Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Jul 1983

Vol. 344 No. 8

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta Debt.

621.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is satisfied that the sum of £63,791.00 due by Údarás na Gaeltachta at 31 December 1981 will be repaid in full to the Exchequer at some future date, bearing in mind the statement made by a former chief executive of the board on a television programme in 1982, that he believed that not one penny of such debt to the Exchequer would ever be repaid.

Faoi alt 23 (2) (c) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, is amhlaidh nach mbeidh an tsuim sin ná aon airleacan a tugadh ó shin d'Údarás na Gaeltachta inaisíoctha go dtí cibé dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh liomsa. Nuair a thiocfaidh an tAire Airgeadais i gcomhairle liom beidh an scéal ar fad le breithniú gan aon aird ar thuairimíocht den chineál atá luaite.

Top
Share