Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £13,489,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Nollaig, 1984, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeont-ais-i-gcabhair.
Is tráthúil go bhfuil mé le ceist na Gaeltachta a phlé as Gaeilge an deireadh seachtaine seo, seachtain ina bhfuil Lá Fhéile Pádraig.
Breis is £18 milliún atá á chur ar fáil ag an Rialtas i mbliana do Roinn na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta le go bhféadfar leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Suim £13,489,000 atá i Leabhar na Meastachán agus anuas air sin tá soláthar caipitil neamhvótáilte mar seo a leanas ar fáil ó fhoinsí eile:
—airleacan a íoctar díreach as an Státchiste leis an Údarás: £4,500,000 atá i gceist i 1984, agus
—iasachtaí as Ciste na nIasachtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe: £100,000 atá údaraithe don bhliain reatha.
Is iad na príomhshuimeanna a bhfuil cur síos orthu i Leabhar na Meastachán ná:
—£900,000 do dheontais tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht);
—£1,550,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £800,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil chun bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt;
—£1,383,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge mar aon le tréimhseacháin agus nuachtáin Ghaeilge;
—£2,020,000 do Chiste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Ghaeilge;
—£5 milliún agus £1,659,000 d'Údarás na Gaeltachta do chaiteachas caipitil agus reatha: tugann sé sin agus an t-air-leacan a luaigh mé an t-iomlán ón Stát don Údarás go dtí £11,159,000.
Cé go bhfuil laghdú beag sa soláthar i gcomparáid le caiteachas na bliana seo caite táim sásta gur féidir dul chun cinn maith a dhéanamh i mbliana. Is ar éigean is gá a rá gurbh fhearr liomsa go mór dá mbeadh soláthar níos mó ar fáil don obair, a bhfuil tábhacht náisiúnta léi, atá ar siúl ag mo Roinnse agus ag an dá chomhlacht reachtúla atá faoina cúram ach, faraor, leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí airgeadais faoi láthair, ní raibh sé sin indéanta. De réir mar a thiocfaidh feabhas ar na cúrsaí sin, áfach, tá dóchas agamsa go mbeidh tuilleadh airgid ar fáil.
Thug mé le fios nuair a bhí Meastacháin na bliana 1983 á bplé againn sa Teach seo go raibh méadú 133, go dtí 4,144, tagtha ar an líon daoine a bhí fostaithe go lán-aimseartha sna tionscail faoi scáth Údarás na Gaeltachta i ndeireadh 1982. Tá an-áthas orm bheith in ann a rá arís i mbliana gur leanadh den dul chun cinn sin agus gur méadaíodh an fhostaíocht lánaimseartha go 4,261 duine i rith na bliana 1983. Tuigim gur cruthaíodh 687 bpost nua i 1983 i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás ach, ó tharla gur cailleadh 570 post i rith na bliana, ní raibh ach méadú glan de 117 bpost. Cé gur mór an trua go gcailltear fostaíocht ní miste breathnú ar ghlanmhéadú de bhreis ar 100 mar dhul chun cinn sásúil ag féachaint do na fadhbanna ar leith a bhí ag an Údarás anuraidh gan trácht ar na gnáth-dheacrachtaí a bhíonn le sárú ag an eagr-aiocht chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil — go háirithe iargúltacht na gceantar Gaeltachta agus an cúlú domhanda eacnamaíochta.
Cé nach bhfuil an oiread mórthionscal ag teacht ar aghaidh agus a bhíodh, tá gach dícheall á dhéanamh ag an Údarás chun an drochthionchar ón gcúlú eacnamaíochta a mhaolú sa Ghaeltacht. Tá iarrachtaí ar leith ar siúl chun miontionscail a bhunú agus a fhorbairt agus is fiú a lua gur ceadaíodh cúnamh do thart ar 220 miontionscal anuraidh i gcomparáid le timpeall 200 an bhliain roimhe sin. Tá ardmholadh ag dul don Údarás dá bharr sin agus tá súil agam go n-éireoidh leo leanúint den dea-obair.
Faoi mar a luaigh mé anseo sa Dáil an mhí seo caite, tá ceithre bliana imithe ó bunaíodh an tÚdarás. Tharla athruithe suntasacha sa tréimhse ama sin agus is mithid athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar éirigh leis an Údarás a chuid oibre a chur chun cinn. Beidh struchtúr na heagraíochta le scrúdú agus réimsí freagrachta le leagan amach go soiléir. Beidh plean le réiteach, spriocanna sain-iúla le socrú do gach réimse freagrachta agus slata tomhais le ceapadh i gcaoi go bhféadfar dul chun cinn a mheas sna réimsí éagsúla. Beidh gá le comhoibriú ó chomhaltaí agus ó fhoireann an Údaráis san obair thábhachtach seo.
Ó tharla an tÚdarás a bheith ann — agus Gaeltarra Éireann roimhe — bhí an claonadh ag áisínteachtaí náisiúnta neamhshuim a dhéanamh de na ceantair Ghaeltachta ar bhealach a thabharfadh le tuiscint nár tháinig na ceantair sin faoina gcúram. Déanfaidh mise mo dhícheall lena áiteamh ar áisínteachtaí mar sin páirt níos gníomhaí a ghlacadh, i gcomhairle leis an Údarás, i gcúrsaí na Gaeltachta.
Luaigh mé anseo cheana go bhfuil curtha i mo leith go bhfuilim ag iarraidh dochar a dhéanamh don Údarás i gcaoi go sroichfí an pointe nuair nach mbeadh an dara rogha ann ach eagraíocht forbartha de shaghas éigin eile a chur ina áit. Níl aon fhírinne sa líomhain sin agus go deimhin is mian liom a dhearbhú go bhfuil rún agam féachaint chuige go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú mar eagraíocht lánéifeachtach ar mhaithe leis an nGaeltacht agus lena muintir. Tá páirt ríthábhachtach ag an Údarás i saol na tíre seo agus go háirithe i saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta mhuintir na Gaeltachta.
Beidh gá le toghchán arís i mbliana chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta seachtar comhalta a thoghadh ar an Údarás. Ní foláir an toghchán sin a bheith ann ar an 12 Nollaig ar a dhéanaí nuair a bheidh cúig bliana imithe ón gcéad toghchán. Is é atá ar intinn agam faoi láthair ná toghchán a chur ar siúl i mí Dheireadh Fómhair.
Tá an-obair déanta ón mbliain 1929 i leith leis an gcúnamh a thugtar faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus tá rian na hoibre sin le feiceáil go forleathan ar fud na Gaeltachta áit a bhfuil an caighdeán tithíochta chomh hard ar a laghad agus atá sé i gcearn ar bith eile den tír. Is mór an chreidiúint atá ag dul do mhuintir na Gaeltachta dá bharr sin. Faoi mar is eol don Teach, baintear feidhm mhaith as na tithe sin chun cuairteoirí, agus go háirithe cuairteoirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, a mhealladh lena gcuid saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht — rud a chuireann le cumas Gaeilge na gcuair-teoirí agus le teacht isteach mhuintir na Gaeltachta.
Tá tábhacht ar leith leis na scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht mar go gcabhraíonn siad le feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta trí chúnamh a thabhairt le scéimeanna uisce agus séarachais a chur i gcrích, saoráidí calaíochta a fheabhsú, hallaí pobail a thógáil, a mhéadú agus a fheabhsú agus áiseanna chaitheamh aimsire ar nós páirceanna imeartha, pinniúir liathróid láimhe, cúirteanna leadóige agus cispheile a sholáthar.
Is gléas cumasach é comharchumann áitiúil, ach é a bheith ag feidhmiú go héifeachtach, chun forbairt iomlán a cheantair feidhme a chur i gcrích — forbairt eacnamaíochta agus shóisialach chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dhúchais. Is ábhar sásaimh dom go bhfuil comharchumainn ag feidhmiú ar fud na Gaeltachta ach faraor tá fadhbanna móra airgeadais ag roinnt acu. Cé gur shocraigh mise cúpla bliain ó shin soláthar airgid i bhfad níos mó ná mar a fuair siad riamh roimhe a chur ar fáil ar mhaithe le comharchumainn Ghaeltachta, ba chúis díomá dom nár éirigh le cuid acu, fiú leis an gcúnamh breise a fuair siad, eagar sásúil a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí. Is iad féin a bhíonn i mbun oibre ar an láthair agus is orthu atá an cúram féachaint chuige go mbeidh eagar ceart ar na gnóthaí a bhíonn idir lámha acu: tá súil agam go dtuigeann siad faoin am seo nach féidir leo an fhreagracht sin a chur ar an Stát ná ar aon dream eile.
Chun a gcuid fadhbanna a scrúdú athuair bhunaigh mé coiste i lár na bliana seo caite. Ar bhonn moltaí a fuair mé ón gcoiste sin thug mé cúnamh speisialta do chomharchumainn ar oileáin roimh dheireadh na bliana. Bhí comharchumainn eile, áfach, nár éirigh leo a léiriú don choiste go bhféadfaí tarrtháil a dhéanamh orthu ar chostas réasúnta i gcaoi go mbeadh gníomhaíochtaí inmharthara ar siúl acu dá éis sin. Le tamall anuas bhí comhráite ag oifigigh ó mo Roinnse agus ó Údarás na Gaeltachta leis na comharchumainn sin agus is oth liom a rá go bhfuil deireadh ag teacht le cúpla ceann acu. Mar sin féin tá dóchas agam go mairfidh spiorad na comharaíochta ar fud na Gaeltachta. Mar chabhair chuige sin tá socraithe agam cúnamh speisialta a thabhairt do choistí nó do chomhiachtaí a leanfaidh den dea-obair a bhí ar siúl agus do chomharchumainn áirithe a mbeidh ar a gcumas teacht slán trí theorainn chiallmhar a chur lena gcuid gníomhaíochtaí. Is cúnamh fíoreisceachtúil atá i gceist don bhliain seo amháin agus íocfar é de réir mar a bheidh airgead á bhailiú ón bpobal mar shíntiúis áitiúla nó mar scaireanna. Ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir gurb é seo an iarracht dheiridh le cabhair thárr-thála a thabhairt agus nach mbeidh cúnamh dá leithéid le fáil arís. Tá súil agam go mbeidh an tacaíocht airgeadais atá riachtanach ag teacht go fial ón bpobal i ngach ceantar.
Is í Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge faoina n-íoctar deontais díreach le mná tí sa Ghaeltacht a mbíonn foghlaimeoirí aitheanta ar iostas acu an ceann is tábh-achtaí de na scéimeanna cultúrtha agus sóisialaclia a bhíonn á reachtáil ag mo Roinnse. Tá an deontas faoin scéim sin méadaithe agam i mbliana go dtí £2.50 in aghaidh an lae do gach dalta nó suas go £60 don ghnáthchúrsa. Is eol dom go gcuirfeadh na mná tí fáilte roimh mhéadú níos mó fós ach caithfear a aithint go bhfuil géarchéim airgeadais ann agus nach bhfuil sa deontas a íocann mo Roinnse ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag dul dóibh i leith na bhfoghlaimeoirí. Is as na táillí a ghearrann údaráis na gcoláistí Gaeilge ar thuismitheoirí na ndaltaí a thagann an chuid eile den teacht isteach agus is gnó do na mná tí féin féachaint chuige, trí idirbheartaíocht le lucht na gcoláistí, go mbeidh luach saothair maith le fáil acu.
Má tá an toradh a bhfuilimid uile ag dréim leis le bheith ar na hiarrachtaí éagsúla atá ar siúl ar mhaithe leis an nGaeilge is den riachtanas é go mbeidh nuachtán tarraingteach Gaeilge ar fáil a mbeidh éileamh nach beag air ar mhaithe lena fhiúntas féin agus go nglanfaidh sé cuid mhór dá chostas trí dhíolacháin agus trí fhógraí. Ba mhór an chabhair nuachtán mar sin le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge a chíoradh, le mórfhadhbanna na linne a phlé agus le daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Bhí an-áthas orm conradh a shíniú inné chun nuachtán mar sin dar teideal Anois a chur á fhoilsiú on 2 Meán Fómhair seo chugainn. Beidh socruithe go leor le déanamh san idirlinn chun a dheimhniú go mbeidh nuachtán den scoth againn. Is comhlacht neamhspleách faoi scáth Ghael-Linn a bheidh i mbun an fhiontair. Ní miste a lua gur de thoradh tairiscintí a fuarthas mar fhreagra ar fhógra sna nuachtáin agus comhráite ina dhiaidh sin a rinneadh an rogha. Nuachtán Domhnaigh a bheidh ann agus beidh scaipeadh forleathan air i measc an phobail.
Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine díograiseacha ar éirigh leo an nuachtán Inniu a fhoilsiú go rialta le breis agus dhá scór bliain anuas. Is oth liom nach bhfuil dóthain airgid ar fáil a chuirfeadh ar chumas mo Roinne deontas a íoc le Inniu nuair a thiocfaidh an nuachtán nua amach. Beidh mé ag iarraidh a shocrú, áfach, nach mbeidh daoine a chaith cuid mhór dá saol i mbun an pháipéir fágtha ar an gcaolchuid.
Tá súil agam go mbeidh an-éileamh ag an bpobal ar an nuachtán nua Anois agus go n-éireoidh go geal leis.
Faoi mar is eol don Teach, ghlac an Rialtas leis an bplean gníomhaíochta ceithre bliana don Ghaeilge a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge agus bhí de phribhléid agarnsa é a chur i láthair an phobail beagnach bliain ó shin. Is fada muid ag fanacht le córas faoina bhféadfaí an teanga a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta pleanáilte agus tá sé sin ar fáil anois sa Phlean, atá bunaithe ar cheithre mhór-réimse gníomhaíochta — an Ghaeltacht, an Pobal, an Stát, agus an tOideachas. Bíonn idirbheartú agus comhphlé ar siúl go leanúnach le daoine agus le heagrais éagsúla i dtreo go mbeidh barr feabhais agus foirfeachta á chur ar an bplean.
Is beag is fiú plean dá fheabhas é mura bhféadfar na spriocanna ann a bhaint amach agus táimid ag brath ar an bpobal uile agus ar gach réimse den saol chun é sin a dhéanamh. Tá súil agamsa go mbeidh tacaíocht láidir ón bpobal don phlean i gcaoi go ndéanfar dul chun cinn fiúntach. Tá dóchas agam nach fada go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge le cloisteáil ar fud na tíre agus go háirithe anseo sa Dáil. Is cúis sásaimh dom go bhfuil dearbhaithe ag an Rialtas go bhfuil de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacóidh dáiríre leosan a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil.
Chomh maith le Bord na Gaeilge bíonn deontais le fáil ag eagrais dheonacha Ghaeilge as Ciste na Gaeilge — Bord na Leabhar Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge, an tOireachtas, Cumann na bhFiann, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Tig leis na heagrais Ghaeilge an-obair a dhéanamh i measc an phobail ach cur chuige le fonn agus le fuinneamh. Tig leo freisin tacú le gníomh-aíochtaí a chéile i gcaoi go mbeidh comhordú ceart idir na hiarrachtaí éagsúla a bheidh ar siúl. Táim ag glacadh leis, ar ndóigh, go mbeidh tacaíocht fhial le fáil uathu chun na spriocanna faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a bhaint amach.
Tabharfaidh Teachtaí faoi deara go bhfuil fo-mhírcheann nua i Meastachán na Roinne don chéad uair i mbliana — Oifig Eorpach do Theangacha Neamh-fhorleathana — agus go bhfuil £25,000 á chur ar fáil mar chabhair i ndáil le costais oifige i mBaile Átha Cliath. Is cúis sásaimh dúinn gur anseo in Éirinn atá an cheanncheathrú ag an mBiúró Eorpach sin atá i mbun oibre le breis agus bliain agus an cúram air labhairt thar ceann na mionphobal ar fud na hEorpa le hInstit-iúidí an Chomhphobail. Is amhlaidh a ghlactar leis mar fhoras comhairleach do Choimisiún agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le teangacha agus cultúir neamhfhorleathana. Tá súil agam go n-éireoidh leis an mBiúró dul chun cinn fiúntach a dhéanamh sna blianta atá romhainn.
Tá obair mhór le déanamh ag muintir na hÉireann más mian leo an áit is dual di i saol na tíre seo a bhaint amach arís don Ghaeilge. Ní dualgas é sin a bhaineann leis an Rialtas amháin, ná leis an Stát amháin ná leis an gcóras oideachais amháin cé go bhfuil a dtacaíocht siúd riachtanach. Is dualgas é a bhaineann le gach mac máthar agus iníon athar sa tír. Is mithid dúinn uile é sin a aithint go soiléir agus an iarracht phearsanta leanúnach a dhéanamh chun an teanga a labhairt gach uair is féidir agus glacadh le gach deis chun í a chur chun cinn.
Is deimhin liom nach miste bheith ag brath ar Theachtaí chun iarracht mar sin a dhéanamh agus iarraim orthu glacadh leis an Meastachán seo mar chabhair chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.