholasaithe. Tar éis sin a dhéanamh má ghlacann tú, mar shampla, le straitéis agus go bhfuil an tionsclaíocht, an talmhaíocht agus seirbhísí mar chuid de, caithfidh tú i ngnáth riaracháin an pholasaí sin an seans a thabhairt do na hoifigigh lán-aimseartha den Údarás na polasaithe sin a chur i gcrích.
Dúirt mé go raibh an iomarca cur isteach ag an ghné pholaitíochta den Údarás ar an ghné riaracháin. Deirim é seo arís anocht — agus tá súil agam go mbeidh seans agam filleadh ar an téama seo — go gceapaim go bhfuil laige mór ag baint leis an Údarás. Impim ar an Aire é seo a mheabhrú nuair a bheidh an plean eacnamaíochta ar leibhéal náisiúnta á phlé san Teach seo. Táimid ag déanamh iarracht rud a dhéanamh nach bhfuil aon tír eile ag déanamh agus ba cheart go mbeadh, ní amháin plean ann ar leibhéal náisiúnta ach plean réigiúnach ann. Tá mé ag rá arís agus arís eile nach féidir leat aon pholasaí fiúntach i leith na Gaeltachta a chur i gcrích ach amháin i gcomhthéasc pleanáil réigiúnach. Má ghlactar le sin tá mé sásta níos mó cumhachtaí a thabhairt don Údarás ná mar atá acu faoi láthair. Níl aon mhaitheas bheith ag cur an chúraim ar an Údarás dífhostaíocht a leigheas agus postanna a chur ar fáil agus gan na háiseanna acu é sin a dhéanamh. Nuair a thosnaigh Gaeltarra bhí buntáistí ag Gaeltarra thar an IDA. Níl na buntáistí atá ag an Údarás anois i gcomparáid leis an IDA, ach táimid ag iarraidh ar an Údarás go minic an tionsclaiocht céanna a chur ar fáil i gcoinníollacha i bhfad níos deacra ná aon áit eile san tír. Caithfidh Teachtaí bheith sásta a n-aghaidh a dhíriú ar na constaicí sin agus bheith sásta, más gá leis, níos mó cumhachtaí a thabhairt don Údarás.
Ar deireadh na díospóireachta seo anocht i leith an Údaráis, tá mé ag súil go mbeimid d'aonghuth go bhfuil gá le fiosrúchán ar céard atá tar éis tarlú agus go ndíreófar an fiosrúchán ar cérb é an polasaí is ceart a bheith ag an Údarás amach anseo, agus tar éis sin go mbeadh misneach ag iadsan atá ag obair don Údarás. Nuair atáimid ag caint faoi na daoine atá ag obair do Údarás na Gaeltachta caithimid cuimhniú gur iontach an méid daoine a thugann cúl le bheith ag obair san chuid phríobháideach den chóras eacnamaíochta agus atá sásta glacadh leis an dúshlán bheith in a seirbhísigh phoiblí. Smaoinímis ar na daoine atá sásta ní hé amháin sin a dhéanamh ach an Ghaeilge a úsáid chuile lá i bhforbairt na hEireann agus ar son na daoine atá ag iarraidh an teanga a choinneáil beo. Ba cheart go mbeimís an-mhórálach as na hoifigigh sin. Tá súil agam go mbeidh níos mó misnigh acu taréis anocht; go mbeidh siad in ann a rá go bhfuil gach duine i nDáil Éireann sásta gnáth-uirlísí an Stáit a úsáid chun iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí an Údaráis agus gur féidir leo leanúint leis an obair atá le déanamh ag súil go dtiocfaidh rud fiúntach as. Mar shampla, mar a dúirt mé, tá laige ann i leith an chaoi in a measctar suas cúrsaí riaracháin, cúrsaí polaitíochta, cúrsaí eacnamaíochta agus chomh maith le sin tá an polasaí tionsclaíochta an-chúng ar fad.
Dúirt an Teachta De Rossa agus is minic a dúirt mé féin go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá gcuirfí jobanna san Ghaeltacht ar siúl ar rátaí níos moille dá mba rud é go raibh siad ar bhonn níos fearr. Mar aon uair a theipeann ar aon rud i réigiún lag i dtír ar bith éalaíonn ráflaí mórthimpeall nach bhfuil chun éirí leis i gcúrsaí tionsclaíochta. Mar shampla, theip ar chúpla crainn san 19ú aois agus tá daoine ag rá beagnach inniu nach féidir leat crainn a chur i gConamara. Tá rud éigin ag tarlú faoi chúrsaí tionsclaíochta agus tá seans iontach againn ach amháin bheith sásta pleanáil i gceart agus úsáid a bhaint as fionntraíocht Stáit, cur i gcás, structúr ceart tionsclaíochta a bhunadh sa Ghaeltacht ar acmhainní nádúrtha. Ba cheart bheith dóchasach i gcónaí i gcúrsaí mar seo. Tá daonra nua sa Ghaeltacht. Tá daoine óga ann. Is féidir seans nach raibh ann riamh cheana a thabhairt dóibh. Mar shampla, ní raibh aon eolas againn faoi chúrsaí feirmeoireachta éisc deich mbliain ó shin. Tá eolas againn anois agus is féidir linn torthaí iontacha a bhaint amach ar son an daonra ach cur faoi.
Ba cheart dúinn an fiosrúchán a chur ar siúl agus na cúrsaí go bhfuil amhras ag an bpobal futhu a scrúdú chun deireadh a chur leis an amhras trí fhreagraí a thabhairt ar na ceisteanna go poiblí, le ceart agus go rialta. Dá réir sin impím ar an Aire glacadh leis an moladh atá déanta againn, is é sin, freagra a thabhairt ar an argóint sin atá déanta ag an Teachta Kenny — más rud é go nglacaimid leis an leasú — go mbeidh moill ag baint leis an chomhcoiste. Más féidir le urlabhraí ar son Fhianna Fháil glacadh leis an moladh go mbeidh an comhchoiste ann, go mbeidh cruinniú againn, go mbeidh na baill ceapaithe agus an cathaoirleach tofa agus an tÚdarás ar an chlár, ceapaim go mbeidh a lán de na hargóintí freagraithe ag an bpointe sin. Chomh maith le sin, tar éis b'fhédiir don chéad réamh-thuarascáil teacht isteach, tar éis argóintí a chloisteáil agus argóintí a phlé, má tá gá le haon leasú don Acht go bunúsach a bhaineas leis an Údarás, mar shampla, chun aidhmeanna an Aire féin a bhaint amach, tá súil agam go mbeidh an tAire sásta glacadh leis an moladh sin nó aon leasú eile a bheidh riachtanach.
Mar a dúirt mé nuair a thosaigh mé, is maith an rud é go bhfuil suim chomh mór sa Teach seo i gcúrsaí Gaeilge agus na Gaeltachtaí. Tá súil agam go leanfar leis an suim sin san am atá le teacht.
Tá rud eile fós, agus iarraim ar an Aire rud éigin a dhéanamh faoi. Is é sin an chaoi ina measctar polasaí teanga agus polasaí eacnamíochta agus sóisialta. Nuair a bhíomar ag plé an Mheastacháin do Roinn na Galetachta, dúirt mé nach raibh ciall ar bith ag baint leis na cuspóirí sin a mheascadh. Mar shampla, má tá daoine sásta filleadh don Ghaeltacht lena gclann a bhunadh ann agus teagasc a thabhairt dóibh sna limistéir Ghaeltachta, agus má tá tithe ag teastáil uathu, tá sé tábhactach cabhair a thabhairt dóibh agus gan bheith ag cur ceisteanna orthu i dtaobh chomh líofa is atá na páistí, agus mar sin. Níl sé ceart go leanfaí leis an sean-tuairimíocht sin, ag meascadh suas cúrsaí teanga le cúrsaí sóisialta agus eacnamíochta. Tá sé sin ag cur i gcoinne muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge.
Nuair a tháinig mise go Gaillimh an chéad uair scór bliain ó shin ní raibh seans agam go dtí an t-am sin Gaeilge a chloisteáil riamh roimhe. Tá an Ghaeilge ag teacht ar ais anois, agus is é mo thuairim go bhfuil a lán daoine ar fud na tíre sásta rud breise a dhéanamh ar son na teanga. Ach maidin Dé Sathairn tagann bean suas liom agus deireann sí: "Ní raibh an cigire sásta leis an Ghaeilge a bhí ag mo mhac óg. Tá sé cúthaileach, níl sé in ann an Ghaeilge a labhairt os comhair an chigire", agus mar sin de. Baineann an sean-dearcadh sin le tithe na muc, agus iarraim ar an Aire deireadh a chur leis. Má táimid chun tionsclaíocht a bhunadh sna Gaeltachtaí beidh gá le tithíocht, le bunstructúir, le bóithre, le seirbhísí leictreachais agus mar sin de. Ach más fíor nach bhfuil an t-airgead ag na comhairlí chontae chun na bunstructúir a chur ar fáil, níl aon chiall le bheith ag iarraidh ar Údarás na Gaeltachta tionsclaíocht a chur i gcrích.
Rud eile ar fad isea ceist na teanga. Ní ceart an t-ualach i dtaobh athbheochaint na teanga a chur ar mhuintir na nGaeltachtaí amháin. Bhí orthu sin an t-ualach a ghlacadh le ró-fhada. Níl na daoine sa Ghalltacht sásta a ndóthain a dhéanamh faoi. Tá mé ag cur milleáin ar na daoine sin, daoine a bhfuil i bhfad níos compórdaí sa saol. Tá orthu níos mó a dhéanamh faoin Ghaeilge. Tá níos mó acu ann. An t-easaontas atá idir an Ghaeltacht agus an Ghaeilge ar leibhéal amháin, agus an Ghaeilge san Ghalltacht ar an dtaobh eile, is é atá ciontach faoi go bhfuil an Ghaeilge go neamhfhaiseanta san Ghalltacht. Má chuireann tú ceist orthu i dtaobh an sórt post ba mhaith leo a fháil, deireann siad "Múinteoireacht nó rud mar sin," mar tá sórt stádais ag baint le sin. Ach bhí daoine ann, ar nós Máirtin Ó Cadhain agus Caitlín Maude, a thuig céard a bhí ann, an náisiún Gaelach a bhí briste, muintir na Gaeltachta a bhí briste, an aidhm a bhí ann faoin Ghaeilge a leathnú taobh istigh de na ceárdchumainn agus in áiteanna éagsúla eile sa tír imithe.
Tá mise i bhfábhar sin a dhéanamh agus tá súil agam ag deireadh na diospóireachta seo go mbeidh réim nua ag an Udarás, agus go mbeidh siadsan a ligean orthu go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus i gcúrsaí na Gaeltachta, agus i gcúrsaí caiteachais i leith na Gaeilge agus na nGaeltachtaí, sásta i bhfad níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a thabhairt arais. Ní brionglóid atá ag gabháil liom anseo. Is iontach an méid daoine sa Teach seo, cibé cén páirtí ina bhfuil siad, atá sásta rud éigin a dhéanamh faoin Ghaeilge. Tá súil agam ní hé amháin go mbeimid ag déanamh léirmheasa ar an am atá imithe ach go mbeimid ag ullmhú faoin méid is féidir a dhéanamh san am atá le teacht.