Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 16 Jun 1983

Vol. 343 No. 8

Written Answers. - Líon Gardaí gContae Bhaile Átha Cliath.

647. D'fhiafraigh

den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil sé ar intinn aige aon ghardaí breise a chur ag obair i gceantar Dhomhnach Míde i gContae Bhaile Átha Cliath.

Limerick East): Is é Coimisinéir an Gharda Síochána atá freagrach as gardaí a cheapadh do limistéir éagsúla. Tuigim uaidh go bhfuil feabhas tagtha ar mhinicíocht agus líon na bpatról, idir phatróil choise agus fheithiclí, i nDomhnach Míde le cúpla mí anuas, de réir mar atá curtha le líon na gcomhaltaí i stáisiún na Cúlóige a bhfuil ceantar Domhnach Míde faoin a chúram. Tá 105 gardaí lonnaithe i stáisiún na Cúlóige i láthair na huaire, i gcomparáid le 92 ar 31 Nollaig 1982, agus déanfar athbhreithniú ar an scéal amach anseo nuair a bheidh a thuilleadh gardaí ar fáil.

Top
Share