Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Jun 1983

Vol. 344 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceist Le Fógra Príobháideach. Nuachtán Gaeilge.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil a fhios aige go gcaithfidh Amárach a dhúnadh ar an 6 Iúil; an bhfuil sé i gceist aige gníomhú go práinneach chun go mbeidh ar chumas an páipéar Amárach fanúint ar oscailt ar a laghad an fhaid a mhairfidh na comhráití idir a Roinn, Inniu agus Amárach chun an dá pháipéir sin a chomhnascú.

Is cúis aiféala dom a chloisteáil go bhfuil socraithe ag bord stiúrtha Amárach stop den nuachtán a fhoilsiú go luath. Tuigim go bhfuil caillteanais mhóra cárnaithe acu agus is gnó do bhord stiúrtha an pháipéir ar ndóigh a shocrú an féidir leo dul ar aghaidh leis an gcabhair Stáit atá á fáil acu.

Ní miste a mhíniú gur bhunaigh mé coiste a dhéanfaidh staid an dá nuachtán Ghaeilge Inniu agus Amárach a scrúdú agus moltaí a dhéanamh maidir leis an tslí is éifeachtaí chun nuachtán fiúntach amháin a thuillfeadh ioncam maith a chur á fhoilsiú le deontas réasúnach. Tá súil agam go mbeidh moltaí an choiste sin ar fáil go luath. Ní miste a rá freisin gur deontas £1,000 in aghaidh an eagráin atá ag Amárach amhail ó 1 Eanáir 1981 ach gur tugadh deontas speisialta £30,000 anuas air sin dóibh i rith na bliana sin. Laghdaigh siad an líon leathanach sa nuachtán amhail ó 2 Eanáir 1982 ó 12 go hocht leathanach. Sa mhéid gur leanadh ar aghaidh leis an deontas céanna don nuachtán laghdaithe bhí méadú 50 faoin gcéad sa deontas in aghaidh an leathanaigh. Níl i gceist agam aon mhéadú a dhéanamh ag an bpointe seo.

An bhfuil an tAire sásta go raibh bord Amárach ag cabhrú leis an Roinn le bliain anuas faoi chomhráití a bhí ar siúl chun cúnamh a thabhairt don dá pháipéir? An bhfuil an tAire sásta go bhfuil na comhráití sin ar siúl go fóill agus nár chóir don Aire an páipéar seo a chur as foilsiú ar a laghad go dtí go mbeidh na comhráití sin críochnaithe, agus an gcuirfeadh sé £700 sa tseachtain chun an páipéar a choimeád á fhoilsiú?

Tosnóidh mé ag an deireadh, mar a deireann siad. Tá an Teachta ag caint faoi £700 sa seachtain. Tá £100 sa tseachtain á fháil acu le bliain go leith anuas. Deireann siad anois go bhfuil siad chun an páipéar a dhúnadh. Maidir leis na comhráití atá ar siúl tá idir-bheartaíocht ar siúl idir Amárach agus Inniu. Bhuail mise leis an dá dream cúpla uair agus tá coiste bunaithe agam — go deimhin tá cruinniú ann tráthnóna inniu — cúpla mí ó shin. Tá cainnteanna idir daoine ó mo Roinn féin leo. Is é an moladh a chuir mise os comhair an choiste ná gur theastaigh uaim go mbeadh cónascadh ann agus go mbeadh mar thoradh air sin páipéar fiúntach amháin. Glacaim gur ghlac Amárach go fonnmhar leis an moladh seo agus go bhfuil siad ag glacadh páirt sna comhráití agus san idir-bheartaíochta atá ar siúl.

Tig liom é seo a rá leis an Teachta: cé go bhfuil sé ar intinn acu deireadh a chur leis an pháipéar i gceann seachtaine, ní chuirfidh sé sin as don chónascadh, agus ba mhaith liomsa ag deireadh an lae go bhfeicfí an dá pháipéir, Amárach— bíodh sé ann nó as—agus Inniu ag teacht le chéile agus páipéar fiúntach amháin á chur ar fáil go mbeadh brabach le fáil as agus go mbeadh deontas réasúnach ag dul dó. Tá dhá cheist anseo. Is cuma Amárach ann nó as, tig leis an Teachta glacadh uaim go mbeadh siad, i ndeireadh na dála, in ann glacadh le cibé aontú a bhéas ann.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil cúig jobanna i gceist anseo i bpáipéar amháin agus 23 jobanna do chlódóirí. An bhfuil a fhios aige freisin go bhfuil cainteanna ar siúl sa Teach seo ag iarraidh coiste idir-pháirtí a bhunú chun plé le cúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go mba chóir dóibh ceist mar seo a phlé. Iarraim ar an Aire cabhair a thabhairt don pháipéar chun leanúint ar aghaidh go ceann míosa eile, agus beimid ag caint anseo sa choiste idirpháirtí, agus b'fhéidir go mbeadh athrú meoin ag an Aire ina dhiaidh sin.

Ní ceist domsa é. Is ag bord stiúrtha an pháipéir a bheidh sé le socrú cén chaoi a dhéanfaidh siad an cheist seo a réiteach. Is cosúil gur shocraigh siad ar an pháipéar a dhúnadh ag deireadh na seachtaine. Is acu siúd amháin atá sé sin le réiteach agus níl aon bhaint agam leis. Séard tá mé ag rá——

Níl aon dul as ag an Aire.

Mar a deir mé, is cuma ann nó as iad mar pháipéir. Níl sé mar choinníoll go gcaithfear Amárach bheith dá fhoilsiú ag an am. Is rud mór é sin, agus caithfidh an Teachta é sin a admháil. Maidir leis an gcoiste Tí atá i gceist anseo, cuireann sé sin an-áthas orm. Ba mhaith liom é a fheiceáil. Beidh sé ag teacht chun díospóireachta sa tSeanad i gceann cúpla mí. Tá súil agam go mbunófar an coiste agus go mbeidh suim i ndul chun cinn na Gaeilge sa Teach agus taobh amuigh den Teach ach ní dóigh liom gur ceist í seo go bhféadfaidh an coiste sin a ionsaí mar fhadhb. Bheadh suim acu ann cinnte ach seo rud go mbaineann caiteachas leis, go mbaineann teacht isteach leis agus ba ag bord stiúrtha an pháipéir a bhí sé cinneadh a dhéanamh air seo. Is cosúil chomh fada agus is eol dom ón eolas atá agam go bhfuil an cinneadh sin déanta ag an mbord stiúrtha. Ní raibh aon bhaint agamsa leis. Dúirt mé leo dhá mhí ó shin nach bhféadfainn níos mó de dheontas a chur ar fáil dóibh. Ag breathnú thart ar fhoilseacháin eile ar fud na tíre idir nuachtáin, leabhráin agus chuile rud gur rud mór é £1,000 in aghaidh an eagráin. Tuigim go maith go bhfuil cúig jobanna abair ar leataobh. Glacaim gur rud mór é sin i gceanntair mar sin ach ní mise a rinne an cinneadh.

Ba mhaith liom ceist amháin a chur ar an Aire. An mbeadh sé sásta bualadh le muintir an pháipéir agus geallúint a thabhairt dóibh go mbeadh sé sásta thar ceann an Rialtais tacaíocht fiúntach a thabhairt do lucht an pháipéir seo mar tá i bhfad níos mó ná jobanna i gceist anseo. Tá fealsúnacht ó thaobh na Gaeilge.

Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire freisin a dhian-dhícheall a dhéanamh ar son tacaíocht na Gaeilge.

Ni dóigh liom gur óráid i ndáiríre atá i gceist agam. Ba mhaith liom a iarraidh ó mo chroí amach ar an Aire aon tacaíocht go bhfuil se ina chumas a thabhairt don pháipéar seo a chur ar fáil má táimid i ndáiríre ó thaobh Rialtais de ar chúrsaí Gaeilge sa tír seo.

Is féidir leis an Teachta bheith lán-chinnte dhe go dtabharfaidh mise aon tacaíocht gur féidir liom a thabhairt don Ghaeilge agus do chur chun cinn na Gaeilge. Chuir an Teachta dhá cheist orm. An mbeinn sásta bualadh leis an mbord agus an mbeinn sásta geallúint a thabhairt dóibh go gcuirfinn airgead ar fáil dóibh go dtí go mbeadh an idirbheartaíocht seo thart. Tá an Teachta i mbun comhráití leis na blianta fada agus tá a fhios aige go maith nach féidir liomsa a leithéid de gheallúint a thabhairt. Tá mé sásta bualadh leis an mbord ach nílim sásta ag an bpointe seo go poiblí anseo geallúint a thabhairt dóibh céard a tharlóidh ag an gcruinniú sin. Níl aon drogall orm bualadh leo am ar bith is mian leo. Ach ni féidir liom a leithéid de gheallúint atá á éileamh ag an Teachta a thabhairt dó ag an bpointe seo.

An mbeadh an tAire in ann geallúint a thabhairt don Teach go mbeidh nuachtán lán-Ghaelach ar fáil do mhuintir na Gaeltachta sna blianta atá le teacht agus anois chun an Ghaeilge a choimhéad agus a láidriú ar fud na Gaeltachta?

Mar a dúirt mé leis an Teachta Mac Giolla, tá idir-bheartaíocht ar siúl faoi láthair. Cheap mé go mba cheart páipéar amháin a bheadh fíuntach do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a chur ar fail sa tír seo, páipéar amháin go mbeadh fiúntas ann, go mbeadh éileamh air, go bhféadfaí é a dhíol go forleathan agus go mbeadh airgead á dhéanamh air. Má tá muintir na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht anois ag rá go bhfuil siad sásta páipéar den tsaghas sin a cheannach—is acusan ata an rogha—níl aon dabht agamsa ná go mbeidh rath ar a leithéid de thuairim agus go n-éireoidh leis an pháipéar amháin seo. Ach tá mé ag rá anois go gcaithfimid, mar thoradh ar na comhráití atá ar síul, páipéar amháin a bhunadh agus tá súil agam, nuair a chuirfear an páipéar seo ar fáil go gceannóidh daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge an páipéar go ndéanfaidh sé brabach agus go gcuirfidh sé úsáid na Gaeilge chun cinn ar fud na tíre.

A Cheann Comhairle, I wish to raise on the Adjournment the present financial situation of Aontas, the national adult education body.

The Chair will communicate with the Deputy.

With your permission, a Cheann Comhairle, I should like to raise on the Adjournment the question of farmers who are in severe financial difficulties with interest repayments.

The Chair will communicate with the Deputy but there will be keen competition.

Top
Share