Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £14,115,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1983, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Tá beagnach £20 milliún á chur ar fáil i mbliana do Roinn na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta lena chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Anuas ar an nglaniomlán £14,115,000 atá i Leabhar na Meastachán tá soláthar caipitil neamhvótáilte mar a leanas ar fáil ó fhoinsí eile:
—airleacan a íoctar díreach as an Státchiste: £5.3 milliún atá i gceist i mbliana, agus
—iasachtaí as Ciste na nIasachtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe: £110,000 atá údaraithe don bhliain reatha.
Is iad na príomhshuimeanna a bhfuil cur síos orthu i Leabhar na Meastachán ná:
—£1,000,000 do dheontais tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht):
—£1,380,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £880,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil d'fhonn bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt;
—£1,383,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus nuachtáin Ghaeilge;
—£1,900,000 do Chiste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Gaeilge; agus
—£7,600,000 d'Údarás na Gaeltachta idir caiteachas reatha de chineálacha éagsúla agus caiteachas caipitil ar dheontais: tugann sé sin agus an t-airleacan a luaigh mé an t-iomlán ón Stát don Údarás go dtí £12.9 milliún.
Is ar éigean is gá dom a rá gurbh fhearr liomsa dá mbeadh ar chumas an Rialtais soláthar airgid níos mó fós a chur ar fáil dom i gcaoi go bhféadfainn caitheamh go fial le gach uile dhream a bhíonn ag lorg cúnaimh. Ach, ó tharla go bhfuil laghdú beag i soláthar na bliana reatha i Vóta na Roinne i gcomparáid leis an gcaitheachas anuraidh, níl dul as ach gearradh siar a dhéanamh anseo agus ansiúd. Ag an am céanna táim sásta go ndéanfar dul chun cinn maith ach cur chun oibre go cúramach, tuisceanach, stuama.
Tá an-obair déanta ón mbliain 1929 i leith leis an gcúnamh a thugtar faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus tá rian na hoibre sin le feiceáil go forleathan ar fud na Gaeltachta, áit a bhfuil an caighdeán tithíochta chomh hard ar a laghad agus atá sé i gcearn ar bith eile den tír. Is mór an chreidiúint atá ag dul do mhuintir na Gaeltachta dá bharr sin.
Ó tharla go bhfuil ganntanas airgid ann i mbliana ar chúiseanna atá soiléir tá deontais áirithe nach bhfuil á gceadú. Níl curtha ar fionraí, áfach, ach na deontais is lú a chuirfidh as do mhuintir na Gaeltachta, is iad sin, deontas tógála do dhuine a bhfuil an dara teach cónaithe á thógáil aige agus teach maith aige cheana féin, deontais do sheallaí saoire ar beag an glaoch a bhí orthu le roinnt blianta agus an deontas chun cúlchoire nó fearas dóite soladbhreosla a chur isteach in ionad córais eile. Féachfar chuige go leanfaidh na deontais a bhfuil tábhacht mhór leo do mhuintir na Gaeltachta.
Ceapadh na Scéimeanna Feabhsúcháin d'fhonn saoráidí breise a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta ina mbíonn an Ghaeilge i réim mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail. Cuidíonn na scéimeanna le feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta — scéimeanna uisce agus séarachais, muiroibreacha, bóithre áise agus portaigh, hallaí agus coláistí Gaeilge, áiseanna chaitheamh aimsire, cúnamh do chomharchumainn agus saoráidí eile.
Nuair atá soláthar na bliana seo do na scéimeanna feabhsúcháin á chur i gcomparáid le caiteachas 1982, ba chóir a chur san áireamh gur tharla caiteachas eisceachtúil anuraidh: mar shampla, bhain costas mór le bád nua farantóireachta d'Oileán Cléire i gContae Chorcaí agus tugadh cúnamh speisialta éigeandála do chomharchumainn. Ag an am céanna tig liom a rá nár thug sé aon sásamh domsa a fhógairt go raibh an ciste a bhíodh ar fáil do bhóithre laghdaithe agus go gcaithfí díriú go príomha ar bhóithre a raibh deontais ceadaithe ina leith anuraidh ach nach raibh an obair orthu críochnaithe. Ach, faoi mar a luaigh mé cheana, ní raibh dul as ach gearradh siar ag féachaint don ghéarchéim airgeadais.
Tá sé ráite agam go minic cheana gur chóir go mbeadh tionchar an-mhór ag comharchumann áitiúil, ach é a bheith ag feidhmiú go héifeachtach, i bhforbairt iomlán a cheantair feidhme — forbairt eacnamaíoch agus shóisialach chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dúchais. Tar éis dom soláthar airgid i bhfad níos mó ná mar a fuair siad riamh roimhe sin a chur ar fáil anuraidh ar mhaithe leis na comharchumainn is cúis díomá dom nár éirigh le roinnt acu eagar sásúil a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí. Is iad féin a bhíonn i mbun oibre ar an láthair agus is orthu atá an cúram féachaint chuige go mbeidh eagar ceart ar na gnóthaí a bhíonn idir lámha acu: ní féidir leo an fhreagracht sin a chur ar an Stát ná ar aon dream eile. Caithfidh siad a aithint chomh maith go bhfuil teorainn leis an gcúnamh is féidir leis an Stát a thabhairt dóibh.
Is é mo thuairim, áfach, gur fiú iarracht eile a dhéanamh chun comhairle a leasa a chur ar chomharchumainn a bhfuil fadhbanna móra acu agus gur trí choiste oifigiúil, mar a bhí ag feidhmiú cúpla bliain ó shin, is fearr is féidir é sin a dhéanamh. Dá réir sin beidh coiste leis an ionadaíocht chéanna á thabhairt le chéile agam gan mhoill.
Is é an ceann is tábhachtaí agus is costasaí—£900,000 measta i mbliana—de na scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha a bhíonn á reachtáil ag mo Roinnse ná Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge faoina n-íoctar deontais díreach le mná tí cáilithe sa Ghaeltacht a mbíonn foghlaimeoirí aitheanta ar iostas acu. Bhí ar mo chumas anuraidh an deontas sin a mhéadú go dtí £2.25 in aghaidh an lae do gach dalta ach, le cúrsaí airgeadais mar atá, bhí orm cloí leis an socrú a bhí déanta sular ceapadh mé, is é sin gan aon mhéadú a thabhairt i mbliana. Ar ndóigh, níl sa deontas ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag dul do na mná tí i leith na bhfoghlaimeoirí: bíonn an chuid eile le fáil ó lucht na gcoláistí Gaeilge a ghearrann táillí cuí ar na tuismitheoirí. Is mian liomsa go mbeadh luach saothair maith ag na mná tí a chuireann cóiríocht shásúil ar fáil do na daltaí agus go bhféachfadh lucht na gcoláistí chuige sin.
Maidir leis an dá nuachtán sheachtainiúla, Inniu agus Amárach, ní miste a rá nach bhfuil éileamh mór ar cheachtar díobh agus nach bhfuil ar mo chumas, leis an nganntanas airgeadais, an cúnamh atá á lorg acu araon a sholáthar dóibh. Tá coiste beag bunaithe agam chun staid an dá nuachtán a scrúdú agus moltaí praiticiúla a chur ar fáil dom a luaithe is féidir maidir leis an tslí is éifeachtaí chun nuachtán fiúntach amháin, a ghlacfadh ionad an dá nuachtán sin agus a thuillfeadh ioncam maith, a chur á fhoilsiú le deontas réasúnach. Tá dóchas agam go mbeidh lucht Inniu agus Amárach páirteach in aon nuachtán nua a bhunófar.
Chomh maith le Bord na Gaeilge bíonn deontais le fáil ag eagrais dheonacha Ghaeilge as Chiste na Gaeilge—Bord na Leabhar Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge, an tOireachtas, Cumann na bhFiann, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Tig leis na heagrais dheonacha cúnamh nach beag a thabhairt i gcur chun cinn na Gaeilge. Beidh tuilleadh le rá agam ar ball faoi Bhord na Gaeilge agus faoin bplean a foilsíodh le déanaí don teanga.
Is cúis sásaimh dom a rá gur méadú a tháinig anuraidh ar an bhfostaíocht lánaimsire faoi scáth Údarás na Gaeltachta; sna tionscail ar chabhraigh Gaeltarra Éireann agus an tÚdarás leo tharla méadú 133 go 4,144 i rith na bliana 1982. Ní beag an dul chun cinn é sin mar tá obair an-deacair le déanamh ag an Údarás chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil—go háirithe ag féachaint don chúlú domhanda eachamaíochta.
Tig liom a lua freisin go bhfuiltear ag súil le roinnt mhaith post eile i dtograí a bhí ceadaithe gan a bheith faoi lánseol i ndeireadh na bliana seo caite agus i dtograí a ceadaíodh ó thús na bliana seo. Chomh maith leis sin tuigim go bhfuil tograí á bplé faoi láthair le sprioc fostaíochta de thart ar 450 post. Anuas air sin tá roinnt deontas ceadaithe ag an Údarás ó thús na bliana chun a chumasú do chomhlachtaí atá i mbun gnó cheana féin obair thaighde agus fhorbartha agus staidéir fhéidearthachta a dhéanamh agus, dá dtiocfadh gnóthaí trádála dá mbarr, d'fhéadfadh fostaíocht a bheith i gceist do 200 duine breise.
Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an tÚdarás ag feidhmiú le barr éifeachtachta ar mhaith leis an nGaeltacht agus is é sin an aidhm atá againn go léir. Tig liomsa a dhearbhú go ndéanfaidh mé gach uile rud a bheidh ar mo chumas le féachaint chuige go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir. Bíonn cruinnithe agam go rialta le comhaltaí agus lucht bainistíochta an Údaráis chun cúrsaí a phlé agus fadhbanna a réiteach.
Faoi mar is eol don Teach, beidh Comhchoiste um Chomhlachtaí Státtionscanta Tráchtála le ceapadh go luath agus beidh deis acu díriú ar an Údarás aon uair is mian leo chun tuarascálacha agus cuntais agus torthaí oibríochta i gcoitinne a scrúdú agus moltaí a dhéanamh más cuí. Is deimhin liom go mbeidh an comhchoiste ag iarraidh moltaí a chuideoidh leis an Údarás a chur ar fáil.
Tá Bord na Gaeilge ag feidhmiú anois ón mbliain 1975 i leith — ar bhonn ad hoc i dtús báire — agus tá cúram trom leagtha air. Baineann an cúram sin, ar ndóigh, le mórchuspóir tábhachtach náisiúnta atá chomh fairsing agus chomh hiltaobhach le saol an phobail.
Faoi mar is eol don Teach ghlac an Rialtas leis an bplean gníomhaíochta ceithre bliain don Ghaeilge a d'ullmhaigh an bord agus bhí de phribhléid agamsa é a chur i láthair an phobail cúpla mí ó shin. Is fada atáimid ag feitheamh le córas faoina bhféadfaí an teanga a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta pleanáilte. Tá ceithre mhórréimse i gceist sa phlean — an Ghaeltacht, an Pobal, an Stát, agus réimse an Oideachais. B'fhéidir nár miste a rá nach plean cuimsitheach atá i gceist ag an bpointe seo ach plean oibre teoranta ceithre bliana a bhfuil cuid mhaith de na spriocanna ann aontaithe leis na daoine a bheidh á gcur i bhfeidhm. Aon áit nach raibh deis ann na spriocanna a aontú beidh an obair sin ar siúl go leanúnach le daoine agus le heagrais éagsúla i dtreo go mbeidh barr feabhais agus foirfeachta á chur ar an bplean.
Is dóigh liom gur glacadh go maith leis an bplean tríd is tríd agus go mbeidh fonn ar an bpobal comhoibriú lena chur i bhfeidhm. Is é sin an chuid is tábhachtaí den obair, dáiríre: is beag is fiú plean, dá fheabhas é, mura bhféadfar na spriocanna ann a bhaint amach. Is gá gach uile dhream sa tír a chur ag obair as lámha a chéile agus beidh páirt thábhachtach san obair sin ag Teachtaí Dála ní amháin in úsáid na Gaeilge sa Teach seo ach sa tacaíocht is féidir leo a thabhairt ina gcuid oibre agus ina saol príobháideach ar fud na tíre. Beifear ag brath ar Theachtaí dea-shampla agus comhoibriú mar sin a thabhairt go fial.
Ba mhaith liom aird a dhíriú ar an ráiteas gairid ón Rialtas a foilsíodh i dteannta leis an bplean: sílim nach miste cúpla abairt a léamh as:
Glacann an Rialtas leis gur gá, i dtreo go mairfidh an teanga, féachaint chuige go mbeidh an Ghaeilge á húsáid mar ghnáthmheán cumarsáide ag go leor daoine lena chinntiú go mbeidh sí slán feasta. Dearbhaíonn siad mar sin go bhfuil de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacóidh dáiríre leosan a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil.
Is ábhar sásaimh domsa go bhfuil aitheantas tugtha ag an Rialtas don chúram atá orthu i leith na teanga agus tá dóchas agam go mbeidh an plean mar thús uruna leis an áit is dual di a bhaint amach don Ghaeilge i saol na hÉireann.
Is mór an chúis áthais dom féin, mar fhear Gaeltachta, go bhfuil sé de phribhléid agam leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith mar chúram orm faoin Rialtas seo agus tig liom a ghealladh go ndéanfaidh mé mo dhícheall ar mhaithe leo araon. Mar chabhair chuige sin iarraim ar an Teach glacadh leis an Meastachán seo.