Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Feb 1983

Vol. 339 No. 9

Written Answers. - Scoileanna Iar-Bhunoideachais Ghaeltachta Mhúscraí.

379. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an ndéanfaidh sí eisceacht de scoileanna Iar-Bhunoideachais Ghaeltachta Mhúscraí maidir leis na hathruithe atá fógraithe, ó thaobh gearradh siar ar thaisteal daltaí, agus go mór mór, eisceacht ar na hathruithe coibhneas múinteoirí/daltaí sna scoileanna seo.

Níl aon athrú da dhéanamh sa scéim iompair scoile ó thaobh gearradh siar ar thaisteal daltaí. Is chun gearradh siar ar sheirbhísí a sheacaint a fógraíodh go mbeadh sintiúisí dá n-éileamh ó thuismitheóirí as seo amach.

Faoi láthair i ngach scoil lán-Ghaelach ceadaítear post múinteóireachta amháin de bhreis ar an líon múinteóirí a bheadh dlite de réir an choibhneas ginearálta idir múinteóirí agus daltaí. Tá sé ar intinn agam leanúint leis an socrú sin.

Top
Share