Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Jul 1983

Vol. 344 No. 7

Written Answers. - Coláiste Gaeilge i gContae na Gallimhe.

1030. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais-cén t-údar gur diúltaíodh cead d'Udarás Choláiste Gaeilge i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha) ranganna a thionól i bhfoirgneamh áirithe agus céard iad na feabhsúcháin a bheadh riachtanach lena chur in ord.

Níl aon Roinn sásta aitheantas a thabhairt do choláiste ar bith a chuireann ranganna agus imeachtaí eile ar súil sa halla atá i gceist anseo.

Caithfear oibreacha áirithe a dhéanamh ar an gcóras uisce, ar an urlár agus ar an díon agus teastaisí a sholáthar óailtire, ón oifigeach sláintíochta agus ón oifigeach dóiteáin ag deimhniú go bhfuil an halla curtha in oiriúnt agus sabháilte do dhaltaí mar atá leagtha síos in alt a cúig dena coinníollacha a mbaineann le scéim deontais na gcoláistí samhraidh.

Top
Share