Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 May 1983

Vol. 342 No. 7

Written Answers. - Íocaíocht Deontas.

688. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair a íocfar deontas feabhsúcháin le iarratasóir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha).

689. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an gcinnteoidh sé go dtabharfaidh cigire tithíochta de chuid na Roinne chairt ar iarratasóir ar dheontas feabhsúcháin i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha).

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 688 agus Ceist Uimh. 689 le chéile.

Tá tráthchuid den deontas feabhsúcháin íoctha sa chás sin. Rachaidh cigire de chuid mo Roinne chuig an iarratasóir a luaithe is féidir chun aon iarratas eile a phlé agus, má bhíonn na hoibreacha a ceadaíodh críochnaithe go sásúil, íocfar fuílleach an deontais.

690. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an gcinnteoidh sé go dtabharfaidh oifigeach de chuid an Údaráis cuairt ar iarratasóir ar dheontas iascaigh (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbuailfidh oifigeach leis an iarratasóir sin go han-luath.

691. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé chomh luath is a íocfar an chuid dheireadh de dheontas feabhsúcháin le iarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Rachaidh cigire de chuid mo Roinne chuig an iarratasóir sin a luaithe is féidir agus, má bhíonn na hoibreacha críochnaithe go sásúil, íocfar fuílligh na ndeontas.

Top
Share