d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta deontas a chur ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun droichead Mhuiceanach, Camas, Contae na Gaillimhe, a chríochnú.
Written Answers. - Droichead Nua do Chontae na Gaillimhe.
336. D'fhiafraigh
Deontas £126,871 a bhí i gceist i dtús báire don droichead sin agus táim tar éis é a mhéadú dhá uair — go £154,452 i ndeireadh mí na Nollag 1982 agus go £170,000 i mí Márta seo caite — agus níl ar intinn agam é a mhéadú arís. Tá fuílleach £15,548 den deontas nach bhfuil íoctha fós leis an gcomhairle chontae agus táim sásta é a íoc leo ach oibreacha breise den luach sin a bheith curtha i gcrích acu roimh dheireadh na bliana seo ó tharla go bhfuil beartaithe acu an obair a chríochnú ar a gcostas féin an bhliain seo chugainn.